An bhfuil biseach i ndán d’Fhianna Fáil faoi dheireadh?

Coinnígí súil mar ar na pobalbhreitheanna atá le teacht, seans go n-athróidh siad scéal na polaitíochta

An bhfuil biseach i ndán d’Fhianna Fáil faoi dheireadh?

Ón olltoghchán seo caite tá Fianna Fáil i gcruachás. Sa toghchán sin bhí siad taobh thiar de Shinn Féin ó thaobh vótaí céad rogha, ach chuaigh rudaí chun donais ina dhiaidh agus iad taobh thiar de Shinn Féin agus d’Fhine Gael freisin ó Mhárta 2020 ar aghaidh.

Ach tá comhartha beag ann go bhféadfadh athrú teacht air sin, má dhéantar scrúdú ar na trí phobalbhreith is deireanaí, ag IpsosMRBI (san Irish Times), B&A (sa Sunday Times) agus Ireland Thinks (sa Mail on Sunday).

Tá Fianna Fáil ar comhscór le Fine Gael, ar 20% ag Ipsos agus tá siad chun tosaigh ar a gcomhghleacaithe rialtais ag B&A. 23% in aghaidh 20%. Ach ocht bpointe taobh thiar d’Fhine Gael atá siad ag Ireland Thinks, 17% in aghaidh 25%.

Mar a tharlaíonn bíonn difear beag idir na comhlachtaí pobalbhreithe ar fad, maidir le méid na tacaíochta atá ag Fianna Fáil.  Ach ó mhí an Mheithimh ar aghaidh bhí siad aontaithe faoin gcéad áit a bheith ag Sinn Féin gan stró.  Léiríonn siad freisin laghdú ar thacaíocht Fhine Gael ó cheann go chéile, ach níl siad ar aon bhreith maidir le tacaíocht Fhianna Fáil.

Ar an meán, de réir Red C, tá tacaíocht 13% ag Fianna Fáil sna naoi bpobalbhreith dá gcuid a foilsíodh i mbliana.  De réir Ireland Thinks, tá 14% acu.

Ach tugann Ipsos agus B&A níos mó dóibh i gcónaí.  Ar an meán tugann Ipsos 18.5% dóibh ar 21% atá siad ag B&A.

Ar ndóigh ní hiad na figiúirí féin is tábhachtaí, ach an treo a bhfuil tacaíocht na bpáirtithe ag dul. Agus, seachas an casadh is déanaí seo ag Ipsos agus B&A, níl aon difear suntasach idir an méid a léiríonn na comhlachtaí.

Ar ndóigh tá sé róluath a rá gur rud buan a bheidh sa bhfeabhas atá ar thacaíocht Fhianna Fáil agus sa laghdú atá ag teacht ar thacaíócht Fhine Gael, ach ar nós an duine a bhíonn á bhá tá muintir Fhianna Fáil ríméadach faoin údar dóchais is lú.

Beidh spéis faoi leith á cur sna pobalbhreitheanna atá le teacht in 2022. Dá leanfadh Fianna Fáil leo ag feabhsú, mar atá le tabhairt faoi deara le deireanas, bheadh impleachtaí móra ann don cheangal idir Fianna Fáil agus Fine Gael, agus b’fhéidir do cheannaireacht Fhianna Fáil féin.

Go dtí seo glacadh leis go raibh tacaíocht Fhianna Fáil ag dul síos mar gheall ar iad a bheith sa leaba le Fine Gael.  Agus glacadh leis go bhfuil an pholaitíocht in Éirinn anois ina coimhlint idir an eite chlé, faoi cheannas Shinn Féin, agus an eite dheis faoi cheannas Fhine Gael.  Ní raibh aon ról ag Fianna Fáil sa tuiscint sin.

Ach éiríonn Fianna Fáil níos láidre ná Fine Gael agus má éiríonn leo cuid den tacaíocht ón meánaicme a chaill siad a fháil ar ais, tá seans ann go bhféadfadh comhthéacs an scéil athrú.

Cuirtear an milleán ar Mhicheál Martin mar gheall ar drochstaid Fhianna Fail toisc go mbíonn sé chomh nimhneach sin i gcoinne Shinn Féin gur fhág sé a pháirtí féin ar a nglúine os comhair tóin Fhine Gael.  Bhí baill an pháirtí sásta ligean dó fanacht i gceannas ar an bpáirtí go dtí go mbeadh a thréimhse mar Thaoiseach curtha i gcrích aige.

Ach anois beidh Martin in ann iarracht a dhéanamh fanacht sa gceannaireacht, ag rá go bhfuil an taoide tuile ar an mbealach.  Céard a dhéanfaidh naimhde Martin sa bpáirtí mar sin ag deireadh na bliana seo chugainn nuair a thiocfaidh deireadh lena thréimhse mar Thaoiseach agus nuair a bheidh Leo Varadkar i mbun an chúraim sin?

Tá Varadkar féin faoi bhrú mór ar ndóigh mar gheall ar lagan an pháirtí, is má leanann sin ar aghaidh ní dóigh liom go mbeidh achar rófhada ann sula mbeidh na sceana á ngéarú dó.

Ní chuireann na ceisteanna seo aon bhrú ar Shinn Féin, atá ag dul ó neart go neart i gcónaí, ach tá seans maith ann go gcuirfidh siad leis an éiginnteacht is an aimhréidh a bhaineann leis an rialtas.

Má bhíonn cathanna inmheánacha le troid, ní bheidh an fócas céanna acu ar ghnéithe eile den pholaitíocht.

Deirtear gur fada an t-achar seachtain sa bpolaitíocht, ach bhí páirtithe an rialtais ag súil go mbainfeadh an mana sin le Sinn Féin.  Anois, ámh, leo féin a bhaineann sé – éiginnteacht a d’fhéadfadh na páirtithe rialtais a lagan tuilleadh.

Coinnígí súil mar sin ar na pobalbhreitheanna atá le teacht. Seans go n-athróidh siad scéal na polaitíochta anseo ar fad.

Fág freagra ar 'An bhfuil biseach i ndán d’Fhianna Fáil faoi dheireadh?'