An bhfuil aon mheas in aon chor ar imreoirí na gclubanna?

Deir Cumann Lúthchleas Gael gur mór acu cás an imreora club ach níl oiread sin meas dáiríre air

An bhfuil aon mheas in aon chor ar imreoirí na gclubanna?

Bainisteoir Bhaile Héil, Henry Shefflin, agus captaen na foirne, Michael Fennelly, tar éis dóibh Craobh na hÉireann a bhuachan an mhí seo caite. Pictiúr: INPHO/Tommy Dickson

Gach bliain bíonn na fadhbanna céanna ag imreoirí clubanna ar fud na tíre, is é sin an easpa cluichí agus cluichí a bheith á gcur ar ceal go rómhinic ar fad. Tá sé thar a bheith dian ar na bainisteoirí club. Rómhinic bíonn an bainisteoir ag pleanáil agus ag ullmhú i gcomhair lá éigin agus ansin gan aon choinne leis, seachtain roimhe, cuirtear an cluiche ar ceal.

Uaireanta cuirtear an cluiche céanna siar arís ina dhiaidh sin. Tá sé thar a bheith dian ar na himreoirí chomh maith.

Anuraidh rinneadh cinneadh cothrom na Féinne a thabhairt do na clubanna (bhuel, rinneadh cinneadh, ar pháipéar). Socraíodh máistirliosta de shórt a chur ar fáil do cluichí club ach faraor níor oibrigh an plean rómhaith, go háirithe an socrú mí Aibreán go léir a fhágáil ag na clubanna.

Ní dóigh liom go bhfuil aon bhaol ann go mbeidh cluichí club i ngach contae san Aibreán i mbliana ach an oiread.

An bhfuil aon mheas in aon chor ar imreoirí na gclubanna? Deir Cumann Lúthchleas Gael go bhfuil, ach chun a bheith macánta faoi, is í mo thuairim féin nach bhfuil mórán measa orthu.

Tá daoine áirithe taobh istigh de CLG gur mó a meas ar chúrsaí airgeadais ná ar imreoirí na gclubanna.

Nuair a bunaíodh cumann na n-imreoirí club cúpla bliain ó shin tugadh dóchas éigin do na clubanna agus tá tús curtha le cás an imreora club a bhrú chun tosaigh.

Tá cúpla contae tar éis cinneadh a dhéanamh gan comórtais na gclubanna a thosú go dtí go mbeidh an fhoireann shinsir críochnaithe.

Anseo i gCorcaigh coicís ó shin, fógraíodh trí mholadh nua a bhí le cur faoi bhráid chlubanna uile an chontae.

B’fhéidir go bhfuilim ag dul thar fóir nuair a deirim go raibh sé ina raic an tseachtain a raibh ar na clubanna cinneadh a dhéanamh faoin cén rogha ab fhearr leo. Is cinnte go raibh mórán comhrá, argóintí agus tuairimí láidre faoin ábhar. Trí mholadh dhifriúla a bhí i gceist. Ba é Moladh 3 go n-imreofaí na cluichí i mí Bealtaine agus mí Meitheamh, d’uireasa na n-imreoirí contae. B’in an moladh ba mhó a tharraing caint is easaontas. Bhí mórán le plé sna moltaí agus tugadh seans do na clubanna go léir sa chontae a dtodhchaí a phleanáil.

Bhí go dtí Dé Máirt seo caite ag na clubanna chun a gcinneadh a dhéanamh maidir le cén moladh a cheap siadsan ab fhearr a d’oirfeadh do na comórtais agus do na himreoirí club sa chontae. Labhair an GPA amach i gcoinne mholadh a trí. Thacaigh cuid maith daoine ar na meáin shóisialta leis an moladh agus cháin cuid mhaith eile é.

Ach ag cruinniú bhord an chontae Dé Máirt, i ndiaidh cuid mhaith cainte, bhí vóta faoi na moltaí agus ba é a thoradh sin gur socraíodh nach rachadh an contae leis an rogha ‘núicléach’. Glacadh le Moladh A a chinnteoidh go mbeidh cluiche club amháin san Aibreán (mar atá faoi láthair) agus dhá cluiche i mí Lúnasa. Beidh níos mó cluichí ina dhiaidh sin ag an dream a théann tríd.

I ndeireadh na dála chloíodar leis an status quo. Is beag difríocht idir an moladh seo agus an plean a bhí acu anuraidh. Beidh athruithe ar struchtúir áirithe i gceist: beidh na foirne ag imirt i ngrúpaí ar dtús agus comórtas díbeartha a bheidh ann ina dhiaidh sin go dtí na babhtaí deireanacha.

Rinne an Bord, faoi stiúir an phríomhfheidhmeannaigh nua Kevin O’Donovan, cinneadh deis a thabhairt do na clubanna ar fad, idir bheag agus mhór, a dtuairimí a thabhairt agus a vóta a caitheamh.

Tá an fheadóg séidte anois agus tiocfaidh an leagan amach nua seo i bhfeidhm an séasúr seo chugainn.

Fág freagra ar 'An bhfuil aon mheas in aon chor ar imreoirí na gclubanna?'