An bhfuil suíochán ligthe le sruth ag Fianna Fáil i gConamara?

Tá Josie Conneely ag seasamh mar Neamhspleách de bharr cinneadh a rinne Fianna Fáil faoi vótaí ag coinbhinsiún i gConamara

An bhfuil suíochán ligthe le sruth ag Fianna Fáil i gConamara?

Pictiúr: Leah Farrell / RollingNews.ie

Tá an deis mhaith a bhí acu ar an dara suíochán Comhairle Contae i gConamara Thuaidh curtha i mbaol ag Fianna Fáil de bharr na socruithe aisteacha a rinneadar ag an gcoinbhinsiún a bhí acu sa Teach Dóite le déanaí. Fágfaidh socruithe an choinbhinsiúin lorg mór ar an bhfeachtas toghchánaíochta i gConamara Thuaidh as seo go lá an chomhairimh sa mBealtaine seo chugainn.

Ar chúis éigin nach bhfuil soiléir, socraíodh go gcoinneofaí baill den pháirtí as ceantar Uachtar Ard, Chill Aithnín agus Chaladh na Muc as an vótáil agus fágadh an rogha idir Josie Conneely, iarchomhairleoir contae, agus Gerard King. As Baile Conaola an bheirt.

Bhuaigh Gerard King an vóta sin agus 110 vóta in aghaidh 99 aige. D’fhág sin gurb iad an Comhairleoir Contae, Séamas Breathnach as Uachtar Ard agus Gerard King iarrthóirí Fhianna Fáil sa toghchán i gConamara Thuaidh. Ach d’fhág an bealach ar socraíodh an córas vótála blas searbh i mbéal chuid mhaith ball den pháirtí

Bhí vótaí ag tuairim is dhá scór ball den pháirtí ar imeall thoir an toghcheantair, sin é Cill Aithnín, Uachtar Ard agus Caladh na Muc. Tá tuairimíocht ann go mbeadh tacaíocht sách láidir sa taobh sin tíre ag Josie Conneely agus go mbeadh seans ann go bhfaigheadh sé an lámh in uachtar dá mbeadh cead ag na baill sin a bheith sa gcomhaireamh.

Níl a fhios ag aon duine é sin agus ní bheidh a fhios go deo mar nár tugadh cead vótála dóibh.

Tá sórt údar luaite leis an gcinneadh agus sin go raibh an Comhairleoir Contae, Séamas Breathnach as Uachtar Ard roghnaithe roimh ré agus, dá réir sin, go raibh vótaí cheantar Uachtar Ard ‘caite’ cheana féin. Leithscéal sách bacach atá ann agus níl sampla ar bith eile den chóras sin feicthe ag aon choinbhinsiún de chuid Fhianna Fáil sa gcontae do thoghchán na Bealtaine seo chugainn.

I gceantar Thuama, mar shampla, chonacthas ansin gurbh éigean do Chomhairleoirí Contae atá istigh ar an gComhairle faoi láthair, agus do gach a raibh ann, a bheith páirteach in aon bhabhta vótála amháin. Go deimhin, ba ar ín ar éigean a d’éirigh leis an gComhairleoir Mary Hoade ainmniúchán a fháil ach caithfear a chur san áireamh go raibh sí tagtha isteach as toghcheantar eile. Níor tharla sé in aon áit eile sa gcontae gur stopadh roinnt ball ó bheith páirteach sa vótáil.

Is é a thús agus a dheireadh ná go bhfuil socrú déanta anois ag Josie Conneely as Baile Conaola, duine de na baill is aitheanta ag Fianna Fáil i gConamara le scaitheamh maith blianta, go mbeidh sé san iomaíocht mar iarrthóir neamhspleách.

Is léir go gcreideann go leor daoine, taobh istigh agus taobh amuigh d’Fhianna Fáil, nár tugadh cothrom na Féinne dó ag an gcoinbhinsiún. I mbeagán focal, tá sé in ann údar láidir polaitiúil a thabhairt lena chinneadh an cosán neamhspleách a thriail. Ní féidir le Fianna Fáil, mar pháirtí, aon duine a lochtú faoi seo ach amháin iad féin.

Dá mbeadh cead vótála ag chuile bhall, ní bheadh cead cainte ag duine ar bith nár éirigh leis, ach tá an cead sin acu anois.

Cén deireadh a bheidh ag an scéal?

Tá an toghchán scaitheamh beag uainn fós agus is iomaí sin cor agus casadh a bheidh ar bhóithre na polaitíochta i gConamara as seo go Bealtaine. Ina dhiaidh sin féin, is fada é Josie Conneely ag plé leis an bpolaitíocht agus cé go bhfuil dhá thoghchán caillte aige, bhí os cionn deich mbliana caite aige ar an gComhairle Contae roimhe sin. Bhí 1,200 vóta ag Conneely i gceann de na toghcháin sin a chaill sé agus easpa aistriúchán a chniog é an iarraidh sin.

Seo é an chéad uair ag Gerard King a bheith san iomaíocht agus tá buille mór faighte aige anois i dtús an fheachtais agus a chomharsa ina pharóiste féin a bheith ag tréigean Fhianna Fáil.

Bhíodh King ag imirt rugbaí do chumann Chonamara ach níl aon chleachtadh mór aige go fóill ar ghníomhaíocht phobail ná gníomhaíocht phoiblí.

Tá ceantair Ghaeltachta (Camas, Ros Muc, Iorras Aithneach, Dúiche Sheoigeach, Inis Ní, Bun na gCnoc agus cuid den Chaiseal) chomh maith le ceantair Ghalltachta sa toghcheantar seo agus is cosúil gur taobh amuigh den Ghaeltacht a bhuafar formhór na suíochán.

Meastar go mbeidh suíocháin ag Eileen Mannion (Fine Gael) agus ag Thomas Welby (Neamhspleách). De bharr a bhfuil de dhaonra i gceantar Uachtar Ard agus as sin soir go Caladh na Muc, ba cheart go mbeadh suíochán ag Séamas Breathnach (Fianna Fáil) cé nach raibh ach cúpla míle vóta ag Fianna Fáil i gceantar thuaisceart Chonamara sa toghchán deireanach. Ach ó tharla an Comhairleoir Niamh Byrne a bheith imithe go Conamara Theas, beidh níos mo scóip ag an mBreathnach anois.

Beidh suíochán eile le líonadh sa gClochán agus sa gceantar máguaird. Saothróidh an Comhairleoir Thomas Healy (Sinn Féin) é agus an suíochán a choinneáil. Tháinig sé isteach cheana nuair a tháinig go leor aistriúchán a threo as Conamara Theas ach níl an cúltaca sin aige an iarraidh seo.

Más mar sin é, agus an toghchán ann i ndeireadh na Bealtaine, d’fhéadfadh an ceathrú suíochán a bheith idir Gerard King agus Josie Conneely.

D’fhéadfadh an lorg a d’fhág socruithe an Tí Dhóite ar chúrsaí a bheidh cinniúnach sa deireadh.

Fág freagra ar 'An bhfuil suíochán ligthe le sruth ag Fianna Fáil i gConamara?'