Scéal earraigh is ea é, dar le Lucht Oibre na Breataine agus Sinn Féin. Seafóid, arsa an Lucht Oibre, ab ea tuairisc go raibh siad ag iarraidh tacaíocht sa pharlaimint ó Shinn Féin tar éis an toghcháin sa Bhealtaine. Deargsheafóid ab ea é, dar le Sinn Féin, go dtabharfaidís droim láimhe le croípholasaí agus go nglacfaidís lena suíocháin i Westminster.
Níor stop sé sin na Tóraithe. Nuair a thug an nuachtán The Sun mar fhéirín dóibh é, thapaigh páirtí David Cameron an deis scéal reacaire an úafáis a dhéanamh de. Páirtí Ed Milliband ag caint le Sinn Féin faoi chomhghuaillíocht! Cor níos scanrúla ná margadh le Náisiúnaithe na hAlban! Chuir na Caomhaigh pictiúir de Milliband, Alex Salmond agus Gerry Adams ar tvuít agus ar phóstaer, iad ag tuar go mbeadh an Ríocht Aontaithe ina cíor thuathail faoin tríréad sin. Daoscarpholaitíocht ab ea an phoiblíocht sin, dar leis an Lucht Oibre.
Díol suntais ab ea é go raibh i bhfad níos mó cainte sa Bhreatain faoi sheasamh Shinn Féin i leith Westminster ná mar a bhí abhus. Baineann sé leis an nguagacht sa pholaitíocht ar an oileán béal dorais, sceoin faoi pharlaimint gan tromlach.
Is go mall agus go drogallach atá na mórpháirtithe ag dul i ngleic le coincheap an chomhrialtais. Thabharfadh dearcadh an Phríomh-Aire Cameron ar a chomhghleacaí, Nick Clegg , a pháirtí sa chomhrialtas, chun cuimhne breithiúnas Albert Reynolds ar an gcéad chomhrialtas ag Fianna Fáil “a temporary little arrangement”. Is iad na vótóirí a dhéanann an cinneadh.
Measann tráchtairí sa Bhreatain gur polasaí inathraithe is ea neamhfhreastal Shinn Féin ar Westminster. Deir an páirtí gur prionsabal poblachtach dosháraithe é. Meabhraíonn lucht a gcáinte do Shinn Féin go raibh neamhfhreastal ar Theach Laighean dosháraithe tráth. An bhfuil freastal ar Westminster doshamhlaithe mar sin? Is é freagra Shinn Féin ar an gceist sin gur mór idir a bhfeachtas Uile-Éireann agus freastal ar Pharlaimint a dteastaíonn uathu deireadh a chur lena gcumhacht abhus.
Céard a bheadh le gnóthú ag SF as a suíocháin a thógáil i dTeach na dTeachtaí? Ní léir gurbh fhiú an tairbhe an trioblóid. Le cúig nó sé suíocháin as 650 cén tionchar a bheadh acu?
Tá ochtar feisirí ag an DUP faoi láthair, an ceathrú páirtí is mó sa Pharlaimint, agus níor chuimhnigh éinne orthu nuair a bhíothas ag caint faoi dhíospóireacht idir na Tóraithe, LO, Lib Dem, UKIP agus an Comhaontas Glas.
Maítear go raibh Cameron ag suirí leis an DUP le breis is bliain, go mb’fhéidir go mbeadh tábhacht leo mar thaca do rialtas nó mar an tríú páirtí i gComhaireacht ach thóg sé seachtainí ar an bPríomh-Aire tagairt a dhéanamh dóibh i dtaca leis na díospóireachtaí.
Thairis sin, chothódh sé achrann inmheánach i Sinn Féin dá n-éireoidís as staonadh de Westminster. Céim iomarcach a bheadh ann, dar le go leor dá lucht tacaíochta. Cúl le cine, a dúirt cuid acu.
Dúirt fear i mBéal Feirste go gcoinníonn sé greim ar a shrón is é ag tacú le hionadaithe i Stormont ach nach dtabharfadh sé vóta go deo arís dóibh dá nglacfaidís lánpháirt i Westminster. Maíodh freisin go neartódh céim den tsórt sin na heasaontóirí poblachtánacha agus go gcuirfí an tsíocháin i mbaol.
Seans nach mbeadh an chéim chomh conspóideach sin sa Phoblacht. Meastar go mb’fhéidir go bhfaigheadh SF aistrithe nach dtagann ina dtreo faoi láthair. Ach tharlódh go gcaillfidís oiread is a bhuafaidís. Ní cosúil go bhfuil aon rún acu gabháil sa seans. Níl sioscadh ná ráflaí san aer faoi ullmhúchán le haghaidh freastal ar Westminster.
Is dual do Shinn Féin a lucht leanúna a “ullmhú” sula nglacfaidh siad céimeanna móra – díchoimisiúnú an IRA, taca don PSNI agus a leithéidí. Ní léir go bhfuil teaictic déanta as an bprionsabal áirithe seo ná go ndéanfar go luath é.
Peadar Tóibín
Níl