An bhfuil Fianna Fáil ag fanacht rófhada ar thoghchán?

Faoi láthair tá Fianna Fáil sásta fanacht ar an gclaí, ach beidh orthu teacht anuas de uair éigin

An bhfuil Fianna Fáil ag fanacht rófhada ar thoghchán?

Pictiúr: Sam Boal/Rollingnews.ie

Is fearr go mall ná go brách, ach an bhfuil Fianna Fáil ag fanacht rófhada le dúshlán Fhine Gael a thabhairt?

I ndiaidh na tubaiste toghcháin a bhain d’Fhianna Fail in 2011 tháinig biseach orthu san olltoghchán anuraidh, tráth nach raibh siad ach 1.2% agus sé shuíochán taobh thiar de Fhine Gael.

Lean siad orthu ag dul i bhfeabhas. 24% den vóta a fuair siad anuraidh agus ó shin i leith léirigh pobalbhreitheanna éagsúla go raibh tacaíocht timpeall 29% acu.

Rud ba thábhachtaí fós ná go raibh siad chun tosaigh ar Fhine Gael sa gcuid is mó de na pobalbhreitheanna is deireanaí.

Chreid lucht ceannais an pháirtí go bhféadfaidís leanúint orthu ag feabhsú, agus súil acu go hard os cionn 30% a bhaint amach. Le tacaíocht den chineál sin bheadh dóchas ceart acu go mbeadh siad in ann rialtas a bhunú le tacaíocht na neamhspleách is mionpháirtithe (ar nós Pháirtí an Lucht Oibre agus na nGlasach).

Ach le tamall is cosúil go bhfuil stad curtha leis an dul chun cinn a bhí ar siúl acu, is cé go mbíonn siad fós chun tosaigh ar Fhine Gael an chuid is mó den am sna pobalbhreitheanna, dá mbeadh olltoghchán anois ann is cosúil nach mbeadh aon mhóramh Dála ar fáil dóibh agus nach mbeadh mar thoradh ar an vótáil ach athrú ó rialtas mionlaigh de chuid Fhine Gael atá ag brath ar thacaíocht Fhianna Fáil go dtí rialtas Fhianna Fáil a bheadh ag brath ar thacaíocht Fhine Gael.

Tá sé éasca a thuiscint cén fáth mar sin nár theastaigh ó Fhianna Fáil tarraingt siar ón socrú rialtais atá déanta acu le Fine Gael, cé go raibh ar an bpáirtí glacadh le polasaithe Fhine Gael i dtaobh an iliomad ábhar.

Bhí uirísliú i gceist d’Fhianna Fáil, is go háirithe dá n-urlabhraí Barry Cowen, sa chaoi gur ghéill siad d’Fhine Gael i dtaobh táillí uisce.

De réir na hanailíse atá déanta ag lucht ceannais an pháirtí – an ceannaire Micheál Martin, an t-Ard-Rúnaí Seán Dorgan agus an comhairleoir sinsearach Deirdre Gillane – d’fhéadfaí tacaíocht na meánaicme a mhealladh ar ais fad is go gcoinneoidís bearna idir iad féin agus lucht na heite clé, agus idir iad féin agus Sinn Féin, go háirithe.

Sin an fáth nach luann Micheál Martin Sinn Féin riamh gan iad a ionsaí.

É sin ráite, is cosúil anois go mbeidh ceannaire eile ann chomh maith le Martin agus an port céanna aige feasta. Tá cogadh gan trócaire fógartha ag Leo Varadkar ar Shinn Féin “an chontúirt is mó”, a deir sé, don daonlathas in Éirinn.

An bhfuil a bhualadh sin agat, a Mhichíl!

Ar ndóigh, ba é seasamh Simon Coveney faoi aontú na hÉireann a spreag Varadkar le tabhairt faoi Shinn Féin, ach fós féin, laghdú eile é a chur chuige ar na difríochtaí idir Fianna Fáil agus Fine Gael.

Ar ndóigh, ós é Sinn Féin an páirtí is mó a dtacaíonn náisiúnaithe an Tuaiscirt leis, is deacair a rá cé leis a dhéanfadh Martin nó Varadkar comhoibriú le ‘Éire Aontaithe’ a bhaint amach.  An DUP, b’fhéidir?

Faoi láthair is ar éigean go bhfuil rialtas againn, in ainneoin go bhfuil scannal i ndiaidh scannail ann i réimsí éagsúla den saol poiblí, agus fadhbanna móra ann maidir le cúrsaí tithíochta, sláinte, cúrsaí pá agus pinsin, gan trácht ar an dúshlán a bhaineann leis an mBreatimeacht.

Beidh fonn ar cheannaire nua Fhine Gael a léiriú gurb é féin atá ‘i gceannas’ anois, agus beidh sé níos deacra dá bharr ag Fianna Fáil fanacht dílis lá i ndiaidh lae don socrú rialtais, go háirithe má threisíonn an ceannaire nua seasamh Fhine Gael.

Lena chinntiú nach dtreiseofar ar thacaíocht Fhine Gael, beidh ar Fhianna Fáil an rialtas a chur faoi dhianscrúdú agus faoi dhianbhrú.

Cén chaoi ar féidir é sin a dhéanamh agus olltoghchán a sheachaint? Sin í an fhadhb.

Cé acu is túisce a loicfidh roimh an dúshlán – Fianna Fáil nó Fine Gael –sa chluiche seo nach bhfuil ann dáiríre ach cur i gcéill?

Cinnte, níor cheart d’Fhianna Fáil fanacht rófhada eile le dúshlán Fhine Gael a thabhairt, nó tá baol mór ann gur chuma ann nó as iad tar éis tamaill.

Agus ní dhéanann sé aon difear cé aige a bheidh an bua i dtoghchán Fhine Gael.  Más é Varadkar é, beidh ar Fhianna Fáil an fód a sheasamh i gcoinne a chuid ionsaithe gránna ar dhaoine atá ag fáil leasa sóisialta. Agus más é Coveney a bheidh ann, beidh orthu ligean dó a bheith ag caochadh súil an chairdis leis an bpobal nó a léiriú go bhfuil easpa substainte ina chuid polasaithe. Agus b’fhéidir go mbeadh orthu tuairim níos soiléire a a thabhairt freisin i dtaobh athaontú na tíre.

Faoi láthair tá Fianna Fáil sásta fanacht ar an gclaí, ach beidh orthu léim anuas de uair éigin agus leaindeáil ar thaobh amháin nó ar an taobh eile.

Fág freagra ar 'An bhfuil Fianna Fáil ag fanacht rófhada ar thoghchán?'