An bhfuil muinín ag muintir na hÉireann as polaiteoirí? Tá, agus Níl

Is teoranta coinníollach an mhuinín a léirigh daoine as a bpolaiteoirí sa reifreann

An bhfuil muinín ag muintir na hÉireann as polaiteoirí? Tá, agus Níl

Pictiúr: Sam Boal/Rollingnews.ie

Ní foláir tuairim a nochtadh sa cholún seo tar éis chomhaireamh vótaí an reifrinn a cheartú inniu. Nó, ba chirte a rá, ní foláir í a leathcheartú.

“An rud is annamh is iontach,” a dúradh sa cholún seo Dé Domhnaigh, “tá tugtha le fios ag thart ar dhá thrian den phobal go bhfuil muinín acu as a bpolaiteoirí.”

Tá an abairt thuas fíor, agus bréagach. Is faoin Oireachtas a bheidh sé feasta ábhar a tógadh amach as an mBunreacht Dé hAoine seo caite a láimhseáil.  Ar ndóigh tá dualgas ar an rialtas reachtaíocht a rith de réir an dréachtdlí a cuireadh os comhair an phobail roimh an reifreann. Níl aon dul as acu ach an gheallúint sin a chomhlíonadh. Ach d’aistrigh toradh an reifrinn smacht ar gach beartas a bhaineann le ginmhilleadh ón bpobal go Teach Laighean. Ba vóta muiníne mar sin toradh na vótála.

Sin ráite, ní muinín as polaiteoirí ach a mhalairt a léirigh pobalbhreith iarvótála RTE. Dúirt 32% de na vótóirí a ceistíodh tar éis dóibh vótáil Dé hAoine nach raibh muinín ar bith nó nach raibh ach fíorbheagán muiníne acu as polaiteoirí. Dúirt 49% nach raibh ach muinín mheasartha acu astu. Níor dhúirt ach 18% go raibh muinín acu astu.  

Ar an gcéad amharc, tá an chuma ar na tuairimí thuas go bhfuil siad ag teacht salach ar a chéile. Níl dáiríre. Thug móramh (66.4%) le fios sa reifreann gur chóir ginmhilleadh a cheadú faoi choinníollacha áirithe. Beidh na polaiteoirí freagrach as stiúir na hoibre – comhartha muiníne, gan dabht. Ach is teoranta coinníollach an mhuinín i gcónaí.

Is treise an mhuinín a thuill stiúrthóirí na bpobalbhreitheanna a foilsíodh sna seachtainí roimh an reifreann. Trí bliana ó shin, níor léirigh pobalbhreith ar bith an t-athrú a tháinig ar thuairimí an phobail roimh an reifreann ar chothromaíocht phósta. Thugadar go léir le fios go raibh idir 69% agus 72% i bhfabhar leasú an Bhunreachta. Níor vótáil ach 62% i bhfabhar.

Léirigh athruithe a rinne na comhlachtaí ar chíoradh na bhfigiúirí an babhta seo leibhéal cruinnis níos airde. Ní gá ach comparáid a dhéanamh idir toradh an reifrinn agus na pobalbhreitheanna deireanacha a d’fhoilsigh nuachtáin éagsúla roimh ré:

TÁ%

67  Sunday Business Post (Red C)

68  Sunday Times (B&A)

60  Irish Times (Ipsos mrbi)

57  Sunday Independent (Kantar MB)

58  Irish Daily Mail (Ireland Thinks)

66  Toradh an Reifrinn

Cuimhnigh gur ar an Domhnach 20 Bealtaine, cúig lá roimh lá an reifrinn, a foilsíodh na pobalbhreitheanna deireanacha (sa Post agus sa Sunday Times). Mar sin féin, léiríodh vóta láidir ‘Tá’ iontu go léir.

Shíl go leor daoine, agus an scríbhneoir seo ina measc, go léireodh toradh na vótála meath ar an leibhéal tacaíochta a bhí ann don leasú, mar a tharla i reifreann 2015. Shíleamar freisin nár léirigh na pobalbhreitheanna amhras a chuideodh le ‘Níl’ faoi dheireadh.

Ní raibh bunús ar bith leis an tuairim sin, mar a thaispeánann an chomparáid thuas.

Léirigh na pobalbhreitheanna go léir meon an phobail go leanúnach ó thús an fheachtais go dtí deich lá sular chríochnaigh sé (ní dhearnadh aon suirbhé atá ar fáil go poiblí ina dhiaidh sin). Tá muinín agus moladh tuillte acu, go dtí an chéad uair eile.

Fág freagra ar 'An bhfuil muinín ag muintir na hÉireann as polaiteoirí? Tá, agus Níl'