An bhfuil sé in am tosú ag caint ar an ‘múisc-rugbaí’?

Cé nach baileach gurb é an bóthar céanna atá á thaisteal ag an rugabaí agus atá ag an bPeil Ghaelach, cuir i gcás, is beag idir an sprioc atá acu

Johnny Sexton. Pictiúr:  ©INPHO/Colm O'Neill
Johnny Sexton. Pictiúr: ©INPHO/Colm O’Neill

Ní baileach go bhfaca mé an téarma ‘múisc-rugbaí’ scríofa in aon áit fós, ach tá míshuaimhneas faoin treo ina bhfuil an cluiche ag dul le brath san aer tar éis dÉirinn an bua a fháil ar an bhFrainc i gCraobh na 6 Náisiún Dé Sathairn seo caite. 

Cé go bhfuil an dá chluiche atá imeartha acu buaite ag Éirinn, ba bheag den imirt spleodrach, chruthaíoch a facthas uathu roimhe seo le feiceáil – ceist eile is ea ar chóir a bheith ag súil lena leithéid.

Níor scóráladh aon úd sa mbua ar na Francaigh (18-11) agus bhí an Iodáil taobh le ceathrar déag nuair a fuair Éire an dá úd a scóráil siad ina n-aghaidh siúd – 65 nóiméad caite ag na foirne ag battaráil a chéile sular scóráil Conor Murray agus Tommy O’ Donnell na húdanna a thuill an bua 32-6.  Cruinneas ciceála Ian Keatley ba chúis leis an gcuid eile den scóráil, díreach mar a rinne Johnny Sexton agus Ian Madigan an ghaisce eatarthu in aghaidh na Fraince.

Gan an luí ná an cumas a bheith sna hÉireannaigh gluaiseachtaí a chur le chéile a thiocfaidh isteach i réimse an fhreasúra na hábhair chlamhsáin is mó atá feicthe nó cloiste agam. Oiread agus uair amháin níor tharla a leithéid in aghaidh na Fraince agus faoi thrí a tharla sé in aghaidh na hIodáile.

Ina cholún san Irish Times an tseachtain seo caite, dúirt an t-iarimreoir idirnáisiúnta Alan Quinlan go mba léir gur seachaint a dhéanamh ar an gcliseadh an chloch ba mhó ar a bpaidrín ag Éirinn agus ag na foirne atá imeartha acu go dtí seo,  seachas a bheith ag díriú ar é a bhuachaint. “Lots of shadow-boxing, lots of eyeing each other up at arm’s length and nobody going for the kill. And it has made for rugby that is not easy on the eye.”

Ní hamhlaidh a bhí Quinlan ag leagan an mhilleáin go hiomlán ar imreoirí na hÉireann, ná ar an modh imeartha atá glactha chuige féin ag a gcóitseálaí Joe Schmidt.

“We’ve seen plenty of Joe Schmidt teams play exciting rugby so we know it’s not a matter of him being stubborn and only wanting to play the game in a dull way. What I think people are missing out on is the pressure Schmidt puts on players not to make mistakes”, a deir Quinlan.

Máistir scoile ab ea Schmidt lá den tsaol, ar ndóigh, agus de réir dealraimh, measann Alan Quinlan go bhfuil cuid den nósmhaireacht i gconaí ag Joe a chleacht sé agus é i mbun ceartúcháin ar chóipleabhair Bhéarla sa Palmerston North Boys’ High School sa Nua Shéalainn 25 bliain ó shin.

Tharlódh go bhfuil an ceart ag Alan freisin, mar is beag bainisteoir nó cóitseálaí ar m’eolas in aon cheann de na cluichí spóirt gairimiúla a mbíonn oiread cainte ar bhotúin acu agus a bhíonn ag Joe.

Tá sé beagnach dhá bhliain ó tháinig sé i gceannas na foirne agus bíodh sé buaiteach nó caillteach, ní minic a dhéanann Schmidt ainilís ar chluiche atá imeartha ag a fhoireann, nó a thabharfaidh sé réamhthuairim ar cheann atá le teacht, gan tagairt a dhéanamh don tábhacht a bhaineann le botúin a sheachaint.

Ní féidir milleán a thabhairt dó faoi sin mar go bhfuil iomlán an chirt aige – mura ndéanann foireann botúin, ní bhuailfear iad. Ach mar a thugann Alan Quinlan agus go leor eile a bhfuil imní orthu faoin treo ina bhfuil an rugbaí ag gluaiseacht le fios, níl an scéal chomh simplí leis sin.

Cé nach baileach gurb é an bóthar céanna atá á thaisteal ag an gcluiche agus atá ag an bPeil Ghaelach, cuir i gcás, is beag idir an sprioc atá acu beirt.  Sin do chéilí comhraic a mheilt faoi mar a dhéanfá mionú ar phíosa mairteola – trína bplúchadh le síorghluaisteacht agus athchúrsáil i gcás an chluiche dhúchasaigh agus trí neart a ngéag, i gcás an rugbaí.

Ar an bpáirc ag an bhFrainc Dé Sathairn seo caite, bhí beirt fhrapaí agus tosach eile a bhí 63 cloch mheáchain (400k) eatarthu. Ar chúl uathu, tá Mathieu Bastareaud, atá scór cloch. Níorbh iontas oiread cainte a bheith déanta roimh thús na himeartha ar chroitheadh a bhaint as Johnny Sexton!

Ní hé Joe Schmidt a roghnaigh na himreoirí sin, ach is aige atá a theacht ar phlean le dul i ngleic leo agus is é bun agus barr an scéil go bhfuil an dá chluiche atá imeartha ag Éirinn i gCraobh na 6 Náisiún buaite acu, cead agamsa, ag Alan Quinlan agus ag ár leithéidí a bheith ag cur agus ag cúiteamh faoin gcaoi ar tharla sin.

Is minic a chuid fealsúnachta féin mínithe ag cóitseálaí na hÉireann agus gan aon séanadh aige ar an tionchar atá ag a chúlra san oideachas air sin. Deir sé nach mór don imreoir agus don duine rud eicínt a fhoghlaim as na hócáidí is mó a fhágann i sáinn é. Is minic le Schmidt freisin an fealsúnaí Aristotle a lua. “We are what we repeatedly do; excellence is not an act, but a habit”, a dúirt sé le mic léinn in Ollscoil na Gaillimhe anuraidh.

Ní móide gur chóir a bheith ródhuairc ach an oiread faoina bhfuil i ndán don rugbaí. Agus dhá bhabhta imeartha i gCraobh na 6 Náisiún 2015, tá úd sa mbreis scóráilte i mbliana (19) seachas mar a bhí an taca seo anuraidh.

Sa mullach air sin, ba ar dhá fhoireann a bhí thar a bheith téagartha a thug Éirinn aghaidh sna cluichí atá imeartha acu féin.

Agus inseoidh mé rud eile duit. Más leis an mbróg a thagann an scóráil ar fad a dhéanfaidh Éirinn in aghaidh Shasana Dé Domhnaigh seo chugainn agus go fiú mura mbeidh ann ach ceann amháin acu sin, maithfear a pheacaí ar fad don choitseálaí, ach an bua a bheith againn ar Shasana!

Fág freagra ar 'An bhfuil sé in am tosú ag caint ar an ‘múisc-rugbaí’?'

  • padraig o donnchu

    Fior dhuit a Mhairitn, an bua a fhail ar Shasana agus beidh siad a moladh agus a n-ardach fein fiu go cranna na greine againn. Ait liom nar luaigh tu ‘an comhtholgadh’, dhobair do Bastardreau cloigeann Johnny Sexton a phleascadh cupla babhta sa chluiche sin aris. Tuige nach gcuireann Schmidt cogar i gcluais Johnny chun a ra leis clogad a chaitheamh, ni bheadh ar gcroi inar mbeal againn ansin gach uile uair a thugann se fogha fe na fathaigh arrachtacha, ainspianta sin..crrrrunch! Na fanadh se .i. Schmidt go mbeidh a chloigeann ina phoca ag JS.

  • padraig o donnchu

    ‘Is minic le Schmidt freisin an fealsúnaí Aristotle a lua. “We are what we repeatedly do; excellence is not an act, but a habit”, a dúirt sé le mic léinn in Ollscoil na Gaillimhe anuraidh.’
    Na bhi se raite riamh as Ga…taithi a dheanann maistreacht!