An bhfuil dearmad á dhéanamh ag na meáin ar an domhan mór?

Más leisciúil iad na meáin, ciallaíonn sé sin gur annamh don phobal amharc lasmuigh de scailp bheag na sócúlachta acu féin…

An bhfuil dearmad á dhéanamh ag na meáin ar an domhan mór?

‘Tá na meáin anseo ag éirí leisciúil; ag díriú isteach orthu féin, agus dearmad á dhéanamh acu ar an domhan mór. Tá níos lú tuairisceoirí thar lear acu. Seachas scéalta móra ar nós Trump nó an Bhreatimeachta, is cuma leo faoi scéalta an domhain. Ní gnáthnós é sin anseo, agus is cúis imní é sin dom.” Táim suite os comhair mo charad, iarchraoltóir a bhfuil comhlacht léiriúcháin aici anois, agus sinn ag ól caife ina hárasán i gcathair Chóbanhávain. Tá an seomra suí deartha i stíl álainn na dtíortha Nordacha, mar a bheadh árasán in iris dearadh intí ann. In ainneoin áilleacht na n-árasán, is cosúil go bhfuil rud éigin lofa i stát na Danmhairge.

Ach ní bhaineann drochscéal mo charad leis an nDanmhairg amháin, áfach. Craoltóir seirbhís phoiblí na Danmhairge, Danmarks Radio, atá i gceist aici, ach tá an nós céanna in Éirinn le cúpla bliain anuas. Is lú tuairisceoirí de chuid RTÉ a bhfuil cónaí orthu thar lear anois, agus dúnadh oifig agus stiúideo dá gcuid i Londain in 2012. An gciallaíonn sé sin, áfach, nach bhfuil léiritheoirí nuachta ná iriseoirí ag amharc ar an nuacht idirnáisiúnta a thuilleadh? Ní chiallaíonn, ach is amhlaidh go bhfuiltear anois ag brath ar sheirbhísí nuachta ar nós Reuters chun nuacht i gcéin a fháil, seachas a bheith á lorg iad féin chun cruth dá gcuid féin a chur ar an scéal.

Maidir leis na meáin Ghaeilge, ní mór a bheith fíorbhuíoch as an mbuíon beag iriseoirí atá lonnaithe thar lear, leithéidí Chathail Uí Chuaig i mBarcelona, Alex Hijmans sa Bhrasaíl agus daoine eile a chuireann tuairiscí ar fáil corruair. A bhuíochas leis na meáin shóisialta, bíonn scéalta idirnáisiúnta á bplé ag go leor daoine i gcéin ar chláracha de chuid Raidió na Gaeltachta (Cormac ag a Cúig agus Adhmhaidin, go háirithe) agus ar leithéidí Fada is Fairsing ar Raidió na Life. Ní haon ionadh é go mbíonn ardchaighdeán iriseoireachta ag baint le Raidió na Gaeltachta, nuair a tuairiscíodh le déanaí gurb iadsan an t-aon dream raidió a bhfuil cothromaíocht inscne acu ó thaobh láithreoirí de. Ach, sin dea-scéal eile.

De réir suirbhé domhanda a rinne an Pew Research Center i Meiriceá anuraidh, tá suim ag 57% de dhaoine sa mhéid a tharlaíonn thar lear, agus tá an céatadán sin níos airde san Eoraip. Ní bhíonn go leor airgid ag na meáin Éireannacha (na meáin Ghaeilge san áireamh) iriseoirí a fhostú go lánaimseartha thar lear a thuilleadh, agus is cosúil go bhfuil an ré sin ag teacht chun deiridh, seachas i gcás na gcomhlachtaí móra ar nós an BBC, CNN, an New York Times, agus beagán eile. Ach fós féin, tá an nuacht idirnáisiúnta tábhachtach dúinn. Cén rogha atá fágtha againn, mar sin, chun léargas oscailte idirnáisiúnta a fháil inár gcuid nuachta?

Is é an freagra, b’fhéidir, go bhfuil orainn, mar phobal léitheoireachta, a bheith ag brath orainn féin agus ar a chéile chun súil a choinneáil ar scéalta eile nach mbaineann le hÉirinn. Ar shlí amháin, is éasca a leithéid a dhéanamh na laethanta seo, a bhuíochas leis na meáin shóisialta agus an t-idirlíon. Sin ráite, má táthar fós ag brath ar fhoinsí eile i bhfad ón tuairisceoir féin agus ón láthair féin, is féidir leis an mbearna fhisiceach sin an scéal a déanamh níos laige. Ar an taobh eile, is scáthán ar an tsochaí í an iriseoireacht agus na meáin: más leisciúil iad na meáin, ciallaíonn sé sin gur annamh don phobal amharc lasmuigh de scailp bheag na sócúlachta acu féin. Caithfear a bheith fiosrach go leor le teacht ar scéalta eile seachas na cinn atá ann go soiléir.

Caithfear léamh. Caithfear éisteacht. Caithfear cuardach.

Fág freagra ar 'An bhfuil dearmad á dhéanamh ag na meáin ar an domhan mór?'

  • Mánus

    Tá an clár Fíorscéal ar TG4 ag scaipeadh an tuafás eolais faoi tíortha an domhain leis na blianta. D’fhéadfadh muid na cláracha sin a mholadh ar Facebook. Is eiseamlár eisceachtúil ilteangach é Fíorscscéal TG4. Níl sraith ar bith ilteangach mar é ar na cainéil teilifíse eile in Éirinn ná sa Bhreatain.
    Ba chóir go mbeadh scéim ag an AE an maoiniú do chur ar fáil le go mbeadh nuachtáin i mionteangacha in ann cúpla scéal as nuachtáin i mórtheangacha a aistriú is a fhoillsiú gach seachtain leis an gné idirnáisiúnta a láidriú.