An bhfuil daoine bailithe de dhomhan Star Wars?

Bhíodh blas ar an mbeagán i gcás Star Wars agus ní fhéadfaí a mhaíomh gur saothar iontach Solo: A Star Wars Story

An bhfuil daoine bailithe de dhomhan Star Wars?

Solo: A Star Wars Story

Stiúrthóir: Ron Howard

Cliar: Alden Ehrenreich, Emila Clarke, Woody Harrelson, Dibak /gkiver, Thandie Newton, Paul Bettany, Jonas Suotamo

An bhfuil daoine bailithe de dhomhan Star Wars? B’fhéidir gurb ionann sin agus ráiteas diamhaslach ag lucht creidimh, saoithíní agus lucht leanta antoisceach na sraithe iomráití seo. Ach más aon fhianaise an teacht isteach a bhí ag an táirge seo i Meiriceá i gcaitheamh an deireadh seachtaine is léir go bhfuil a sáith den domhan seo feicthe ag sciar den lucht féachana ansin.

Ar feadh na mblianta ba é a laghad scannán a bhí ann an bua ba mhó a bhí ag an gcnuasach óir chothaigh an easpa maoithneachas agus cíocras. Bhí bearna 16 bliain idir an triológ bhunaidh agus na réamhscannáin agus cuireadh an dara cnuasach os ár gcomhair thar thréimhse sé bliana. Cuir é sin i gcomparáid le ceithre tháirge a bheith againn in imeacht trí bliana agus gan ach sé mhí idir Star Wars: The Last Jedi agus an saothar seo. Tá an iomarca griothail sa taoscadh.

Ag an bpointe seo ní mhór do dhuine amlíne mar aon le cuntas téagartha ar charachtair agus stair an chnuasaigh a bheith ina ghlac aige le fáil amach cá suíonn na táirgí gaolmhara seo ar fad sa chanóin. Tá eachtraí an scannáin seo suite 10 mbliana roimh thosach Star Wars: Episode IV – A New Hope; rud a bheadh le sonrú ag an lucht féachana iad féin go dtí go gcítear carachtar a cuireadh de dhroim seoil in Star Wars: Episode 1 – The Phantom Menace. Tá freagra ar an mearbhall sin le fáil sa tsraith beochana Star Wars: The Clone Wars (2008 – 2015). Ní scéal mhadra na n-ocht gcos go dtí é.

Sa saothar seo dírítear ar an gcarachtar is caithisí agus is mó tóir, b’fhéidir, sa chnuasach ar fad, Han Solo. Ba é an ról sin a dhein cóta bán Harrison Ford agus neadaíodh Solo sa chultúr coiteann. Cloch mhíle is ea é an carachtar a athnuachan trí aisteoir nua a fháil – cinneadh dána agus dainséarach araon. Éiríonn le Ehrenreich a léamh féin a dhéanamh ar an gcarachtar agus macallaí a bhaint as léamh Ford ag an am céanna. Ina dhiaidh sin féin, ní dóigh liom go bhfuil éinne curtha faoi dhraíocht aige.

Déantar tosach an ghaoil idir Han agus Chewbacca a rianú mar aon le raidhse carachtar nua a chur os ár gcomhair. Címid Solo ag tosú amach sna slumaí ar phláinéad gránna agus ina dhiaidh sin chímid a chuid cúblála á thabhairt isteach i bhfórsaí na hImpireachta mar phíolóta. Ina dhiaidh sin arís, de bharr teallaireachta, faigheann sé ísliú céime go dtí leibhéal an tsaighdiúra. Téann sé i mbun comhghuaillíochta le buíon bligeard fé cheannas Beckett (Harrelson) agus avae linn ar bhóthar na heachtraíochta agus nodanna beaga den chanóin farainn i rith an ama. Cuireadh carachtar Newton de dhroim seoil chomh luath sin gur chuma ann nó as í ach bhí an bithiúnach, Dryden (Bettany) lán le haiteas agus brúidiúlacht, mar a bheifeá ag súil leis. Níl a fhios agam cad a bhíothas ag iarraidh a dhéanamh le carachtar Clarke, ach tá an chuma ar a cuar scéalaíochta agus críoch an scéil go bhfuil an bhunchloch ann do scannáin leantacha.

Tá roinnt ciútaí agus comharthaí sóirt ón gcanóin fágtha ar lár: níl aon tagairt don Jedi, níl aon chomhrac le claíomh solais (is ar éigean go gcímid ceann), níl aon téacs ag snámh ar an scáileán ag an tús agus níl aon ról in aon chor ag R2D2 agus C3PO.

Bhíos ag súil le gaisce ón draoi Howard; an té a bhí ar an stiúir do tháirgí fuaimintiúla cosúil le A Beautiful Mind (2001), Apollo 13 (1995) agus Frost/Nixon (2008). Tá an saothar seo ábalta agus taitneamhach; bhí an ghadaíocht traenach ar fheabhas mar shampla, ach ní fhéadfaí a mhaíomh gur saothar thar na bearta atá anseo.

Fág freagra ar 'An bhfuil daoine bailithe de dhomhan Star Wars?'