An bhfuil rabharta coróinlitríochta as Gaeilge ar an mbealach?

LÉAMH AGUS SCRÍOBH: An tseachtain seo: an mbáfar sinn faoi shúnámaí leabhar le teidil ar nós ‘An Samhradh Nár Tháinig Na Gaeilgeoirí – Cuntas Mná Tí’?

An bhfuil rabharta coróinlitríochta as Gaeilge ar an mbealach?

Má cheapann tú go bhfuil an coróinvíreas go dona, tá ráig níos measa fós ag teacht.

Más fíor na tuairiscí ó shaol na foilsitheoireachta, tá rabharta leabhar faoin gcoróinvíreas ar an mbealach.

Go deimhin, tá sé tosaithe cheana féin. Tá ‘How Contagion Works’, aiste fhada leis an úrscéalaí ón Iodáil, Paolo Giordano, ar fáil le mí anuas. Ar Covid-19 agus ar chontúirt an údarásaíochais a dhíríonn Giordano sa leabhar sin, a scríobh sé in achar fíorghairid agus a thír faoi dhianghlasáil.

Níl ann ach go raibh Giordano chun cinn ar an slua. Is gearr go mbeidh saothar dar teideal ‘Pan(dem)ic!’ amuigh ag an fealsamh faiseanta as an tSlóivéin, Slavoj Žižek, agus tá ‘Wuhan Diary’, ó pheann an úrscéalaí ón tSín, Fang Fang, ar fáil go digiteach cheana féin.

Agus más aon fhianaise an t-alt seo ar an New York Times, beidh saothair le teidil ar nós ‘Patient Zero’, ‘Going Dark’, ‘How We Live Now’ agus ‘Quarantine! How I Survived the Diamond Princess Coronavirus Crisis’ ag plúchadh na seilfeanna nuair a osclóidh na siopaí leabhar arís. 

Aistí eitice, saothair eolaíochta dírithe ar an mórphobal, leabhair fhéinchabhracha, cnuasaigh filíochta agus cuimhní cinn pearsanta a bheidh sa chéad chuid den rabharta coróinlitríochta atá romhainn ach is cinnte go mbeidh leabhair ficsin chugainn in am trátha; níl ann ach go dtógann sé níos mó ama leabhar ficsin a scríobh ná leabhar neamhfhicsin.

Cloisim, leis, go mbeidh an chéad leabhar i nGaeilge a bhféadfaí lipéad na coróinlitríochtia a bhualadh anuas air ar fáil gan mhoill. Creid é nó ná creid, daltaí bunscoile atá á scríobh.

Píosaí scríbhneoireachta ó dhaltaí Rang a 6 i scoileanna Gaeltachta ‘faoi théamaí a bhaineann lena mblianta sa bhunscoil agus an deireadh gan choinne a tháinig leo’ a chnuasófar sa togra seo atá ar bun ag Tuismitheoirí na Gaeltachta. 

Ní dócha, áfach, go mbáfar léitheoirí na Gaeilge faoi thonn leabhar le teidil ar nós ‘Leadrán i Leitir Mealláin – An Scaradh Sóisialta i gConamara’ nó ‘An Samhradh Nár Tháinig na Gaeilgeoirí – Cuntas Mná Tí’.

Cnuasach filíochta nó dhó as an áireamh, is í tuairim na coitiantachta in earnáil na foilsitheoireachta Gaeilge nach mbainfidh an rabharta coróinlitríochta litríocht na Gaeilge amach go ceann cúpla bliain – má bhaineann.

Tá cúis shimplí leis sin, ar ndóigh: níl na hacmhainní daonna (ná eile) ag foilsitheoirí na Gaeilge leabhar a chur amach faoi dheifir, mar atá ag foilsitheoirí an Bhéarla agus mórtheangacha eile.

Ní haon dochar é sin.

Dar liom féin go mbeidh buntáiste nach beag ag scríbhneoirí agus ag foilsitheoirí a fhanfaidh tamall sula ndéanfaidís iarracht teacht i dtír ar ghéarchéim an choróinvíris.

Níl an scéal ar fad againn go fóill agus d’fhéadfadh cor a theacht ann – rud chomh simplí le vacsaín, abair – a d’fhágfadh saothar a d’fhoilseofaí inniu go hiomlán as dáta amárach.

Ní léir go fóill ach oiread cén tionchar fadtréimhseach a bheidh ag paindéim an Covid-19 ar chúrsaí eacnamaíochta agus polaitíochta.

Agus ní hé an méid thuas an t-aon chúis amháin go bhfuil scríbhneoirí agus foilsitheoirí a bheadh ag iarraidh leabhar faoin gcoróinvíreas a fhoilsiú faoi dheifir ag dul sa seans go mór. 

Mar a dúirt cara liom a oibríonn d’ollchomhlacht idirnáisiúnta a dhíolann ríomhléitheoirí agus ríomhleabhair: ‘An mbeidh fonn ar dhaoine a bheith ag léamh faoin gcoróinvíreas nuair a bheidh an ráig seo thart?’

Sin í an mhórcheist. 

Fág freagra ar 'An bhfuil rabharta coróinlitríochta as Gaeilge ar an mbealach?'