An Bhratach Ghorm ag 10 dtrá Ghaeltachta, ach í caillte ag ceann amháin

Tá An Bhratach Ghorm caillte ag trá in Inis Mór de bharr na srianta Covid-19 ach táthar ag súil í a fháil ar ais roimh dheireadh na bliana

An Bhratach Ghorm ag 10 dtrá Ghaeltachta, ach í caillte ag ceann amháin

Tá an Bhratach Ghorm caillte ag trá in Inis Mór mar nach féidir le garda tarrthála a bheith i láthair ar an trá de bharr na srianta a bhaineann le Covid-19.

Bronnadh an bhratach ar 80 trá agus ar 10 muiríne ar fud na tíre inniu, ach níor éirigh le trá Chill Mhuirbhigh in Inis Mór an stádas a choinneáil i mbliana.

Agus cosc ar dhaoine taisteal go dtí an t-oileán de bharr an choróinvíris, ní fhéadfaí garda tarrthála a fháil don trá, rud a d’fhág go bhfuil an Bhratach Ghorm caillte aici.

Dúirt giúiré na Brataí Goirme go raibh sé mí-ámharach nach bhféadfaí an bhratach a ardú i gCill Mhuirbhigh de bharr na srianta Covid-19. Ach dúirt siad go raibh seans ann go bhféadfaí an Bhratach Ghorm a bhronnadh ar an trá dá n-éireodh leo na critéir uile a chomhlíonadh níos deireanaí sa samhradh.

Chaill Trá Inis Oírr amach ar ghradam an Chósta Ghlais i mbliana ar an gcúis chéanna. Ní fhéadfaí garda tarrthála a fháil ansin ach an oiread ach, arís, meastar go mbeidh seans acu an gradam a fháil níos deireanaí i mbliana má thagann athrú ar chúrsaí.

D’éirigh le trá eile in Inis Oírr, Poll na gCaorach, gradam an Chósta Ghlais a fháil do 2020.

Bronnadh an Bhratach Ghorm ar 10 dtrá Ghaeltachta inniu, péire i nDún na nGall, péire i nGaillimh, trí cinn i Maigh Eo agus trí cinn i gCiarraí.

Tá an Bhratach ar cheann de na gradaim is mó aitheantas ar domhan ó thaobh cúrsaí timpeallachta de. Leagtar síos critéir lena ndéantar measúnú ar chaighdeán an uisce, ar sholáthar eolais agus oideachas comhshaoil, ar chúrsaí sábháilteachta agus bainistíochta.

 

Chomh maith leis na Bratacha Gorma, bronnadh gradam an Chósta Ghlais ar 11 trá Ghaeltachta. Tugann gradam an Chósta Ghlais aitheantas d’iarrachtaí an phobail an láthair a choinneáil glan.

Bhí trá Bhaile na Sceilg in Uíbh Ráthach ar cheann de chúig thrá ar fud na tíre a bhain stádas na Brataí Goirme agus stádas an Chósta Ghlais amach i mbliana.

Tránna Gaeltachta a fuair an Bhratach Ghorm
Dún na nGall An Charraig Fhinn
Na Dúnaibh
Gaillimh An Trá Mhór (Indreabhán)
Trá an Dóilin (An Cheathrú Rua)
Maigh Eo Dumha Éige
An Mullach Rua
Cuan Oilí
Ciarraí Doire Fhíonáin
Baile an Sceilg
Fionntrá

 

Tránna Gaeltachta a fuair gradam an Chósta Ghlais
Dún na nGall Dumhaigh
Machaire Rabhartaigh
Droim na Tine
Baile Thiarnáin
Gaillimh Poll na gCaorach, Inis Oírr
Maigh Eo An Tearmann
Trá na Croise
Trá na Sraithe
Port an Chlóidh
Ciarraí Béal Bán
Baile an Sceilg

Fág freagra ar 'An Bhratach Ghorm ag 10 dtrá Ghaeltachta, ach í caillte ag ceann amháin'