An bhfuil an mianach i dTiobraid Árann dhá chraobh as a chéile a bhuachan?

Fad is a bheimid ag canadh Auld Lang Syne anocht, bí cinnte de go mbeidh chuid mhór imreoirí contae sa leaba agus iad ag ullmhú  don chéad seisiún traenála in 2017

An bhfuil an mianach i dTiobraid Árann dhá chraobh as a chéile a bhuachan?

Pictiúr: INPHO/Morgan Treacy

Tá Lá Cinn Bhliana beagnach linn agus buíochas le Dia beidh bliain eile de chluichí CLG ag tosú sula i bhfad.

’Sea, ní fada anois go mbeidh na comórtais  pheile agus iomána ag tosú sna cúigí, agus Corn an Bhreathnaigh agus Sraith na Mumhan (seanchomórtas Chriostal Phort Láirge) chugainn. Dar ndóigh beidh na comórtais tríú leibhéal faoi lán seoil sula i bhfad freisin.  

Mar sin tá na himreoirí go léir ag ullmhú do shéasúr gnóthach agus gan dabht iad go léir ag súil le rud éigin a bhuachan.

Tá cuid mhaith traenála agus cluichí dúshláin ar siúl na hoícheanta agus na deirí seachtainí seo. Ós rud é go bhfuil soilse i bpáirceanna chuid mhaith contaetha anois, is féidir oibriú ar na scileanna ag gach seisiún traenála.

Is féidir cluichí a imirt san oíche chomh maith agus is mór an chabhair é sin do na hiománaithe go léir atá ag iarraidh faobhar a chur ar na scileanna luath sa bhliain. Is iontach an buntáiste é nuair a bhíonn imreoirí ábalta obair ar na scileanna gach uair a théann siad ag traenáil. Chomh maith leis sin, tá ballaí iomána coitianta timpeall na tíre anois. Is féidir le haon imreoir dul chuig na ballaí seo aon uair is mian leis agus obair a dhéanamh ar na scileanna. Is fearr, dar ndóigh, nuair a bhíonn beirt ann mar bíonn caighdeán níos airde ann de thoradh coimhlinte. I mo thuairimse, má choinnítear luas maith faoin gcleachtadh i gcoinne an bhalla tagann feabhas mór ar scileanna iomána an imreora gan mhoill.

Faraor is beag sos a bhíonn ag imreoirí contae na linne seo. Léigh mé mí ó shin go raibh sé i gceist ag bhainisteoir nua Loch Garman, Davy FitzGerald suas le  deich gcluiche a imirt roimh a gcéad chluiche sraithe. Is mór an méid é sin.

Beidh sé thar a bheith deacair ag Loch Garman a slí a dhéanamh amach as roinn 1B na sraithe i mbliana. Beidh Gaillimh agus Luimneach  in éineacht leo agus iad ar fad ar a míle dícheall ardú céime a bhaint amach. Tá córas difriúil ann le haghaidh 2017 a fhágann gurb í an fhoireann a bhfuil an líon is mó pointí acu a rachaidh suas chuig 1A . Go dtí seo bhíodh craobh i gceist, rud a thugadh an dara seans don chontae sa dara háit. Fágann an t-athrú seo go mbeidh tábhacht le gach pointe agus go mbeidh gach contae lándáiríre faoi gach cluiche.

Fad is a bheimid ag canadh Auld Lang Syne anocht, bí cinnte de go mbeidh chuid mhór imreoirí contae sa leaba agus iad ag ullmhú  don chéad seisiún traenála in 2017.

Ach mar is eol dúinn go maith faoin dtráth seo, d’fhéadfá líon na bhfoirne a bheidh san iomaíocht  don phríomhdhuais a chomhaireamh ar aon lámh amháin, Tiobraid Árann, Port Láirge, Gaillimh, an Clár agus Cill Chainnigh (ní féidir iad a chur as an áireamh go fóill).

Tá ceisteanna go leor ann. An bhfuil an mianach i dTiobraid Árann dhá chraobh a bhaint i ndiaidh a chéile? An mbeidh Contae an Chláir níos fearr faoina mbainisteoirí nua? An dtógfaidh sé bliain nó dhó eile sula mbeidh Port Láirge ullamh chun Corn Mhic Cárthaigh a thabhairt leo? An mbeidh Gaillimh ábalta dul céim amháin eile níos faide agus gan ach fíorbheagán eatarthu féin agus na seaimpíní le tamall? Agus dar ndóigh tá ceisteanna ann faoi chumas Chill Chainnigh, cé go bhfuil níos mó fianaise le bailiú fós sula gcuirfimid isteach i measc na dtánaistí iad.

Athbhliain faoi shéan is faoi mhaise daoibh go léir .

Fág freagra ar 'An bhfuil an mianach i dTiobraid Árann dhá chraobh as a chéile a bhuachan?'