An bhfuil ciall le diúltú Fhianna Fáil agus Fhine Gael dul i gcomhrialtas le Sinn Féin?

B’fhéidir nach dtarlóidh sé i ndiaidh an toghcháin seo, ach ní fada uainn an lá go ndéanfar cleamhnas  le Sinn Féin

An bhfuil ciall le diúltú Fhianna Fáil agus Fhine Gael dul i gcomhrialtas le Sinn Féin?

Dáiríre ní olltoghchán amháin ach péire a bheas ar bun seachtain ón Satharn seo chugainn: toghchán ina mbeidh Fine Gael agus Fianna Fáil in iomaíocht lena chéile, agus ceann eile atá chóir a bheith buaite cheana féin ag Sinn Féin.

Tá toghthóirí an stáit deighilte fós ina dhá leath, mar a bhí siad in 2016, idir lucht tacaíochta an dá pháirtí is mó ar thaobh amháin agus lucht tacaíochta na bpáirtithe eile ar fad ar an dtaobh eile. Léiríonn gach pobalbhreith gur dóigh gur thart ar a leath den vóta iomlán a roinnfear idir Fianna Fáil agus Fine Gael arís an babhta seo, agus go mbeidh Sinn Féin chun tosaigh ar na páirtithe eile 

Ar ndóigh, ní féidir mór-athrú meoin a chur as an áireamh a chuirfeadh Sinn Féin chun tosaigh ar Fhine Gael nó ar Fhianna Fáil, ach is mó an seans go mbeidh Sinn Féin sa tríú háit arís.

Mar sin, beidh rannpháirtíocht an pháirtí i gcomhrialtas á plé arís i gceann coicíse, go háirithe murar léir móramh Dála dá uireasa.

Tá ceist shimplí le freagairt ag Fine Gael agus le Fianna Fáil araon, cé go mb’fhéidir go mbeidh olltoghchán eile riachtanach sula dtabharfar orthu an cheist a réiteach.

Cad a thugann orthu dáiríre diúltú go hiomlán do bhunú comhrialtais ina mbeadh Sinn Féin páirteach?

Is fiú na cúiseanna imní atá luaite ag Leo Varadkar agus Micheál Martin ó thosaigh feachtas an olltoghcháin seo a chíoradh.

Ardchomhairle Shinn Féin

Thaispeáin fianaise a tháinig chun solais le linn éisteachtaí binse fiosrúcháin i mBéal Feirste gur iarr Máirtín Ó Muilleoir, nuair a bhí sé ina aire airgeadais ag Sinn Féin in Stormont, treoir ó chomhaltaí sinsearacha i ngluaiseacht na poblachta in 2017.  Chosain Mary Lou McDonald an chomhairle sin Dé Máirt agus deimhniú á thabhairt aici go gcloífeadh airí Shinn Féin lena gcomhfhreagracht mar airí rialtais.

Tuairim: Ní freagra iomlán a bhí ina ndúirt McDonald ar an imní a chuir an scéal aduaidh ar pháirtithe eile, ach is deacair a shamhlú nach bhféadfaí iad a chur ar a suaimhneas dá mbeadh comhrialtas eatarthu á phlé go fonnmhar ag an dá thaobh.

An Chúirt Choiriúil Speisialta

Bhíodh cealú na cúirte á éileamh roimhe seo ag Sinn Féin. Níl uathu anois ach ‘athbhreithniú’ – athrú polasaí a léiríonn toil chomhréitigh. Is léir mar sin go bhfuil ceannairí Fhine Gael agus Fhianna Fáil ag tagairt do pholasaí atá curtha i leataobh agus dearcadh an pháirtí ar an gcúirt sin á cháineadh acu.

Tuairim: Dá mbeadh toil chomhréitigh i réim tar éis an toghcháin, d’fhéadfaí ábhar achrainn mar seo a réiteach gan stró.

Polasaithe Shinn Féin

Dúirt urlabhraithe ó Fhine Gael agus ó Fhianna Fáil go raibh an caiteachas as cuimse a ghealltar i bhforógra Shinn Féin iomarcach agus mífhreagrach. Tá caiteachas €22 billiún in imeacht cúig bliana molta ag an bpáirtí.

Measann an Roinn Airgeadais gur €11 billiún sa bhreis ar a mhéid a bheas ar fáil sa tréimhse chéanna.

Tuairim: Is cuma cén cáineadh a dhéantar ar chaiteachas roimh thoghchán, nó cén caiteachas a ghealltar. Más mian le páirtithe margadh a dhéanamh ar ball, déanfar é. 

Athaontú na tíre

Teastaíonn reifreann sa Tuaisceart ar athaontú na tíre ó Shinn Féin chomh maith le fóram uile-Éireann chun ceist an aontaithe a phlé. Ní aontaíonn Fianna Fáil ná Fine Gael le ceachtar aidhm faoi láthair

Tuairim: Is ag rialtas na Breataine amháin atá an chumhacht reifreann ar aontú a reáchtáil – rud nach ndéanfar i Londain, agus rud nach n-iarrfar i mBaile Átha Cliath sa ghearrthéarma, ar a laghad. Bheadh Fianna Fáil agus Fine Gael toilteanach, ainneoin a bhfuil ráite acu, fóram mar atá molta ag Sinn Féin a bhunú dá mbeadh bunú comhrialtais á phlé.

An nasc leis an IRA

Cuireann cúlra paraimíleata Shinn Féin imní ar pháirtithe eile, ainneoin sos lámhaigh a bheith fógartha ag an IRA i 1997 agus ainneoin a ngunnaí a bheith curtha ó mhaith acu in 2005. Ach cé nach mian le mórán a leithéid a rá go poiblí, ní chreidtear go forleathan go bhfuil deireadh le smacht/tionchar an IRA ar Shinn Féin.

Deir ceannairí Shinn Féin nach ann don IRA níos mó, ach cuireann a rannpháirtíocht i searmanais chuimhneacháin na gluaiseachta i gcuimhne do pháirtithe eile go bhfuil meas ag Sinn Féin i gcónaí ar fheachtas míleata a cháin gach páirtí eile.

Tuairim: Fág an cáineadh agus an chosaint i leith an ábhair seo i leataobh. Is féidir muinín a chothú idir Sinn Féin agus páirtithe eile ach beidh gníomh mór creidimh riachtanach sula dtiocfar ar an gcomhthuiscint dhaingean a theastódh chun margadh comhrialtais a dhéanamh eatarthu.

An mbeadh a leithéid indéanta tar éis an olltoghcháin? Is ar éigean é. Ach ina dhiaidh sin, ní fada uainn an lá ar a ndéanfar é. Múineann riachtanas toil.

Fág freagra ar 'An bhfuil ciall le diúltú Fhianna Fáil agus Fhine Gael dul i gcomhrialtas le Sinn Féin?'