Athraíonn an teicneolaíocht go tapa, agus leis an oiread sin dár saol oibre agus pearsanta ag brath ar uirlisí digiteacha, uaireanta braitheann sé iomarcach teacht ar an eolas.
Smaoinigh ar leathanbhanda, mar shampla. Rinne ComReg Suirbhé ar Nascacht Leathanbhanda in 2023 agus fuarthas amach go n-oibríonn 44% de dhaoine ón mbaile lá amháin sa tseachtain ar a laghad – ach an bhfuil a fhios agat an bhfuil an pacáiste ceart agat do do chuid riachtanas?
Bhuel, is féidir le ComReg cabhrú leat. Tá treoir iontaofa á cur ar fáil ag an gCoimisiún um Rialáil Cumarsáide do thomhaltóirí maidir le seirbhísí leathanbhanda, fóin agus líne thalún ó 2002 i leith.
Foinse Tacaíochta Iontaofa
Tá ComReg tar éis a uirlis ar líne, Compare, atá saor in aisce, a nuashonrú le déanaí. Is acmhainn éasca le húsáid í sin inar féidir leat cliceáil ar an tseirbhís atá á lorg agat chun eolas a fháil ar na roghanna go léir atá ar fáil duit.
Déanann an uirlis cuardach ar phleananna fón póca, leathanbhanda, fón baile agus beart atá curtha in oiriúint do do chuid riachtanas. Ar an mbealach sin tá a fhios agat go bhfuil an luach is fearr ar d’airgead á fháil agat.
Agus pleananna leathanbhanda á gcur i gcomparáid agat, is féidir leat breathnú air ar roinnt bealaí éagsúla:
- Teicneolaíocht
- Luas
- Soláthraí
- Fad an chonartha.
Maidir le plean fóin nua, is féidir leat roghnú idir bille nó íoc roimh ré, agus cinneadh a dhéanamh de réir na teicneolaíochta agus na bpleananna a bhfuil fóin san áireamh iontu.
Is féidir leat a sheiceáil fiú cad iad na pleananna nach bhfuil arduithe praghsanna bliantúla acu.
Faigh an leas is fearr as do sheirbhís
Ní hamháin go gcuidíonn ComReg leat pacáistí agus bearta a chur i gcomparáid le chéile, soláthraíonn siad faisnéis freisin maidir le conas aistriú go héasca más gá duit é sin a dhéanamh.
Mar shampla, an raibh a fhios agat nár chóir go mairfeadh an cur isteach níos mó ná lá oibre amháin má chailleann tú seirbhís agus tú ag athrú?
Uirlisí agus Acmhainní Eile
Chomh maith leis an uirlis Compare, tá comhairle agus eolas faoi sheirbhísí fóin agus leathanbhanda ar shuíomh gréasáin ComReg, chomh maith le huirlisí cabhracha a ligeann duit an leathanbhanda atá ar fáil a sheiceáil; agus tá léarscáil ann a thugann sonraí faoi chlúdach fón póca.
Má theastaíonn cabhair uait, tá foireann Cúram Tomhaltóirí ComReg ar fáil chun cabhrú leat, nó le d’ionadaí údaraithe, ó 8am go 8pm Luan go hAoine agus ó 9am go 1pm Dé Sathairn (seachas laethanta saoire poiblí).
Is féidir leat teagmháil a dhéanamh le foireann thiomnaithe Cúram Tomhaltóirí ComReg ar an bhfón ag (01) 8049668, trí ríomhphost a chur chuig consumerline@comreg.ie nó le foirm ghearáin ar líne nó le comhrá beo ar an suíomh gréasáin comreg.ie.
Má sheoltar téacs leis na focail COMREG nó ASKCOMREG chuig 51500, iarrfar glaoch nó téacs ar ais (tá rátaí caighdeánacha SMS i gceist), agus is féidir leat litir a sheoladh chuig an bhFoireann Cúraim Tomhaltóirí, ComReg, One Dockland Central, Sráid na nGildeanna, Baile Átha Cliath 1, D01 E4X0.
Tá áis i dTeanga Chomharthaíochta na hÉireann ar fáil ach é a iarraidh agus is féidir leat teagmháil a dhéanamh le Cúram Tomhaltóirí ComReg trí athsheachaid téacs. Le haghaidh tuilleadh eolais, tabhair cuairt ar www.itrs.ie.
Fág freagra ar 'An bhfuil mearbhall ort faoin Leathanbhanda? Cuidíonn ComReg leat le heolas a fháil faoi na roghanna atá agat'