An bhfuil muinín caillte ag Angela Merkel i gcur chuige Leo Varadkar?

Is léir ó thuairiscí nár tugadh mórán airde orthu go bhfuil cuid den loinnir imithe den chúlstop conspóideach

An bhfuil muinín caillte ag Angela Merkel i gcur chuige Leo Varadkar?

Cé nár tuairiscíodh go forleathan an tseachtain seo caite é, cáineadh straitéis Rialtas na hÉireann ó thaobh an Bhreatimeachta le linn na gcainteanna sa Bhruiséil mar gheall ar spriocdháta nua. Bhí sé ina raic fiú, de réir dealraimh, idir an Taoiseach agus Bundeskanzlerin na Gearmáine, an Dr Angela Merkel. I dtús báire, chuir Uachtarán na Fraince, Emmanuel Macron, ceist ar Leo Varadkar mar gheall ar na hullmhúcháin a bhí ar siúl ag Éirinn chun dul i ngleic le himeacht tobann na Breataine ón Aontas Eorpach. ‘An dtiocfaidh sibh slán as?’ a d’fhiafraigh Macron.

Mar is gnách leis, d’iarr an Taoiseach ar na ballstáit eile go léir nach ndéanfaidís Éire ‘a thréigean’ ar deireadh thiar thall. Ba ag an Dr Merkel a bhí an freagra ar chaint an Taoisigh an geábh seo. De réir eagrán na hÉireann de Times Londan Dé Sathairn seo caite, theip ar fhoighne Mherkel agus dúirt sí gur chóir do Varadkar cuimhneamh nach mbeadh cúlstad ar bith aige mura nglacfaí i dTeach na dTeachtaí leis an margadh a rinneadh idir Theresa May agus Michel Barnier.

De réir The Financial Times, chuir Merkel ceist ghinearálta ansin – cén fáth nach raibh plean tánaisteach á shocrú cheana féin ag lucht maorlathais an AE chun teorainn oscailte na hÉireann a chosaint sa chás go n-imeodh an Bhreatain gan aon mhargadh a bheith déanta?

Tuairiscíodh gur luaigh Merkel an baol agus na deacrachtaí móra ó thaobh na teorann oscailte in Éirinn a bhainfeadh le Breatimeacht gan mhargadh.

De réir nótaí taidhleora, d’iarr sí ar Barnier scagadh a dhéanamh ar ‘a fallback plan to uphold the Good Friday Agreement on Northern Ireland…’.

Ceist shuntasach í sin.

Is léir ó imní agus ó mhífhoighne Merkel go nglacann sí le príomhargóint amháin de chuid an ERG, is é sin go mbeadh na páirtithe go léir in ann teorainn oscailte a shocrú d’uireasa cúlstad nó fiú mura mbeadh sé ina mhargadh ar chor ar bith. Agus más ea, ba chóir an tseancheist a chur ar Varadkar arís – cad is cúis leis an gcúlstad más féidir le rialtais na hÉireann agus na Ríochta Aontaithe, i gcomhar leis an Aontas Eorpach, teorainn ‘chrua’ ar oileán na hÉireann a sheachaint ach cainteanna neamhspleácha a shocrú eatarthu?

Agus cén fáth ar cuireadh an cúlstad bagrach sin sa mhargadh imeachta a shínigh May agus Barnier, mura raibh aon ghá praiticiúil ag baint leis?

Tá sé á mhaíomh le fada ag an Taoiseach nach raibh aon rogha aige ach an cúlstad chun an teorainn a chosaint i ndiaidh an Bhreatimeachta.

Ach is léir gurb é an cúlstad féin an bhagairt is mó do mhargadh May agus Barnier. Agus is léir freisin do Sheansailéir stuama na Gearmáine go bhféadfaí seifteanna eile seachas an cúlstad conspóideach a cheapadh chun an teorainn bhog in Éirinn a chosaint. An bhfuil muinín ag Angela Merkel i gcónaí as cur chuige Leo Varadkar?

Ní léir go bhfuil.       

Fág freagra ar 'An bhfuil muinín caillte ag Angela Merkel i gcur chuige Leo Varadkar?'

  • Dáithí Mac Cárthaigh

    Le himeacht na Ríochta Aontaithe ón AE tiocfaidh ann do dhá chóras chustaim agus dhá mhargadh aonair: córas custaim agus margadh aonair Eorpach v. córas custaim agus margadh aonair Briotanach. Beidh gá le teorann eatarthu mura bhfanann an RA taobh istigh den réimeas Eorpach.
    Ní aon réiteach draochtúil ná teicniúil ar an bhfadhb seo.
    Tá rogha le déanamh:- teorann i Sruth na Maoile nó teorann ar Oileán na hÉireann.