An bhfuil aon ní ann a dhícháileodh duine ó bheith ina Phríomh-Aire ar an Ríocht Easaontaithe?

Ag faire anonn ar an ngeáitsíocht ba dheacair an cheist a sheachaint - cad a chaithfeadh polaiteoir a dhéanamh chun go gcinnfeadh a chomhghleacaithe go raibh sé neamhinniúil chun oifige?

An bhfuil aon ní ann a dhícháileodh duine ó bheith ina Phríomh-Aire ar an Ríocht Easaontaithe?

“Ní fhéadfaí an post a thabhairt do bhean eile i bhfianaise chomh holc is a bhí Theresa May,” arsa an fear tacsaí. Seans gur ag spochadh asam a bhí sé ach nílim cinnte. Ní abairt í a chloisfeá, fiú mar ghreann nuair a bheadh comharba ar fhear le toghadh. Ar dhúirt éinne nuair a d’éirigh David Cameron as a thréimhse thubaisteach mar Phríomh-Aire na Breataine nach bhféadfaí ‘an post a thabhairt d’fhear’?

Nár dheas an ní é a bheith in ann léirmheas a dhéanamh ar an chaoi a chruthaigh bean i bpost, olc nó maith gan ceist inscne a dhéanamh as. Ó tharla go raibh dhá Phríomh-Aire as a chéile nach raibh thar mholadh beirte, nó fiú an fear a bhí ann roimh Cameron, Gordon Brown, shílfeá go mbeadh práinn le roghnú duine leis na cáilíochtaí is fearr don phost.

Ní mé an raibh ceist na hinscne i gcúl a chinn ag éinne den 313 ball de pháirtí Parlaiminte na gCaomhach a vótáil Déardaoin san chéad dreas chun ceannaire nua ar a bpáirtí a roghnú. Níor léir go raibh siad sa tóir ar dhuine a leigheasfadh an Ríocht Easaontaithe, polaiteoir a raibh cumas léirithe aige/aici mar státrúnaí, duine a thuill cáil as a ionracas agus grinnbhreithiúnas i mbun ghnóthaí an stáit, más ann dá leithéid.

Is cosúil gurb é tarrtháil a bpáirtí ó léasadh san chéad olltoghchán eile a bhí ar intinn acu agus gurb iad an Breatimeacht agus cumas bailithe vótaí na critéir seachas aon chant ar cháilíochtaí pearsanta ná ábaltacht phoiblí.

B’ainnis an radharc é.

Níorbh aon nuacht é go raibh Boris Johnson i bhfad chun tosaigh ar an naonúr eile a bhí san iomaíocht. Níorbh aon nuacht é ach an oiread go raibh an bheirt bhan, Andrea Leadsom 11 vóta agus Esther McVey, 9 vóta, i bhfad chun deiridh. Cuireadh as an áireamh an bheirt agus an fear a bhí idir eatarthu le 10 vóta Mark Harper.

Seans nach cailliúint mhór don chomórtas ná don státchóras iad a bheith imithe agus beidh seans ar phostanna rialtais acu mar chúiteamh ar a dtacaíocht anois sa toghchán ceannaireachta.

Gan dabht tá polaitíocht na Breataine curtha as a riocht le fada ag aighneas faoin Aontas Eorpach agus an cheist ag teacht salach ar gach ní eile. Ach ag faire anonn ar an ngeáitsíocht ba dheacair an cheist a sheachaint – cad a chaithfeadh polaiteoir a dhéanamh chun go gcinnfeadh a chomhghleacaithe go raibh sé neamhinniúil chun oifige?

Tá a fhios gur cáineadh Michael Gove go géar as druga mídhleathach a thógáil cé go raibh sé ag moladh go mbrisfí as a phost aon mhúinteoir a dhéanfadh an cleas céanna. Bhí scata de na hiarrthóirí ag caint ar na drochnósanna a bhí acu féin mar ógánaigh. Daoine ab ea iad seo a raibh stádas agus seasamh ag baint leo i bhfad sula ndeachaigh siad le polaitíocht, nó ar a laghad ní raibh siad sa gcás céanna le leaid/cailín óg as oirthear Londan a bhíodh á stopadh gach lá ag na póilíní. Admhaím nach mbeadh cuntas glan ag aon duine againn dá ndéanfaí grinnscrúdú ar gach lá dár saol. Conas a bheadh? Ach is iontach go deo an neamhshuim atá ag an bpáirtí Caomhach sa liodáin lochtanna a luaitear le Boris Johnson.

San léirmheas domlasta a rinne an t-iarfheisire Caomhach, Matthew Parris san nuachtán The Times, dúirt sé gur inis comhghleacaithe dó go raibh laigí Johnson curtha san áireamh acu cheana féin. Bhí glactha acu leis, dar le Parris, ‘gur bhréagadóir é, caimiléir, feallaire ar mhná, a bhí díomhaoin agus é ina Mhéara ar Londain agus a bhí ar an Státrúnaí Gnóthaí Eachtracha ba mheasa le cuimhne na ndaoine’. Bhí lochtanna eile ar an liosta freisin ach is leor sin. Cibé údar imní a bheadh ag daoine faoina shaol pearsanta is féidir a rá nach mbaineann siad le hábhar go díreach. Baineann a dhá thréimhse mar Mhéara ar Londain le hábhar áfach sa mhéid is gur leide iad maidir lena chumas mar cheannaire agus a iompar i leith daoine eile. Ní údar misnigh an fhianaise. Ní taise sin don achar gearr a chaith sé mar Státrúnaí Gnóthaí Eachtracha i rialtas Theresa May. Ní áibhéil é a rá gur náire ab ea é i gceann de mhór-oifigí stáit na Breataine, é ar nós cuma liom faoina chuid oibre agus é seasta ag maslú daoine thar lear. Cheap sé féin go raibh sé greannmhar, más fíor. Sceith bhéil é as an dochar a rinne sé do Nazanin Zaghari-Ratcliff, saoránach Briotanach ar cuireadh fad lena téarma i bpríosún in Tehran nuair a rinne sé ráiteas míchruinn faoi céard a bhí ar siúl aici san Iaráin.

Más é sin an té is fearr atá cáilithe le bheith ina Phríomh-Aire ar an Ríocht Aontaithe ní mór a fhiafraí an bhfuil aon rud ann a dhícháileodh iarrthóir.

Fág freagra ar 'An bhfuil aon ní ann a dhícháileodh duine ó bheith ina Phríomh-Aire ar an Ríocht Easaontaithe?'

  • Seáinín Mac Conraoi

    “Cad a chaithfeadh polaiteoir a dhéanamh chun go gcinnfeadh a chomhghleacaithe go raibh sé neamhinniúil chun oifige?”

    Nár chuir muid an cheist sin chugainn féin le trí bliana anuas anois sna Stáit?

  • Fearn

    Ní hansa:
    Tú gan a bheith id leacaí an ionnúis. Amach as sin, níl a dhath ort!!