An bhfuil duillín faisnéise uait? Diabhal neart ag Bank of Ireland ar an scéal…

Nuair a fiafraíodh de Bhanc na hÉireann cé acu an raibh sé i gceist acu rogha Ghaeilge a chur ar an ATM nua, dúradh ‘nach bhfuil aon nuashonrú’ le déanamh ar an scéal

An bhfuil duillín faisnéise uait? Diabhal neart ag Bank of Ireland ar an scéal…

Ní cosúil go bhfuil aon athrú intinne i ndán do Bhanc na hÉireann maidir lena gcinneadh deireadh a chur leis an rogha Ghaeilge atá ar fáil ar ATManna. Níl aon tseirbhís Ghaeilge ar fáil ar na meaisíní nua de chuid an bhainc atá á gcur isteach ar fud na tíre le tamall anuas.

Tá rogha Ghaeilge ar fáil ar ATManna Bhanc na hÉireann le blianta fada agus is údar díomá ag daoine an rogha sin a bheith imithe anois ó na hinnill nua a bhfuil seirbhís lóisteála ar fáil orthu.

De réir mar atá na hinnill nua sin á gcur in áit le tamall de bhlianta anuas tá suntas á thabhairt dó go bhfuil deireadh á cur leis an tseirbhís Ghaeilge agus a míshástacht curtha in iúl ag daoine i gceantair Ghaeltachta agus in áiteanna eile ar fud na tíre.

Tá gearán déanta faoin scéal le Banc na hÉireann ag custaiméirí an bhainc. Ba é Jonathon Ó Ceallaigh an duine ba dheireanaí a chuir ceist ar an mBanc ar Twitter, faoin athrú ar an ATM atá i gClár Chlainne Mhuiris i Maigh Eo.

Nuair a fiafraíodh den Bhanc cé acu an raibh sé i gceist acu nó nach raibh rogha Ghaeilge a chur ar an ATM nua sa bhaile sin, deimhníodh “nach bhfuil aon nuashonrú” ar an scéal.

Is é sin le rá, nach bhfuil sé i gceist ag Banc na hÉireann rogha Ghaeilge a chur ar na hinnill nua. Maíodh, áfach, go raibh moladh Uí Cheallaigh “curtha ar aghaidh” ag foireann Twitter an bhainc.

De réir eolais a fuair Tuairisc.ie ó Bhanc na hÉireann anuraidh, is é an Béarla an teanga a roghnaítear do níos mó ná 99% de na hidirbhearta a dhéantar ar ATManna an bhainc. Baineann na figiúirí sin le mí na Samhna 2015.

“Is é an Béarla an teanga a roghnaítear den chuid is mó. Roghnaítear an Ghaeilge do níos lú ná 1% de na hidirbhearta a dhéantar ar ár gcuid UMBanna. Baineann na figiúirí sin le heolas a bailíodh tuairim is bliain ó shin anois, ach táimid nach mór cinnte nach bhfuil aon athrú suntasach tagtha ar na figiúirí ó shin,” a dúirt urlabhraí de chuid an bhainc le Tuairisc.ie.

Ní raibh aon fhigiúirí ar fáil ó Bhanc na hÉireann faoi na háiteanna sa tír is mó a roghnaítear an Ghaeilge agus dúirt an t-urlabhraí le Tuairisc.ie go mbeadh sé “deacair go leor” eolas mar sin a bhailiú.

Is é Banc na hÉireann an t-aon bhanc in Éirinn a mbíonn rogha Ghaeilge ar fáil ar a chuid ATManna. Bíonn rogha Ghaeilge roimh chustaiméirí de chuid Applegreen ar na ATManna atá ina gcuid stáisiún peitril ar fud na tíre, ach níl aon bhaint acusan le haon bhanc faoi leith.

Cothrom an lae seo anuraidh chlúdaigh an grúpa MISNEACH ATManna de chuid Bhanc Uladh le greamáin ar a raibh scríofa ‘Banc Uladh: Rogha Ghaeilge Anois!’ agus ‘Cearta Teanga = Cearta Daonna’.

“Tá plé leanúnach ar siúl idir Banc Uladh agus Misneach le tamall anuas. Cé go bhfuil meas againn ar a mian rogha Ghaeilge a fheiceáil go forleathan, níl sé ar ár gcumas Gaeilge a thabhairt isteach ar ár gcuid ATM faoi láthair,” a dúirt urlabhraí de chuid an bhainc sin le Tuairisc.ie anuraidh.

Fág freagra ar 'An bhfuil duillín faisnéise uait? Diabhal neart ag Bank of Ireland ar an scéal…'

  • An Rógaire

    Nach bhfuil fhios againn ar fad gur béarla an t-aon teanga éigeanntach sa tír seo. Níl dóthain daoine sásta cur ina choinne seo. Dá mbeadh, thabharfadh comhluchtaí príobháideacha aird ar an éileamh. Chuige seo, bheadh gá le na mílte daoine seirbhísí i ngaeilge a lorg.

  • Tomás Ô Ceallaigh

    Chuir mé scéal chuig Bné maidir le rá nach raibh siad in ann siné fáda a chur a sholáthar ,faoin easpa gaeilge ag na atamanna agus nach raibh seic leabhar ghnó ar fàil .Is féidir le RABODIRECT RYANAIR sintî fàda a usàid .Fuaireas litir ar ais a rà go raibh an chuid seirbhis a sholthár acu i nGaeilge agus màs mian leat géaran déan é.
    IS Dócha nach bhfuil pobail na Gaeilge ag déanamh neart clamhsán

  • Róisín Ni G

    Bain triail as an bhfoirm leictreonach d’athrú ar sheoladh a líonadh amach as Gaeilge….conas gur féidir fianaise ar sheoladh Gaeilge a sholáthar ar bhille ( mar a iarrtar do sheirbhísí stáit) nuair is ‘é ‘We do not recognise these characters ‘ do fhreagra ón mbanc.

  • Braoin

    Mas ag fanacht leis na mílte daoine seirbhísí i nGaeilge a lorg, is ag fanacht a bheas mé. Is ar éigean atá an teanga beo faoi láthair ann. Mar sin féin tá an ceart agam mo theanga a úsáid sa tír seo… go teoiriciúil ar aon chaoi.
    An moladh atá agamsa faoi ná gach iarracht a dhéanamh meas uirthi a chothú sna gasúir le linn na tréimhse gearr a bhíonns siad againn… b’fhéidir amach anseo!!

  • Mánus

    Bíonn dlíthe i dtíortha dhátheangacha/ uiltheangacha ar nós an Bheilg, Ceanada,an Eilbhéis srl a chuireann iachall dlíthiúil ar chomhlachtaí príobháideacha teangacha éagsúla na tíorths sin a úsáid. Nuair nach bhfuil státchóras an Deiscirt sásta seirbhísí a chur ar fáil i nGaeilge is deacair brú a chur ar an earnáil phríobháideach.

  • Duine i gCorcaigh

    A Bhraoin: tá sin éasca go leor, má labhraímid Gaeilge leis na gasúir úd.
    Más Béarla atá á labhairt againn leo, beidh an meas céanna acu ar an nGaeilge is atá againne (i.e. meas ar bith).
    Agus ní bheidh siad ag lorg seirbhís i nGaeilge ach oiread.