An bhfuil aon seans go seasfaidh muid an fód in 2021?

Tá bliain dhúshlánach eile romhainn fiú agus vacsaín ar fáil anois

An bhfuil aon seans go seasfaidh muid an fód in 2021?

Bhí trí mhórfhadhb i saol na polaitíochta an bhliain seo caite – aimhréidh an rialtais, bagairt an Covid-19 agus scáth an Bhreatimeachta –agus is iad na trí mhórfhadhb chéanna atá romhainn sa mbliain nua seo.

Thángthas ar shocrú faoin mBreatimeacht sa deireadh ach ní shin le rá nach gcruthóidh sé go leor fadhbanna dúinn.

Cinnte, tá ábhar dóchais ann maidir le Covid-19, ach ní thabharfadh an rialtas an oiread sin misnigh duit lena gcaint éiginnte faoin gclár vacsaínithe a bheith curtha i gcrích faoi lár na bliana.

Mar sin fhéin, in ainneoin líon na gcásanna a bheith ag dul ó smacht arís, tá bunús maith leis an dóchas go bhfaighidh muid an lámh in uachtar ar an ngalar.  Scéal maith é sin don eacnamaíocht agus don chaidreamh sóisialta againn le gaolta is cairde.

Ach, ó thaobh na polaitíochta de, is í an cheist mhór ná céard atá i ndán d’Fhianna Fáil?

Faoi cheannaireacht Mhicheál Martin tá tacaíocht an pháirtí tite go tubaisteach: 12% a thug Red C dóibh ar fud an stáit, agus gan ach 7% acu i mBaile Átha Cliath.

Tá a fhios ag an saol nach mbeidh sé i gceannas ar an bpáirtí ach go dtí deireadh a thréimhse mar Thaoiseach.  Ach an féidir leis an bpáirtí fanacht an fhad sin?

Tuigeann na gníomhaithe, is dócha, go bhfuil an dochar déanta is nach bhfuil aon leigheas ar chúrsaí sa ghearrthéarma.  Agus ní theastaíonn ó aon cheannaire nua páirtí a thabhairt isteach i dtoghchán ina ndéanfar scrios ar an bpáirtí sin.

Ach má ligeann siad do Martin fanacht in oifig ní léir go dtiocfaidh aon stop leis an meath; agus is é an ceannaire nua a bheas freagrach as an toghchán, más luath nó mall é, ar aon chuma.

Tá siad ann, ar ndóigh, an dream beag a thaobhaíonn i gcónaí le Martin, a bhfuil súil acu go dtiocfaidh feabhas ar an scéal, ach níl aon fhianaise ann go bhfuil a leithéid ar na bacáin.

Díol suime cén fhad a fhanfaidh naimhde Martin sula n-éireoidh siad amach, ach mura mbíonn ardú cinnte ar thacaíocht an pháirtí faoi dheireadh an earraigh, ceapaim go dtabharfar a dhúshlán go luath sa samhradh.

Ceist spéisiúil ansin ar ndóigh ná an leanfaidh an ceannaire nua leis an gcomhghuaillíocht le Fine Gael nó an dtabharfaidh sé faoi thoghchán ina mbeadh titim eile i ndán don pháirtí ach a thabharfadh ardán éigin dóibh, b’fhéidir, pleanáil don todhchaí.

Ach má tá deacrachtaí ag Fianna Fáil, tá an scéal chomh dona céanna ag an gComhaontas Glas.

Chuir an páirtí sin go láidir in aghaidh an chonartha trádála CETA le Ceanada (conradh a thugann cead do chomhlachtaí cás cúirte thógáil in aghaidh an rialtais má thugtar rialacha nua isteach a chuireann isteach ar a gcuid brabúis).

Tá Fianna Fáil agus Fine Gael ag iarraidh dul ar aghaidh le CETA agus is cosúil go bhfuil Éamon Ryan sásta glacadh leis sin cé go bhfuil sé in aghaidh pholasaí a pháirtí is nach luaitear i gClár an Rialtais é.

Tá an eite chlé den pháirtí ag rá go vótáilfidís in aghaidh an chonartha seo, rud a d’fhéadfadh an rialtas a chur i mbaol.  Feicfimid linn.

Bealach amháin nó bealach eile, is rogha idir Fine Gael agus Sinn Féin a bheidh ann, agus ní léir go bhfuil na mionpháirtithe ar an eite chlé – ag an bpointe seo – sásta glacadh le ceannaireacht Shinn Féin.  Is cinnte nach dea-chomhartha a bhí sa ról a bhí  Catherine Murphy ó na Daonlathaigh Shóisialta san ionsaí ar Bhrian Stanley.

Níl aon fhreagra ag an rialtas ar an gcáineadh a dhéanann Sinn Féin orthu, ach iarracht a dhéanamh uafáis thréimhse an fhoréigin a thabhairt chun cuimhne, ach ní léir go gcuireann daoine atá buartha faoi dheacrachtaí tithíochta nó cúrsaí sláinte mórán spéise sna cúrsaí staire sin.

Beidh an Breatimeacht ina scéal mór arís i mbliana.

Tiocfaidh deacrachtaí móra chun cinn nár scrúdaíodh i gceart iad go dtí seo.

Tá baol mór go ndéanfar dochar mór dúinn, ach is amadán an té a cheapann go bhfaighidh muid mórán cúiteamh airgid ón AE mar gheall air.

Agus ós rud é go bhfuil olltáirgeadh intíre an-ard againn – mar gheall ar thionchar na gcomhlachtaí eachtrannacha – is cosúil go mbeidh orainn i bhfad níos mó a chur isteach sa bpota ná mar a bhainfimid as.

Tá an tAE ag tabhairt foláirimh cheana féin do na ballstáit go léir gan margaí faoi leith a dhéanamh leis an mBreatain.  Cloífidh an rialtas s’againne leis an dtreoir sin, ach n’fheadar faoin Ísiltir nó an Danmhairg, nó go deimhin an Ghearmáin féin.

Ar aon chuma beidh sé spéisiúil breathnú ar an gcaoi a ndéanfaidh an rialtas iarracht sinn a choinneáil mar bhall dílis den Aontas agus, ag an am céanna, réiteach éigin a aimsiú ar dhrochthionchar an Bhreatimeachta.

Bhfuil ár ndílseacht don Aontas níos tábhachtaí ná an dulagas atá orainn ár leas féin a dhéanamh, mar a dhéanann gach ballstát eile?

Fág freagra ar 'An bhfuil aon seans go seasfaidh muid an fód in 2021?'

  • Donncha Ó hÉallaithe

    Eoin ag buaileadh an droma céanna i gcónaí: ag caint faoin dochar a fhéadfadh an Breatimeacht a dhéanamh don tír seo ach dearmad déanta aige go raibh sé féin go mór i bhfabhar an UK ag fágáil an AE!

  • Eoin Ó Murchú

    Dá dtosódh Donncha ag léamh bheadh a fhios aige go raibh mé i gcónaí den tuairim go ndéanfadh Breatimeacht dochar duinn mura mbeadh muid sásta margadh faoi leith a dheanamh le Sasana agus leis an Eoraip araon.