‘An bhfuil an ‘sean-nós’ beo sa Ghaeltacht?’ –Díospóireacht, ceol agus drámaíocht ag Oireachtas Chois Fharraige

Leanfar le hOireachtas Chois Fharraige as seo go dtí an Domhnach agus idir cheol, díospóireacht agus drámaíocht ar chlár na féile

‘An bhfuil an ‘sean-nós’ beo sa Ghaeltacht?’ –Díospóireacht, ceol agus drámaíocht ag Oireachtas Chois Fharraige

Caithréim. Seó ceolmhar á chur i láthair ag Síle Denvir i Seanscoil Sailearna. Aoine, 23 Meán Fómhair

An bhfuil an ‘sean-nós’ beo sa Ghaeltacht? An bhfuil an baol ann gur mó ómós ná taitneamh a thabharfar do na hamhráin feasta? Cé a éistfidh leis na hamhráin, cén áit agus cén fáth?

Sin cuid de na ceisteanna a phléifear ag an seimineár ‘An Amhránaíocht ar an Sean-nós: Traidisiún Díbheo?’ a bheidh ar siúl Dé Sathairn mar chuid d’Oireachtas Chois Fharraige.

Leanfar le hOireachtas Chois Fharraige as seo go dtí an Domhnach agus idir cheol, díospóireacht agus drámaíocht ar chlár na féile.

Istoíche amárach, an Aoine, beidh dhá sheó ar siúl i Seanscoil Sailearna, Indreabhán, a bhaineann le hoidhreacht Phádraig Mhic Phiarais: Caithréim, ceolchoirm le Síle Denvir bunaithe ar an gceol i ndrámaí an Phiarsaigh agus Mac Piarais i bPictiúir, léiriú de chuid an chomhlachta drámaíochta, Fíbín.

Oíche Dé Sathairn beidh ceolchoirm mhór an Oireachtais ar bun in Óstán na Páirce agus scoth na gceoltóirí, damhsóirí agus fonnadóirí geallta.

Dé Domhnaigh i Seanscoil Sailearna, Indreabhán beidh an dráma Boicíní Bóthar Kilburn á léiriú ag Aisteoirí an Spidéil. Cuirfear clabhsúr leis an bhféile deich lá, le ceol sa bPoitín Stil ó Mharcus Ó hIarnáin agus a chlann.

Is iad na cainteoirí a ghlacfaidh páirt sa seimineár faoin sean-nós i Seanscoil Sailearna Dé Sathairn: Ciarán Ó Gealbháin as na Déise, Lillis Ó Laoire as Ghort an Choirce agus Róisín Nic Dhonncha as Carna. Is í an craoltóir agus fonnadóir Caitlín Ní Chualáin a bheidh ag stiúradh an phlé, agus, ag tús an tseimineáir, taispeánfar clár faoin sean-nós a rinne Bob Quinn don tsraith Aisling Gheal sa bhliain 1980.

Pádraig-Devaney

Déardaoin, 22 Meán Fómhair

20.30: Taispeántas Damhsa ar an Sean-Nós i dTigh Chualáin, á chur i láthair ag Máirtín Jaimsie. Páirteach ann beidh ar a laghad deichniúr de na damhsóirí a chroch leo Corn TG4 ag comórtas Steip (Oireachtas na Gaeilge) le 15 bliain anuas.

 

Síle-Denvir-Fótó

Aoine, 23 Meán Fómhair

20.00: Caithréim. Ceolchoirm le  Síle Denvir i Seanscoil Sailearna agus, ina dhiaidh, Pádraig Mac Piarais i bPictiúr, á chur ar stáitse ag Fibín. Cead Isteach: €10

mairtin Jaimsie

Satharn, 24 Meán Fómhair

11.00: Seiminéar faoin Amhránaíocht ar an Sean-Nós. Seanscoil Sailearna, Indreabhán.

15.00: Taispeántas Cócaireachta. Coláiste Cholmcille, Indreabhán, le Máire Ní Chéidigh agus Máirtín Jaimsie.

20.00: Coirmcheoil Mhór an Oireachtais. Scoth na gCeoltóirí, na nDamhsóirí is na bhFonnadóirí, chomh maith le Cór Fear na nDéise agus Cór Chois Fharraige, á chraoladh beo ar Raidió na Gaeltachta.

Boicini-Pictiúr

Domhnach, 25 Meán Fómhair

15.00: Seisiún Amhrán Nuachumtha. Tigh Giblin, An Spidéal, le Gearóid Ó Murchú agus Tadhg Mac Dhonnagáin.

18.00: Éigse Chois Fharraige. Tigh Mholly, Indreabhán.

20.30: Boicíní Bhóthar Kilburn. Dráma á chur ar stáitse ag Aisteoirí an Spidéil, á léiriú ag Peadar Ó Treasaigh. Cead Isteach: €10

21.30: Clabhsúr na Féile sa bPoitín Stil, Indreabhán, le ceol ó Mharcas Ó hIarnáin is a chlann ó Charna.

Fág freagra ar '‘An bhfuil an ‘sean-nós’ beo sa Ghaeltacht?’ –Díospóireacht, ceol agus drámaíocht ag Oireachtas Chois Fharraige'