An bhfuil lá Ard Mhacha tagtha?

Fé Dhún na nGall atá amárach a thaispeáint go bhfuil siad réidh

An bhfuil lá Ard Mhacha tagtha?

B’fhuraist an gliondar a bhí ar lucht leanúna Ard Mhacha a thuiscint Dé Domhnaigh seo caite. Bhí a bhfoireann tar éis curadh uile Éireann, Tír Eoghain, a chnagadh, bhí a gcomharsa agus  a seana namhaid díbeartha as an gcomórtas ach níos tábhachtaí fós, b’fhéidir, bhí a mbuille mar phobal aimsithe arís acu.

Bhí macallaí agus iarsmaí i dtaispeántas an Domhnaigh den imirt is fearr a bhí le feiscint ó ré órga na caide sa chontae fiche bliain ó shin nuair a bhí a mbainisteoir, Kieran McGeeney ina cheann feadhain ar chriú crosta, corraithe a rug corn Sam Mhic Uidhir leo i bhfómhar na bliana 2002.

Tá sé mós luath bheith ag fógairt gur scáthán iad foireann na bliana 2022 ar thréithe a mbainisteora, go háirithe nuair ba léir go raibh cuma cheansa, leath-chloíte ar Thír Eoghain mar churadh ó thosnaigh an chraobh i gCúige Uladh san Aibreán. Fágann a mbris, gur mó do mheas na haon lá ar ghaisce Átha Cliath sé cinn as a chéile a bhuachtaint ach n’fheadar an dtugann bua Ard Mhacha aon léargas níos cruinne dúinn ar a gcumas siúd ná go deimhin ar cé chomh buan is a bheidh siad i gCluain Eois amárach.

Níl aon chinnteacht ann go bhfeicfear an dánaíocht chéanna i Stefan Campbell amárach is a bhí le braistint i ndoras a thí féin uaidh in aghaidh Thír Eoghain. Tugadh saoirse na páirce dó sa chéad fiche nóimeataí in aghaidh Thír Eoghain agus faoin dtráth gur tuigeadh gur imreoir é a bhláthaíonn sa tsaoirse sin, bhí an díobháil déanta agus a ghreim factha san imirt aige. Bheinn ag súil go raghadh Dún na nGall ag fiach luath go maith i ndiaidh Campbell amárach d’fhonn is Ard Mhacha a ionsaí san áit is mó a taibhsítear dóibh iad a bheith tréan. Má bhíonn sé támáilte sa chéad fiche nóimeataí, beidh sé deacair ar Campbell an rian céanna a fhágaint ar an imirt is a dhein sé lena dhá phointe cinniúnacha sa 52ú agus sa 68ú nóimeat in aghaidh Thír Eoghain.

Ní ag brath ar Campbell amháin atá Ard Mhacha, ná baol air ach is comharthaí sóirt é tionchar Campbell ar an imirt ar shláinte Ard Mhacha i gcónaí. Glac leis gur féidir braith ar James Morgan agus ar Jarly Óg Burns chun a bheith chomh righin diongbháilte arís in aghaidh Dhún na nGall is a bhíodar Dé Domhnaigh seo caite agus tabharfaidh taispeántais leithéidí Connaire Mackin, Andrew Murnin agus Conor Turbitt ón mbinse cúis misnigh d’Ard Mhacha a léireodh go bhfuil an tobar doimhin go maith ainneoin ualach gortuithe le mí anuas.

Beidh spéis acu siúd a bhíonn ag faire ar nuálaíocht  agus ar fhorbairt an chluiche féin in imirt Ethan Rafferty i mbáide Ard Mhacha amárach. I bhfianaise imirt Niall Morgan agus Rory Beggan le blianta beaga anuas, ní haon iontas a thuilleadh é an scór ón gcúl báire ach tugann Rafferty rud eile ar fad duit lena chompord i mbun seilbhe. Is léir le tamall go bhfuil éabhlóid ag teacht ar imirt an bháideora agus lena dhá phointe ón imirt oscailte an tseachtain seo caite, thug Rafferty éachtaint eile dúinn ar threo agus ar ról an chúl báire sa bhliain 2022.

Dhein Dún na nGall coicstí do chic amach Rafferty i mBealach Féich i gcraobh Uladh níos túisce i mbliana, áfach, agus ag brath ar a bhfonn, bheinn ag súil go raghaids ag fiach ar an gcic amach arís amárach.

Ins an bhfonn sin atá croí na ceiste do Dhún na nGall. Ainneoin bua mór an Domhnaigh seo caite ag Ard Mhacha, creidimse gur fearr d’fhoireann iad Dún na nGall i gcónaí. Ach an bhfuil an fonn orthu luí amach orthu féin tar éis a dtreascartha i gcluiche ceannais Uladh? Ní gnáth bhris a bhí i gceist in aghaidh Dhoire. Bhí scéal na caide i nDún na nGall le deich mbliana anuas fite fuaite ins an nóimeat deireanach san den ngnáth am i gcluiche ceannais Uladh.  Bhí seilbh na caide ag na Conallaigh, iad ar chomh-tharrac tar éis cluiche malltriallach, fios go maith acu ná beadh aon tseans ag Doire teacht thar n-ais dá dtabharfaidís fén scór ón dtaobh eile den bpáirc ach ar chúis éigin, bhíodar breá sásta an nóimeat a bhí fágtha a chaitheamh ag pasáil na caide sall is anall, soir is siar nó go séideadh an fheadóg dheiridh. Fuaireadar a raibh i ndán dóibh agus a raibh ag dul dóibh sa tréimhse ama breise a lean agus níl aon spáráil á dhéanamh ó shoin orthu ach an oiread.

Beidh tuairim níos fearr ins an nóimeataí tosaigh amárach againn maidir leis an ndíobháil atá déanta do sprid is meanma Dhún na nGall ach caithfidh go bhfuil níos mó iontu. Caithfidh go bhfuil speach éigin iontu agus caithfear, leis, luath nó mall, a chur ina luí ar Dhia beag na caide sa chontae, Michael Murphy, go bhfuil an lá imithe gur féidir le haon imreoir, is cuma cé hé féin, a rogha rud a dhéanamh ar an bpáirc.

Tá an iomarca díobhála á dhéanamh ag an tsaoirse a tugtar do Murphy, do mhúnla na himeartha atá ag a fhoireann agus cé go bhféadfaí an rud céanna a rá faoi ról Rian Uí Néill i gcás Ard Mhacha, is dóigh liom gur léirigh Brendan Rogers i gcluiche ceannais Uladh go bhfuil an choisíocht a bhíodh tráth ag Murphy ag teip agus go bhfuil foirne ag dul ina dhiaidh sin anois. Tagann an lá ar an uile imreoir ach tá luach ana mhór le cur ar Murphy mar lán thosaí traidisiúnta i gcónaí agus fuíollach imreoirí timpeall air a dhéanfaidh obair na mbeach dó.

Léiríonn stair na mbabhtaí cáilithe agus stair na gcluichí a himrítear idir fhoirne a chas ar a chéile cheana féin sa chraobh go bhfuil sé ana dheacair don bhfoireann a bhuaigh an choimhlint níos túisce sa chraobh, amhlaidh a dhéanamh don dara huair sa chraobh chéanna. Má chóiríonn tú an cluiche idir Loch Garman agus Uíbh Fháilí i gCorn Tailteann an deire seachtaine seo caite, beidh an cluiche idir Dún na nGall agus Ard Mhacha amárach ar an 23ú babhta in imeacht bliain is fiche gur chas na foirne céanna ar a chéile sa bhiaiste chéanna caide. As an dá chluiche is fiche go dtí seo, níl ach hocht n-uaire ar fad ar éirigh leis an mbuaiteoir ón gcéad choimhlint, an dara cluiche a bhuachtaint chomh maith.

Níl ach seacht seachtaine ó chas Dún na nGall agus Ard Mhacha ar a chéile ach is léir tar éis an deire seachtaine seo caite, gur foireann ana dhifriúil iad Ard Mhacha anois. Fé Dhún na nGall atá amárach a thaispeáint go bhfuilid siúd, leis, athraithe. Is dóigh liom go bhfuil sé iontu.

Fág freagra ar 'An bhfuil lá Ard Mhacha tagtha?'