An bhfuil dóthain á dhéanamh chun deireadh a chur le leithcheal inscne in Ollscoil na hÉireann Gaillimh?

Is léir nach dtuigtear fós an éagóir a rinneadh ar mhná le 10 mbliana anuas, a deir Micheline Sheehy Skeffington, ar éirigh lena cás comhionannais i gcoinne na hollscoile

NUIG_DSC00304

Is mór an chúis imní an freagra a thug an tAire Oideachais, Jan O’Sullivan ar Sheanadóir Shinn Féin, Trevor Ó Clochartaigh, nuair a dúirt sí go raibh sí ‘sásta’ leis an dul chun cinn atá déanta ag Ollscoil na hÉireann, Gaillimh maidir le ceisteanna comhionannais inscne. Dála lucht bainistíochta Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, is léir nach dtuigeann sí céard is gá a dhéanamh chun an éagóir a rinneadh ar mhná acadúla le deich mbliana a chúiteamh. Sa bhliain 2009, nuair a thionscain mise mo chás, níor tugadh ardú céime ina Léachtóir Sinsearach (LS) ach do bhean amháin (6% de na hiarrthóirí ban) i gcomparáid le 16 fear (50% de na hiarrthóirí fir). Choimrigh rialú an Bhinse Comhionannais go raibh an seans a bhí ag iarrthóirí ban ardú céime a fháil in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh níos lú ná duine as triúr, ach go raibh seans ag duine as beirt d’iarrthóirí fir ardú céime a fháil.

Maíonn an Ollscoil nach raibh aon cheist inscne ag baint leis an mbabhta deiridh arduithe céime do léachtóirí sinsearacha ós rud é go bhfuil córas oiliúna curtha ar bun ag an Ollscoil agus cothromaíocht inscne á cur i bhfeidhm ar bhoird agallaimh. De bharr na mbeartas sin agus toisc gur gheall siad go dtabharfaí ardú céime do chúigear ban, den chéad uair riamh, ba mhná beagnach 50% de na hiarrthóirí. Chuir siad 29 bean agus 28 fear a mheas siad incháilithe ar ghearrliosta. Cén fáth mar sin gur thug siad ardú céime do 70% de na fir (19) agus gan ach ardú do 9 ban? Cén fáth, ach an oiread, mura raibh aon idirdhealú ar bhonn inscne sa bhabhta deiridh seo, a bhfuil gá le tascfhórsa costasach oibiachtúil a toghadh go cúramach? Nár chóra don Aire a bheith ag fiafraí cén fáth go gcaithfí airgead, am agus saothar ag dearbhú paraiméadair d’arduithe céime a mbeadh cothromaíocht inscne ag baint leo nuair a bhí siad follasach ag an éisteacht a bhí agamsa ag an mBinse agus sa rialú a tháinig as?   

Ba léir ag an mBinse gurbh é an rangú idirnáisiúnta an rud ba thábhachtaí ag an Ollscoil. Fuair fir a mheall deontais mhóra tús áite cibé an raibh siad i ngar féin do na treoirlínte múinteoireachta agus maoirseachta a chomhlíonadh (coinníollacha a chomhlíon na mná). Tugadh ardscór dóibh as a gcuid taighde – agus tugadh aitheantas dóibh as an taighde sin chomh maith faoin mír ‘Leas don Ollscoil’. Fuair fear amháin ardú céime nach raibh fiú amháin incháilithe chun iarratas a dhéanamh. Is díol spéise é gur cuireadh i leataobh an critéar sin agus na treoirlínte ar fad i mbabhta arduithe céime do Léachtóirí Sinsearacha 2014!

Údar imní eile is ea an chuid den iarratas a iarrann ar iarrthóirí a gcuid dualgas cúraim a áireamh. Níor líon ach mná é sin agus as an seachtar ban a bhí ar an ngearrliosta, cuireadh an ceathrar a líon é, mé féin ina measc, níos ísle sa ghrádú ná fiú na mná nár bhac lena líonadh. Mar sin ní amháin go raibh leithcheal inscne i gceist ach chinn an rialú go raibh leithcheal á dhéanamh ar na mná sin mar chúramóirí. Bhí easpa mhór trédhearcachta ar phróiseas arduithe céime Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, próiseas corrach nó ‘ramshackle’ mar a tugadh air sa Rialú. Ní raibh aon réasúnaíocht le mo chuid scór féin agus ní fhaca mé aon scarbhileog a dhéanfadh a raibh bainte amach ag iarrthóirí a mheasúnú, macasamhail an chinn a réitigh mise do mo chás. Nuair nach mbíonn aon rud ar pár, bíonn sé an-éasca mí-úsáid a bhaint as an bpróiseas agus fabhar a theacht i gceist. I gcás amháin, níor bhac oifigeach sinsearach an iarrthóra an fhoirm mheasúnaithe faoina raibh bainte amach aige a líonadh isteach, ní dhearna sé ach a rá go raibh an t-iarratas ‘ceart’. Is éard a thuig mise uaidh sin go raibh a fhios aige go bhfaigheadh a iarrthóir an t-ardú céime agus nárbh fhiú dó a chuid ama a chur amú ag líonadh na foirme.

Is iomaí sin taighde a léiríonn go ngrádaítear mná go rialta níos ísle ná fir as an obair chéanna, ach amháin sa chás nach mbíonn inscne na n-iarrthóirí ar eolas ag na measúnóirí. Tugadh samplaí sa rialú a rinne an Binse i mo chás-sa nuair nár scóráladh daoine éagsúla mar a chéile; e.g. fuair mise scóranna i bhfad níos ísle ná an t-iarrthóir eile (fear) ar an gComhairle Oidhreachta.

Léiríonn na figiúirí is déanaí ón Údarás um Ard-Oideachas (HEA) gurb í Ollscoil na hÉireann, Gaillimh is measa ar an liosta ó thaobh an chéatadáin ban atá ar a bhfoireann acadúil shinsearach. Léiríonn tuarascáil AE ar innéacs na síleála gloine go bhfuil Éire sa dara háit is measa – tá Málta níos measa (níl ansin ach ollscoil amháin). Tharlódh mar sin gurb í Ollscoil na hÉirean, Gaillimh an ollscoil is measa san Eoraip ó thaobh an chéatadáin ban atá ar an bhfoireann acadúil shinsearach. Is cosúil nár chuir an rangú sin aon mhairg ar an ollscoil.

Rinneadh 20 achomharc i ndiaidh babhta arduithe céime 2014 agus dá thoradh sin, ceapadh comhairleoirí seachtracha chun ár gcuid scóranna a sheiceáil. Dúradh linn gur ‘chruthaigh’ comparáid a rinneadh idir ‘saoire’ a thóg mná ar éirigh leo ardú céime a fháil agus mná nár éirigh leo nach raibh aon chlaontacht in aghaidh na mban e.g. mná ar shaoire mháithreachais. Ach ar cuireadh saoire shabóideach san áireamh sa ‘saoire’ sin, saoire a tógadh d’aon turas ar mhaithe le forás taighde agus gairme? Cé mhéad airgid atá á chaitheamh ar na comhairleoirí agus na tascfhórsaí sin chun easpa trédhearcachta agus próis chuí a fholú?

Cén fáth nár tugadh ardú céime in 2014 do cheachtar den seisear againne, mná nach bhfuair ardú céime in 2009 ach go bhfuair ceathrar den chúigear fear an t-ardú céime? Cén fáth go bhfuil an ollscoil chomh diongbháilte sin gur liomsa amháin a bhaineann an rialú d’ainneoin gur ainmníodh triúr den chúigear ban mar mhná a ndearnadh leithcheal orthu? Is mian leis na mná sin teacht ar réiteach cairdiúil leis an Uachtarán Jim Browne, ach níl aon rogha ag an gcúigear acu ach dul chun cúirte. Tá meon san ollscoil a ligeann do dhaoine a rá mar údar grinn nach n-oibríonn mná sách crua, meon a fhágann gur féidir ceisteanna an-phearsanta faoi shláinte ban a fhiafraí agus gan aon locht a fheiceáil ar a leithéid. Ní athróidh aon tascfhórsa claontacht ná meon dá leithéid.

Fág freagra ar 'An bhfuil dóthain á dhéanamh chun deireadh a chur le leithcheal inscne in Ollscoil na hÉireann Gaillimh?'