An Bhrasaíl ag iarraidh toradh gan choinne eile a sheachaint agus scéal ‘OneLove’

Níor éirigh rómhaith le himreoirí na Gearmáine ina gcéad chluiche inné ach thuill siad moladh as an seasamh a ghlac siad roimh an gcoimhlint in aghaidh na Seapáine

An Bhrasaíl ag iarraidh toradh gan choinne eile a sheachaint agus scéal ‘OneLove’

Cluichí

An Eilvéis v Camarún – 10.00rn (Grúpa G)
Uragua v An Chóiré Theas – 1.00in (Grúpa H)
An Phortaingéil v Gána – 4.00in (Grúpa H)
An Bhrasaíl v An tSeirbia – 7.00in (Grúpa G)

Rogha an Lae

7.00in (Grúpa G)

Agus cliste ar chuid de na foirne is láidre, nó a measadh ba láidre, sa chomórtas go dtí seo, ba cheart go mbeadh an Bhrasaíl dírithe go hiomlán ar an dúshlán atá rompu tráthnóna agus iad ag cur tús lena bhfeachtas ag Corn an Domhain 2022.

Tá torthaí dochreidte feicthe againn le cúpla lá anuas, an ceann is fearr faighte ag an Araib Shádach ar an Airgintín agus an Ghearmáin cloíte ag an tSeapáin. Tabharfaidh sin spreagadh don tSeirbia iad anois ag iarraidh an ceann is fearr a fháil ar an bhfoireann is láidre sa chomórtas, dar le go leor.

Tá cuma níos láidre ar an tSeirbia ná mar a bhí ar an Araib Shádach ná ar an tSeapáin roimh thús an chomórtais áfach, agus ba cheart go gcuirfí tástáil cheart ar an mBrasaíl. Imreoirí cumasacha iad Aleksandar Mitrovic, Dusan Vlahovic agus Dusan Tadic agus cuirfear brú ar chosantóirí na Brasaíle, a bhfuil daoine in amhras fúthu.

Mar sin féin, ar an taobh eile den pháirc is láidre an Bhrasaíl ná nach mór aon dream eile ag an gcomórtas. Is é Neymar laoch na foirne ach tá Vinícius Jr, Gabriel Jesus, agus Gabriel Martinelli ag imirt ar fheabhas i láthair na huaire agus ní haon drochroghanna iad Raphinha, Antony, Richarlison ná Rodrygo ach an oiread.

Scéal mór déanta de bhanda beag ag FIFA

Níor éirigh rómhaith le himreoirí na Gearmáine ina gcéad chluiche inné ach thuill siad moladh go fóill as an seasamh a ghlac siad ar son phobal LADTA roimh thús a gcluiche in aghaidh na Seapáine.

Agus iad ag seasamh do ghrianghraf roimh an gcluiche, chlúdaigh imreoirí uile na Gearmáine a mbéal lena lámha lena léiriú gur bhraith siad go raibh siad á gcur ina dtost ag FIFA.

Bhí an Ghearmáin ar cheann den seacht bhfoireann Eorpacha a raibh cinneadh déanta acu an banda ‘OneLove’ a chaitheamh le linn a gcluichí sa Chatar. Comhartha tacaíochta ar son na héagsúlachta a bhí i gceist leis an mbanda a bhí le caitheamh ag captaein na Gearmáine, Shasana, na Beilge, na hÍsiltíre, na Breataine Bige, na Danmhairge agus na hEilvéise.

Nuair a bhagair FIFA go ngearrfaí pionós orthu siúd a chaithfeadh an banda, géilleadh gan é a chaitheamh sa deireadh. Tuairiscítear go bhfuil cónaidhm sacair na Gearmáine anois chun an dlí a chur ar FIFA as an gcinneadh gan cead a thabhairt d’imreoirí an banda a chaitheamh.

Ábhar mór conspóide ab ea an chaoi a gcaitear leis an bpobal LADTA sa Chatar roimh thús an chomórtais. Tá caidrimh chomhghnéis in aghaidh an dlí sa Chatar agus cé gur tugadh gealltanais roimh an gcomórtas go mbeadh cead ag daoine a bhí ag freastal ar chluichí bratacha bogha báistí agus comharthaí LADTA eile a thabhairt leo go dtí na cluichí, tuairiscítear go bhfuil a leithéidí á mbaint de dhaoine lasmuigh de na staideanna.

D’éirigh le hAire Gnóthaí Baile na Gearmáine, Nancy Faesar, a banda a thabhairt isteach, áfach, agus bhí sé á chaitheamh aici agus í ina suí díreach in aice le hArd-Rúnaí FIFA, Gianna Infantino, don chluiche idir an Ghearmáin agus an tSeapáin.

Comhartha beag simplí tacaíochta a bhí sa bhanda ‘OneLove’ ach tá FIFA agus Catar anois tar éis scéal mór a dhéanamh de.

Fág freagra ar 'An Bhrasaíl ag iarraidh toradh gan choinne eile a sheachaint agus scéal ‘OneLove’'