‘An bhfuil d’fhobhríste fliuch go fóill?’ agus comhráite áiféiseacha eile

Tá fadhbanna iompair ag muintir na hÍsiltíre, dar lenár gcolúnaí – a bhí á chur soir ag na comhráite áiféiseacha i dtraenacha a thíre dúchais an tseachtain seo

‘An bhfuil d’fhobhríste fliuch go fóill?’ agus comhráite áiféiseacha eile

‘Abair amach é, an bhfuil d’fhobhríste fliuch go fóill?’

Is maith a d’aithneofá ar ghlór an fhir a bhí ag cur na ceiste nach ar leanbh nach mbeadh cleachtadh aige ar an bpota a bhí a chuid cainte á díriú aige, ach ar leannán.

An chéad rud a rinne mé, de m’ainneoin féin, ná a chinntiú go raibh m’fhobhríste féin tirim. Ansin bhreathnaigh mé thar mo ghualainn, féachaint an bhfeicfinn aghaidh an fhir a bhí i mbun cainte (ar ghuthán póca, de réir cosúlachta) ach bhí sé tar éis suí síos agus ní fhaca mé ach cúl mo shuíocháin féin.

Ar thraein a bhí mé, i mo thír dhúchais, an Ísiltír. Bhí ar a laghad seachtar eile sa charráiste.

Seo linn arís, a shíl mé liom féin.

Beidh orm cur suas le súgradh agus suirí go dtí go mbainfimid Amsterdam amach. Ar a laghad ní drochíde baile a bhí faoi chaibidil an iarraidh seo, mar a bhí i gcomhrá fóin ar thraein eile a thóg mé níos luaithe an lá sin, nuair a bhí chuile ‘Ar ghortaigh sé arís thú?’ ó fhear a bhí ina shuí in aice liom.

Bíonn comhráite pearsanta den chineál sin pianmhar go leor, ach ní céasadh go dtí an comhrá gan dealramh. Lá eile, ar thraein eile, shocraigh bean a bhí ina suí romham miontreoracha a thabhairt, ar an bhfón, don té a bhí i bhfeighil ar a clann.

‘Ba cheart go mbeadh barra Mars sa chuisneoir … Bog an iógart, seans go bhfeicfidh tú é … Ní hea, an iógart! Ba cheart go mbeadh an barra Mars taobh thiar de … Nach bhfuil? An bhfuil tú tar éis seiceáil ar bharr an chuisneora, taobh thiar den vása leis na bláthanna? Is ea, ba cheart dom iad sin a chaitheamh amach an tseachtain seo caite …’

Agus mar sin de, in ard a glóir agus ar feadh uair iomlán an chloig.

Tá teoiric agam féin maidir le dáileadh tíreolaíoch na ndaoine seo a thugann neamhaird iomlán ar ghnásanna an spáis phoiblí: dá fhaide siar ó thuaidh san Ísiltír a théann tú is ea is mó a líon.

Tuigeann NS, an comhlacht stáit atá i mbun na n-iarnród, an fhadhb. Le blianta beaga anuas, tá ‘carráistí ciúnais’ ar chuid mhór traenacha, carráistí ina bhfógraíonn lógó de chigire ticéad agus a mhéar lena bheola aige ar phaisinéirí fanacht ina dtost.

Ach is iad a locht ná a laghad, agus níl sa lógó ach lógó. Dáiríre, ní bhíonn na ‘carráistí ciúnais’ ach ábhairín níos suaimhní ná an chuid eile den traein, ar cosúla le naíonra ar rothaí í, go minic, ná le modh iompair.

Iompar, sin í an fhadhb. Ó d’fhág mé féin an Ísiltír breis is fiche bliain ó shin, tá athrú mór millteach tagtha ar shochaí mo thíre dúchais. Feictear dom gurb iad na comhráite seafóideacha, nó na cinn sin a bhíonn i bhfad róphearsanta, ar na traenacha an léiriú is fearr ar an athrú sin. 

Comhráite iad a chuireann ar a súile do dhaoine eile – comhphaisinéirí, comhthírigh – nach ann dóibh, a thuilleadh, i súile an duine aonair.

Fág freagra ar '‘An bhfuil d’fhobhríste fliuch go fóill?’ agus comhráite áiféiseacha eile'

  • Breathnóir

    Spéisiúil, ach bíonn orainn cur suas le cuid mhór comhráite seafóideacha ar bhusanna agus ar thraenacha in Éirinn freisin…

  • maidhc

    Bainim taithneamh as do scriobhnóireacht a Alex.