Beidh suas le 21 suíochán breise sa Dáil a thoghfar sa chéad olltoghchán eile mar gheall ar riail ionadaíochta sa Bhunreacht. Ní oireann sé do pholaiteoirí an riail a athrú ná a phlé.
Thug an Coimisiún Toghcháin nua le fios i rith na seachtaine go mbeidh idir 11-21 Teachta Dála breise sa chéad Dáil eile. 160 Teachta a bhíonn sa Dáil mar atá.
Is de thairbhe méadú ar dhaonra an stáit ó 4.5 milliún duine in 2011 go dtí 5.1 milliún duine anuraidh a theastaíonn an t-athrú ar líon na dTeachtaí, mar a thug an Coimisiún Toghcháin le fios agus athbhreithniú á fhógairt ar dháilcheantair agus ar thoghcheantair Pharlaimint na hEorpa.
Bí cinnte go gcuirfidh go leor polaiteoirí agus daoine eile tuairimí faoi bhráid an Choimisiúin maidir le limistéir agus teorainneacha na ndáilcheantar. Tá sé thar am, áfach, ábhar eile – tionchar an Bhunreachta ar mhéid na Dála – a phlé. D’oir an riail atá i bhfeidhm, b’fhéidir, do ré ina raibh daonra an stáit ag síorlaghdú (go dtí 2.8 milliún i 1961) ach tá méadú mór tagtha ar na figiúirí ó shin i leith agus méadú leanúnach á thuar ag na saineolaithe.
Leagtar síos in Airteagal 16.2.2 den Bhunreacht nach cead líon na gcomhaltaí i nDáil Éireann “a bheith faoi bhun comhalta in aghaidh gach 30,000 den daonra, ná os cionn comhalta in aghaidh gach 20,000 den daonra”.
Léiríonn cuntas an Choimisiúin Toghcháin go bhfuil an coibhneas seo á shárú anois i ngach dáilcheantar ach amháin i gcontae Luimnigh, áit a bhfuil Teachta Dála tofa do gach 29,826 duine.
Is i mBaile Átha Cliath/Fine Gall atá an farasbarr is mó – Teachta amháin do gach 34,138 duine. Ach tá os cionn 33,000 duine do gach Teachta Dála i sé dháilcheantar eile (Baile Átha Cliath Thiar, Baile Átha Cliath/Ráth an Dúin, Dún Laoghaire, Cill Dara Thuaidh, Longfort agus Lú) agus tá an coibhneas os cionn 32,000 duine in aghaidh an Teachta in 12 dáilcheantar eile.
De réir réamhaisnéis na Príomh-Oifige Staidrimh beidh idir 5.58 agus 6.69 milliún duine ina gcónaí sa stát in 2051. Mura leasaítear airteagal 16.2.2 den Bhunreacht idir an dá linn, fiú mura dtoghfaí ach an líon Teachtaí breise is lú atá ceadaithe, bheadh idir 186 agus 226 Teachta i nDáil Éireann faoin am sin.
Ní haon ionadh é nach bhfuil athrú molta i dTeach Laighean ar chóras a chuirfidh suíocháin bhreise ar fáil sa chéad Dáil eile agus ar bhonn leanúnach ina dhiaidh sin. Ní hionann tost i dTeach Laighean áfach agus dearbhú go bhfuil córas folláin nó go n-oireann sé do leas an phobail.
An fiú €105,000 an duine a chaitheamh ar thuarastail na dTeachtaí Dála agus ar na costais agus na liúntais éagsúla a chuirfidh an stát ar fáil dóibh? Nó arbh fhearr an t-airgead a chaitheamh ar sheirbhísí poiblí eile? Dá ndéanfaí amhlaidh bheadh an coibhneas idir Teachtaí Dála agus an líon daoine a ndéanann siad ionadaíocht ar a son fós i bhfad níos lú ná an coibhneas atá i bhfeidhm sa Fhrainc (1/125,000), san Iodáil (1/147,000) agus i mórán stát eile.
(Fágaim an Ríocht Aontaithe, ina bhfuil coibhneas 1/103,500 i bhfeidhm idir feisirí parlaiminte agus daoine, as an gcomparáid thuas toisc go bhfuil parlaimint in Albain, Senedd sa Bhreatain Bheag agus Comhthionól – uaireanta – i dTuaisceart Éireann.)
Buille faoi thuairim: dá gcuirfí leasú a chuirfeadh stop le síormhéadú na Dála faoi bhráid an phobail i dteannta an reifrinn ar stádas na mban atá beartaithe a reáchtáil sa bhfómhar, vótálfadh móramh láidir i bhfabhar.
Ar ndóigh níl seans ar bith ann go molfar leasú dá leithéid. Ach má chuimhnítear ar an gcinneadh a rinne rialtas Enda Kenny deich mbliana ó shin líon na dTeachtaí Dála a laghdú ó 166 go 158, ní cóir athrú eile uair éigin a chur as an áireamh.
Ceal airgid ba chúis leis an laghdú sin gan dabht. Ach níl aon easpa seirbhísí sa tír faoi láthair ina bhfuil géarghá le caiteachas breise, ar chúiseanna níos láidre ná na cúiseanna gur chóir an Dáil a mhéadú gan stad, arís agus arís eile.
Dá bpléifí an síormhéadú ar mhéid na Dála atá romhainn, an mbeadh Teachta Dála ar bith ábalta nó toilteanach a léiriú dúinn nach mbeadh rath ar an tír dá uireasa?
Is ar éigean é.
Éamonn Ó Floinn
Níl aon chiall leis go gcuirfear an Fhrainc agus an Iodáil i gcomparáid le hÉirinn. Tíortha a bhfuil daonra os cionn deich n-uaire níos mó agus go leor pairlimintí réigiúnacha acu, ach mar gheall ar an dara rud, ní úsáidtear an RA. Agus measaim gur aisteach é go seachnaítear ceist an tSeanaid san alt.