An bhfuil feachtas frithionsaithe ar siúl ag na hÚcránaigh?

Beidh ionsaithe ar talamh riachtanach chun an ruaig a chur ar na Rúisigh agus iad a dhíbirt thar abhainn an Dnipro

An bhfuil feachtas frithionsaithe ar siúl ag na hÚcránaigh?

Tá na hÚcránaigh ag rá le breis is dhá mhí anuas go bhfuil siad ar tí feachtas frithionsaithe a sheoladh in iardheisceart na tíre sa cheann droichid thar abhainn an Dnipro. Gan amhras tá na comharthaí ann go bhfuil sé seo ar na bacáin: rinneadh ionsaithe ar armlanna Rúiseacha sa cheantar, rinneadh ionsaithe ar cheanncheathrúna de chuid Arm na Rúise agus ar na droichid ar abhainn an Dnipro. 

Mar gheall ar na hionsaithe seo tuairiscítear go bhfuil na Rúisigh tar éis ceanncheathrú dá gcuid fórsaí sa cheann droichid a aistriú thar an abhainn.

Anuas air sin rinne na hÚcránaigh ionsaithe dána ar aerbhunáit, armlann agus mol iompair sa Chrimé agus ar dhá armlann Rúiseacha gar don Chrimé, i bhfad lasmuigh de raon a n-airtléire. 

Tuairiscítear chomh maith go bhfuil siad tar éis diúracáin fhrithradair, ar a dtugtar HARM agus nach bhfacthas sa cogadh go dtí seo, a úsáid i gcoinne suíomhanna radair Rúiseacha sa cheantar. 

Tá fianaise ann go bhfuil na Rúisigh ag súil leis an bhfeachtas seo freisin. Tá siad tar éis aonaid de scoth an Airm a aistriú ón Donbas chuig an gceantar mar ullmhúcháin chosanta nó chun ionsaithe a dhéanamh chun cur isteach ar iarrachtaí na nÚcránach. Tá ionsaithe airtléire agus i bhfad níos mó ionsaithe ón aer á ndéanamh acu gach lá ar an bhfronta idir an dá fhórsa sa cheann droichid. 

Mar chuid de chóras cosanta ní mór do chosantóirí áiseanna ionsaithe a d’fhéadfadh an namhaid a úsáid a mheas agus a aithint agus iad a chlúdach. Dhá mhí ó shin nuair a d’éirigh leis na hÚcránaigh frithionsaithe ar scála beag a chur ar bun bhain siad úsáid as stráicí coillte agus canálacha uisce mar chlúdach chun dul i dtreo na Rúiseach. Tá na háiseanna ionsaithe sin á n-ionsaí ag the Rúisigh lá i ndiaidh lae faoi láthair. 

Ach in ainneoin iarrachtaí an dá thaobh san iardheisceart níl fianaise shoiléir ar bith ann go bhfuil frithionsaithe coisithe ar scála mór á ndéanamh ag na hÚcránaigh ar an talamh. Beidh na hionsaithe ar talamh riachtanach chun an ruaig a chur ar na Rúisigh sa cheann droichid agus iad a dhíbirt thar abhainn an Dnipro.

Cásanna a d’fhéadfadh a bheith i gceist 

Tá roinnt cásanna a d’fhéadfadh a bheith i gceist maidir lena bhfuil ar intinn ag na hÚcránaigh san iardheisceart: tá siad ar tí frithionsaithe coisithe a sheoladh go gairid, tá siad chun moill a chur ar an bhfeachtas chun níos mó ullmhúchán a dhéanamh, tá siad chun moill a chur ar an bhfeachtas mar gheall ar cad atá ag tarlú sna láithreacha cogaidh eile, go háirithe i Donbas, tá siad chun an feachtas a chur siar go dtí an bhliain seo chugainn, nó is seift é chun na Rúisigh a mhealladh ó láithreacha cogaidh eile.

Is deacair a mheas gur seift é mar tá a lán acmhainní míleata luachmhara, mar shampla roicéid airtléire HIMARS, á n-úsáid acu san iardheisceart. Ina theannta sin níl fianaise ar bith ann go bhfuil fórsaí breise á gcomhchruinniú acu nó go bhfuil na hacmhainní acu feachtas ar scála mór a sheoladh in aon láthair chogaidh eile. 

Tar éis míosa gan mórán dul chun cinn a dhéanamh in Donbas tá dul chun cinn gan stad gan staonadh á dhéanamh ag na Rúisigh beagán ar bheagán faoi láthair. Fiú tá seans ann go mbeidh siad in ann briseadh trí línte cosanta na nÚcránach siar ó chathair Donetsk.

Tuairiscítear go bhfuil thart ar 25,000 saighdiúir de chuid na Rúise lonnaithe anois san iardheisceart. Beidh ar na hÚcránaigh i bhfad níos mó trúpaí a chomhchruinniú agus a lán trealamh míleata a chur le chéile chun an ceann is fearr a fháil ar fhórsa Rúiseach den mhéid sin. Is éasca a mheas go bhfuil go leor le heagrú acu agus go bhfuil siad ag tógáil a gcuid ama chun na socruithe cuí a dhéanamh sula dtéann siad i mbun frithionsaithe ar an talamh.

Tá dhá nó trí mhí acu chun feachtas a chur ar bun sula dtagann an geimhreadh. Le teannadh an gheimhridh beidh deacrachtaí ag baint le feachtas frithionsaithe a sheoladh. Mar shampla, ag leibhéal bunúsach ní bheidh na duilleoga ar na crainn agus ní beidh an duilliúr ar na fálta rud a chiallaíonn nach beidh na hÚcránaigh in ann a gcuid fórsaí a chomhchruinniú faoi chlúdach. Mar gheall air seo ní mór do na hÚcránaigh feachtas a sheoladh roimh thús an gheimhridh.

Láithreacha cogaidh eile

Nuair a thosaigh na hÚcránaigh ag úsáid roicéid airtléire HIMARS in Donbas chuir siad isteach go mór ar sholáthairtí sliogán na Rúiseach agus mar gheall air seo ní dhearna na Rúisigh mórán dul chun cinn ar an bhfronta nua idir Siversk agus Bakhmut. Bhí orthu a gcuid ionsaithe a bhogadh agus níos mó béime a chur ar an gceantar timpeall ar chathair Bakhmut. 

Le mí anuas tá dul chun cinn gan staonadh déanta acu ansin. Anuas air seo, is cosúil go bhfuil socruithe nua déanta acu chun sliogáin airtléire a chuir ar aghaidh chuig an bhfronta. Tuairiscítear go bhfuil siad tar éis imeall na cathrach a bhaint amach.

Ó thús an chogaidh ní raibh na Rúisigh in ann seilbh a ghlacadh ar thalamh ar bith siar ó chathair Donetsk. Mheas siad go raibh na línte cosanta ba dhaingne tógtha ag na hÚcránaigh go díreach siar ón gcathair. Ach le mí anuas tá cathanna fíochmhara ag tarlú timpeall ar thrí bhruachbhaile de chuid na cathrach: Avdiivka, Pisky agus Maryinka. Tá na Rúisigh tar éis briseadh trí línte cosanta in Pisky agus an bruachbhaile a ghabháil.

Is léir go bhfuil i bhfad níos mó gunnaí móra ag na Rúisigh ach léiríonn na trí chath sin nach bhfuil córas frith-airtléire comhtháite ag na hÚcránaigh. Tar éis sé mhí de chogadh níl straitéis éifeachtach forbartha acu chun níos mó cosanta a thabhairt dá gcuid fórsaí coisithe ar an talamh. Cé go bhfuil na haonaid éagsúla ar an talamh in ann ionsaithe cruinne frith-airtléire a dhéanamh níl aon cheannasaíocht lárnach airtléire ag na hÚcránaigh chun ionsaithe i gcoinne fhórsaí airtléire na Rúise a chomhordú.

Cruthaíodh fadhbanna meanman do na hÚcránaigh mar gheall air seo. Foilsíodh gearáin ó thrúpaí coisithe go háirithe in Pisky ar na meáin shóisialta le déanaí agus tá na deacrachtaí meanman seo thar a bheith cosúil leis na deacrachtaí céanna a tháinig chun cinn roimh thitim Severdonetsk agus Lysychansk.

San oirthuaisceart timpeall chathair Kharkiv tá na Rúisigh ag scaoileadh i bhfad níos mó diúracán leis an gcathair agus ag déanamh ionsaithe teoranta ar an líne theagmhála idir an dá fhórsa. Tuairiscítear go bhfuil fórsa níos láidre á chomhchruinniú acu trasna na teorann sa Rúis chomh maith. B’fhéidir gur comharthaí iad seo go bhfuil siad ar tí feachtas a thosú arís sa láthair chogaidh gar do theorainn na Rúise.

Teacht an Gheimhridh

Beidh sos de shaghas éigin sa chogadh le linn an gheimhridh mar gheall ar an aimsir agus srianta eile a bhaineann leis an ngeimhreadh. Ar a laghad ar bith, beidh laghdú ar líon na n-ionsaithe coisithe ar an talamh. Ach ní bheidh sos cogaidh foirmiúil i bhfeidhm mar leanfaidh na Rúisigh ar aghaidh ag scaoileadh diúracán le cathracha na hÚcráine agus ag déanamh ionsaithe airtléire ar na frontaí idir an dá fhórsa. Leanfaidh na hÚcránaigh lena gcuid frithionsaithe airtléire mar fhreagra ar ionsaithe na Rúiseach.

Beidh an dá fhórsa ag déanamh a ndíchill pé buntáiste is féidir a aimsiú roimh theacht an gheimhridh. Leanfaidh na Rúisigh ar aghaidh lena n-iarrachtaí níos mó talún a ghabháil in Donbas agus toisc go bhfuil dul chun cinn déanta acu siar ó chathair Donetsk in Pisky, beidh siad ag déanamh gach iarracht seilbh a ghlacadh ar an gcuid eile de Chúige Donetsk. Má tá na hacmhainní acu b’fhéidir go seolfaidh siad ionsaithe eile chun níos mó talún a ghabháil i gCúige Kharkiv timpeall chathair Kharkiv. 

Má tá na hÚcránaigh in ann an fód a sheasamh in Donbas, díreoidh siad a gcuid iarrachtaí go príomha ar chúrsaí san iardheisceart. Tá na hionsaithe ullmhúcháin déanta acu ar línte soláthair na Rúiseach, leanfaidh siad ar aghaidh leis na hionsaithe seo ach mura gcuireann siad tús le feachtas coisithe ar scála mór ar an talamh roimh an ngeimhreadh beidh orthu é a chur siar go dtí an bhliain seo chugainn, nó níos faide.

Fág freagra ar 'An bhfuil feachtas frithionsaithe ar siúl ag na hÚcránaigh?'