An bhfuil bónas paindéime tuillte agam as an gcolún seo?

‘Comhrá’ leis an eagarthóir a chuir ar a shúile dár gcolúnaí gur chóir dianmhachnamh a dhéanamh faoi íocaíochtaí bónais paindéime

An bhfuil bónas paindéime tuillte agam as an gcolún seo?

Bhí dea-ghiúmar ar an Eagarthóir, mar a bhí soiléir láithreach nuair a d’oscail mé doras a oifige ar an 17ú hurlár i gceannáras Tuairisc.ie.

‘Fáilte romhat a Chathail, is fada an lá ó bhí deis againn a bheith i dteannta a chéile. Is fuath liom na srianta in aghaidh an víris a chuir stop le gnáthchaidreamh daoine. An bhfuil a fhios agat, ó thús na bliana go dtí an mhí seo caite ní raibh mé sa seomra céanna le mo rúnaí, ná le mo rúnaí pearsanta, ná le mo rúnaí riaracháin ach oiread. Sár-oibrithe, nár leag mé súil orthu ar feadh naoi mí.’

Níor chuir a scéal iontas ar bith orm. Bhí an fhoireann go léir sa riocht céanna. Muid ag obair inár n-aonar, gach fiosrú beagnach a bhain lenár gceird á dhéanamh ar an bhfón agus gach cruinniú á reáchtáil ar Zoom.

‘Ach féach, buíochas le Dia tá cúrsaí ag dul i bhfeabhas ar deireadh thiar. Níl an víreas ceansaithe go hiomlán ar ndóigh, ach táimid ag filleadh de réir a chéile ar an ngnáthshaol. Tá faoiseamh tuillte againn go léir. Tae nó caife?”

Ghabh mé buíochas leis ar an toirt. Ní maith leis é má dhiúltaíonn cuairteoir do thairiscint dá leithéid amhail is gur gnáthchruinniú gairid atá roimhe.

‘Caife,’ arsa mise.

“Costa Rica nó Arabica?”

‘Arabica, le do thoil.’ Ba chuma liom dáiríre, ach bhí a fhios agam go mbíonn meas ag an Eagarthóir i gcónaí ar scríbhneoirí a dhéanann rogha seachas rogha a sheachaint.

‘Chuige seo atáim,’ arsa an tEagarthóir nuair a bhí an caife curtha sna cupáin aige. Bhí an bheirt againn inár suí ar tholg mór galánta le hais na fuinneoige a thug sárléargas dúinn ar Chuan na Gaillimhe amach go Ceann Boirne.

“Tá sár-obair chrua uaigneach déanta ag ár scríbhneoirí le bliain go leith ar chóir í a chúiteamh libh ar bhealach éigin. Tá socrú déanta ag na stiúrthóirí Bónas Paindéime a thairiscint dár scríbhneoirí go léir.’

Bhí a fhios againn go léir go raibh na stiúrthóirí i mbun cruinnithe ó mhaidin sa seomra boird ar an 18ú hurlár de cheannáras Tuairisc.ie. Chualamar ráfla go raibh ‘gnó neamhghnách’ ar an gclár, ach ní raibh aon súil againn le bónas, tharla gur oibrigh go leor daoine eile in áiteanna a bhí i bhfad níos contúirtí ná ceannáras Tuairisc.ie.

‘Go raibh maith agaibh,’ arsa mise. Ní foláir a bheith béasach, fiú i gcás áiféise.

‘Ná habair é,’ arsa an tEagarthóir. ‘Níl aon ghá le buíochas. Sibhse, na scríbhneoirí, a thuilleann ár mbuíochas. Bhí na stiúrthóirí ar aon tuairim. Níl a gcruinniú thart, ach d’iarradar orm an dea-scéal a scaipeadh láithreach.

‘Beidh bónas deas mar sin sa chéad íocaíocht eile a chuirfear chugatsa agus chuig gach scríbhneoir. Roinnfear míle euro eadraibh.’

Níor theastaigh ach leathshoicind leis an áireamh a dhéanamh. Dhá chéad scríbhneoir agus €1,000 á roinnt eatarthu. Cúig euro an duine mar sin? Ó bhuel, cén dochar? B’fhéidir go mbeadh dóthain agam le slisne pizza a cheannach ar an mbealach abhaile.

Is ina dhiaidh sin a chuimhnigh mé ar ár gcomrádaithe.

‘Sula bhfógraíonn tú an gníomh flaithiúlachta seo, nár chóir smaoineamh ar dhaoine eile chomh maith? An fhoireann teicneolaíochta, mar shampla, nach raibh aon rogha acu uaireanta ach a gcuid oibre a dhéanamh san oifig.’

‘Fair play duit, tá an ceart agat ar ndóigh,’ arsa an tEagarthóir. ‘Cuirfidh mé téacs chuig cathaoirleach an bhoird anois díreach. Táim cinnte go n-aontóidh na stiúrthóirí leat go bhfuil bónas tuillte acu.’

‘Fan ort,’ a dúirt mé leis. ‘ná déan dearmad ar an bhfoireann riaracháin agus cuntais, ná ar na heagarthóirí eile.’

‘Gan dabht,’ arsa an tEagarthóir, ‘bheadh muid náirithe mura n-íocfaimis an bónas leosan freisin. Tá siad á gcur ar an liosta anois agam.’

I gcead don Eagarthóir, is duine breá lách é. Ní fhéadfá sprionlaitheacht a chur ina leith riamh, dá gcuirfí cás réasúnta faoina bhráid.

‘Cúpla duine eile,’ arsa mise leis. ‘Ní bheadh sé réasúnta ná cothrom gan bónas a thairiscint dár gcomrádaithe eile. Na rúnaithe a mhol tú féin ar ball…’

‘Míle buíochas,’ arsa an tEagarthóir, ‘ní mhaithfidís go deo dom é dá bhfágfaí as an áireamh iad.’

‘Agus ar ndóigh ná déanaimis dearmad ar na dearthóirí, na grianghrafadóirí, an fhoireann fógraíochta, na glantóirí, an lucht slándála agus na hoibrithe ar fad sa bhialann. Ní raibh siad go léir i dteannta a chéile gach lá, ach rinneadar go léir obair as an ngnáth, obair nach raibh saor ó dhainséar.’

‘Aontaím go hiomlán leat,’ arsa an tEagarthóir (focail nach gcloisim óna bhéal rómhinic).

‘Sílim go bhfuil gach duine curtha ar an liosta anois. Cúig chéad oibrí san iomlán, agus míle euro le roinnt eatarthu…

‘Dhá euro an duine mar sin. B’fhearr go mór dá mb’acmhainn dúinn níos mó a thairiscint dóibh ach faraor ní hacmhainn.’

Bhí an tEagarthóir ina thost ar feadh scaithimh. Bhí an imní follasach ar a ghnúis agus ina ghlór nuair a labhair sé.

‘An dóigh leat gur mó an fhearg ná an buíochas a spreagfadh an bónas beag seo? Arbh fhearr athmhachnamh a dhéanamh sula ndeirtear níos mó ina thaobh?’

‘B’fhearr,’ arsa mise leis.

Fág freagra ar 'An bhfuil bónas paindéime tuillte agam as an gcolún seo?'

  • Eoin Ó Murchú

    Nó an bhfuil an bónas tuilte acu siúd a mbíonn orthu ár gcolúin a léamh?

  • Pádraig O'hEipicín

    Tá ar ndóigh.