Bhuel, níorbh aon Dunkerque ag an Bhreatain é an Breatimeacht ach ní léir gur lá glórmhar D-Day é ach an oiread.
Thug Nigel Farage le fios go raibh sé sásta leis an mhargadh nua idir an Ríocht Aontaithe agus an tAontas Eorpach – ach go raibh imní air faoi ghnéithe áirithe de. Tá an grúpa Bow, brúghrúpa i measc na dTóraithe, míshása faoin mhargadh ar fad mar nach leor é. Mar sin féin, tá an chosúlacht ar an scéal go bhfuil níos mó daoine sa Bhreatain buartha faoi na coinníollacha nua dianghlasála ná mar atá siad faoin Bhreatimeacht anois.
Tá míreanna spéisiúla le feiceáil faoi ghnéithe den Bhreatimeacht sna meáin thall agus abhus, píosaí a sheachnaíonn histéire. Bhí píosa an-bhreá ag Brian Wilson ar The Scotsman faoi chúrsaí iascaireachta, gné amháin den Bhreatimeacht a bhí ina cnámh spáirne idir an Bhreatain agus an Bhruiséil.
(Tuigeann muid anois cad chuige nach raibh an tAontas Eorpach ag iarraidh an Bhreatain a scaoileadh chun bealaigh; bhí ní ba mhó le cailleadh ag an Aontas ná mar a bhí le cailleadh ag an Bhreatain.)
Alt stuama eolach a bhí ann ag Wilson inar chuir sé síos ar staid na hiascaireachta in Albain agus ar na dúshláin atá roimh an earnáil. Ba le cúig theaghlach, a scríobh sé, leath de chuóta an éisc sa tír agus deacrachtaí dá réir sin ag iascairí beaga áitiúla slí bheatha a bhaint amach.
“Bua” a bhí sa mhargadh, a dúirt duine amháin san earnáil leis, murab ionann agus “bua mór”. Scríobh sé faoi na bádaí iascaireachta a bhí ar obair sna farraigí in aice leis, bádaí a bhí cláraithe in Albain ach a raibh foireann agus úinéirí eachtrannacha orthu. Thabharfadh an socrú nua seans sa bhreis d’iascairí beaga sna bliantaí a bhí le teacht. Bheadh gá le tacaíocht pholaitiúil ó Dhún Éideann leis an deis sin a thapú, a scríobh Wilson, leis na trálaeir bheaga a chothú agus obair a chur ar fáil don mhuintir óga le go mbeadh siad in ann cónaí a dhéanamh ina gceantair féin.
(Cuimhnigh, dála an scéil, gur bád cosanta iascaireachta de chuid na hAlban a chuir cosc ar an trálaer Éireannach sin ag Rocal.)
An bhfuil uaigneas ar Ultaigh i ndiaidh an Bhreatimeachta? Bhí tuairiscí meáin sa Tuaisceart ar na deacrachtaí a bhí na rialacha nua a chothú do lucht leoraithe; bhí roinnt earraí nach raibh le fáil in ollmhargaí agus i siopaí áitiúla mar gheall ar an teorainn nua trádála farraige idir an Bhreatain agus Éirinn.
Bhí roinnt rudaí gann ar sheilfeanna Sainsbury’s cheana féin, a thuairiscigh an BBC, ach ní i bhfad a mhairfeadh sin, a dúirt lucht Sainsbury’s. Dúirt an BBC go raibh Sainsbury’s le hearraí a cheannach ó Spar, dream a cheannaigh a gcuid bainne, mar shampla, go háitiúil sa Tuaisceart.
Beidh de thoradh air sin, mura bhfuil dul amú ar fad orm, go mbeidh borradh faoi thionscal an bhainne go háitiúil. Rud maith é sin, shílfeá, díbhinn, le focal a úsáid atá ceangailte go docht le próiseas (síoraí) na síochána faoin am seo.
Mar sin féin, níl gach aon pholaiteoir aontachtúil ná dílseoir sásta leis an DUP mar gheall ar an teorainn nua farraige. Tá an socrú úr i ndiaidh an t-aontas a lagú agus cúrsaí eacnamaíochta idir Tuaisceart agus Deisceart a láidriú, creideann siad.
Díbhinn eile, mar sin, más náisiúntóir tú.
Aidh, tá an Breatimeacht i ndiaidh cúis Éire aontaithe a chur chun cinn níos éifeachtaí ná aon ghluaiseacht pholaitiúil eile. Pléigh!
Is olc an ghaoth nach séideann…
Tóraíocht na dTonn
Níl deireadh leis an mhiotaseolaíocht Cheilteach, ach, an iarraidh seo, ní Diarmuid agus Gráinne a spreagann an tochmharc ach Dale agus Jessica. Thug Dale Mac Lochlainn – is maith mar a fhóireann an t-ainm – thug Dale dána ruathar mara as Albain roimh an Nollaig le cuairt gan choinne a thabhairt ar a ghrá geal, Jessica, a bhí ina cónaí ar Oileán Mhanann.
Ar fheithicil bheag scairdsciála a rinne Mac Lochlainn an turas contúirteach farraige agus bhí an t-ádh air nár bádh é. Bhain sé talamh tirim amach slán sábháilte agus rinne seal cuartaíochta le Jessica. Ar an drochuair, ghabh na húdaráis é as a ghaisce nó bhí coinníollacha dianghlasála i bhfeidhm ar an oileán tráth an turais agus gan cead ag eachtrannach, Albanach ná Lochlannach féin, cos a leagadh ar thailte Mhic Lir. Mar sin féin, is cuma leis nó tá sé féin agus Jessica anois idir dáil agus pósadh.
Scéal de chuid na Fiannaíochta atá ann gan amhras; Dale ar a each uisce agus é ag treabhadh na dtonn ar son na mná i bhfad i gcéin. Imram an Albanaigh atá ann, Scéal na Scairdsciála, Tochmharc an dá Thír, Eachtra Ainnir an Oileáin, Tóraíocht na dTonn, Seanchas na Spéirmhná Thar Sáile.
B’fhiliúnta an gníomh é gan cheist agus tá ábhar dáin agus amhráin ann. Is é an donas é go dtugann Dale dúshlán gach aon fhir anois – ní leor bláthanna agus bosca Roses ón gharáiste do do ghrá geal feasta. Beidh ort, ar a laghad, an Life a thrasnú i gcurach nó cadhcáil síos an tSionainn.
MacAnRí
píosa scribhneoireacht iontach é seo..greannmhar agus spreagúil…Tóraíocht na dTonn…GRMA