An bhfuil eagla ar scoláirí na hÉireann a bheith pearsanta?

An bhfuil córas na scoláireachta in Éirinn – dála chóras na gcúirteanna agus mar sin de – róchosúil ó thaobh meoin de le córas na nGall agus má tá, nach bhfuil sé in am é a leasú i mbliain seo 2016?

paper-Parchment

Léitheoirí rialta Tuairisc.ie beidh a fhios acu go bhfuilimse fiáin i ndiaidh Punctum Books agus an-tógtha le beagnach gach teideal atá eisithe acu go dtí seo, ní toisc iad a bheith saor in aisce ach iad a bheith chomh spreagúil sin ar shlite difriúla.

Ní ghlacfadh foilsitheoirí príomhshrutha leis an gcuid is mó den ábhar a chuireann siad ar fáil.

Tá gá ag saol na Gaeilge le macasamhail Punctum Books – agus géarghá – foilsitheoir neamheaglach a ghlacfadh le lámhscríbhinní tar éis do gach éinne eile diúltú dóibh ar chúis amháin nó ar chúis eile – i.e. eagla a bheith orthu nach ndíolfaí mórán cóipeanna den leabhar, nó eagla éigin de shaghas eile. Is iomaí saghas eagla atá ann – eagla roimh eagla cuir i gcás. Ar eagla na heagla!

An leabhar is déanaí Ieo atá á léamh agam ná Transparent Things: A Cabinet in eagar ag Maggie M. Williams agus Karen Eileen Overbey. Éireannach, dála an scéil, Eileen Joy atá i mbun Punctum Books; ba sheanuncail léi Maurice Walsh, an té a scríobh The Quiet Man. Is féidir sracfhéachaint a thabhairt ar an leabhar anseo.

Agus má tá ceangal eile le hÉirinn uait, is í Maggie Williams, comheagarthóir an leabhair seo, údar Icons of Irishness:

Leanaimis orainn. Is é atá ar siúl ag na scoláirí sa leabhar seo ná rud atá coiscthe, braithim, ar chuid mhaith de scoláirí na tíre seo. Tá siad ag ligean dóibh féin a bheith pearsanta, ag oscailt amach. Is minic ag imeacht le scód iad – agus nach breá an rud é sin, scoláire gan srian, scoláire agus a bhríste síos, scoláire ag scréachaíl le scoláireacht oscailte.

Samhlaímid an scoláireacht in Éirinn leis an aigne stuama oibiachtúil neamhphearsanta. Bhraitheas riamh go raibh rud éigin cearr leis sin mar fhoirmle, no mar riachtanas, ach níor osclaíos mo bhéal ar eagla go gceapfaí gur gamal a bhí ionam. (Sea, eagla arís. Tá sí gach áit!). Tuigim anois go raibh an ceart ar fad agam an t-am go léir. Ní haon locht ar an scoláireacht í a bheith pearsanta. A mhalairt! Agus ní gá go mbeadh an breithiúnas suibiachtúil ag teacht salach ar an bhfírinne ach oiread. Fíricí? Ní gá dóibh a bheith fuar an t-am ar fad, an gá?

An bhfuil córas na scoláireachta in Éirinn – dála chóras na gcúirteanna agus mar sin de – róchosúil ó thaobh meoin de le córas na nGall agus má tá, nach bhfuil sé in am é a leasú i mbliain seo 2016?

Éist le Overbey anois agus í ag cur síos, mar staraí ealaíne, ar chumhdach a deineadh do phíosa den Fhíor-Chrois in Albain thart ar 1200.  (Deirim ‘éist’ mar mothaímse gur ag caint linn atá sí anseo, i gcogar, agus í lán d’ómós, lámhainní speisialta Mhúsaem na Breataine ar a lámha deasa míne agus an cumhdach criostail á mhuirniú aici):

‘It is much heavier than I thought. It is between my squeaky, latexy fingers, it is in my palm, palmed, and it is heavy. I hadn’t thought about the crystal being solid, heavy, thick … I suppose I expected it to be just something to see through, almost an idea. Not hardly a thing, not something thick and heavy in my hand.”

Samhlaigh dá mbeadh léann na hÉireann (an Ghaeilge san áireamh) á mhúineadh mar sin, samhlaigh ár n-oidhreacht go léir ag teacht chun beochta ar an mbealach sin. Earótachas agus spioradáltacht ag teacht le chéile, feoil á déanamh den bhriathar.

Is dóigh liom gurb é an ceacht is mó atá le foghlaim ón leabhar seo ná a leithéid seo: más mian linn ár n-oidhreacht a choimeád beo, caithfear í a láimhseáil agus a mhúineadh mar a bheadh rud éigin nach smaoineamh ná coincheap ná idéal í, ach mar a bheadh cumhdach taise á láimhseáil againn, rud beannaithe, rud tarraingteach tadhlach, oidhreacht atá réidh lena rún a nochtadh ach a bheith go deas léi.

In aiste eile sa leabhar seo le Jennifer Borland agus í ag caint ar lámhscríbhinní ón meánaois (nílimid gann ar lámhscríbhinní sa tír seo), deir sí:

‘We prepared our own parchment, trimmed and lined our samples, wrote on them with quills and oak-gall ink, and studied different binding techniques . . . We became intimately familiar with the smell of treated animal hide …’

Sin é go díreach é, Jennifer, a thaisce! Caithfimid boladh na hoidhreachta a fháil nó, arís, ní bheidh inti ach smaoineamh tur, carn focal! Déarfadh Jennifer gur ag brath an iomarca ar fhocail a bhímid, ar an gcur síos foclach, seachas ar earraí a fheiceáil is a láimhseáil. Bheinn ag teacht léi sa mhéid sin.

Ar aghaidh linn. Cad eile atá sa leabhar seo? Nach neamhghnách (agus nach mealltach) mar theideal ar aiste a leithéid seo ó Angela R. Bennett Segler: Touched for the Very First Time: Losing my Manuscript Virginity. Bheadh fonn ort aiste mar sin a léamh, nach mbeadh? Léigh leat! Níl a bhac ort.

– Is é an leabhar is déanaí ó pheann Gabriel Rosenstock Antlered Stag of Dawn (The Onslaught Press, Oxford), haiku i nGaeilge, Béarla, Béarla na hAlban agus Seapáinis. Is féidir a bhlag a léamh anseo.

Fág freagra ar 'An bhfuil eagla ar scoláirí na hÉireann a bheith pearsanta?'