An bhfuil an bhearna idir an paca agus Luimneach á laghdú ag aon dream?

Níl ach cluiche amháin againn an deireadh seachtaine seo agus Tiobraid Árann agus Luimneach in adharca a chéile

An bhfuil an bhearna idir an paca agus Luimneach á laghdú ag aon dream?

Pictiúr: INPHO

Tá sé in am súil siar a chaitheamh ar conas a sheasann cúrsaí craoibhe i gcúige Mumhan agus briseadh beag á thabhairt don chuid is mó de na foirne an deireadh seachtaine seo.

Bhuel, mar a scríobh mé coicís ó shin, de réir na fianaise is déanaí tá Luimneach fós mar rogha láidir. Ach an bhfuil an bhearna á laghdú ag aon chontae? Nach í sin an cheist is tábhachtaí? Tá go leor scríofa faoi Phort Láirge agus fianaise láidir ann go bhfuil siad sa chéad áit sa phaca is giorra do na seaimpíní. É sin ráite n’fheadar an bhfuil go leor déanta acu fós i gcraobhchomórtas 2022 a léireodh go mbuafaidh siad ar Luimneach má chasann siad ar a chéile arís i mbliana.

Is dóigh liom féin gur chuir an dá chúl déanach a fuair siad i gcoinne Luimnigh sórt snas ar an toradh nach raibh tuillte ag foireann na nDéise. Feicfimid conas mar a bheidh acu i gcoinne Chorcaí an tseachtain seo chugainn. Agus sinn ag caint faoi Chorcaigh, is féidir a rá go bhfuil an ghaoth imithe as a seolta, gaoth a bhí sách láidir cúpla seachtain ó shin nuair a bhuadar ar Cill Chainnigh i gcluiche leathcheannais na sraithe. Ach bhí easpa muiníne agus easpa plean ag baint lena gcuid imeartha in aghaidh an Chláir seachtain ó shin agus an dá easpa sin an-soiléir.

Agus iad anois ar bhun an tábla, is cúis imní é do leantóirí chluiche na fuinseoige cois Laoi a bhoichte is a bhí a bhfoireann go dtí seo. A mhalairt ar fad atá fíor i gcás chontae an Chláir agus iad ar lánphointí taobh le Luimneach. Tá saoirse agus fuinneamh ag baint lena gcuid imeartha agus Shane O’Donnell agus Peter Duggan ag baint cuid maith den ualach de Tony Kelly i mbliana. Beidh Luimneach rompu in Inis seachtain ó amárach agus inseoidh an cluiche sin cuid mhaith eile dúinn faoi chontae an Chláir.

Níl ach cluiche amháin againn an deireadh seachtaine seo agus Tiobraid Árann agus Luimneach in adharca a chéile. Tá rás na dTiobraid Árannach beagnach rite cheana féin agus bunaithe ar an gcorrlach atá ag na geallghlacadóirí bheifeá ag ceapadh nach fiú do Thiobraid Árann an cluiche a imirt in aon chor. Ní dóigh liom go bhfuil mórán dá lucht leanúna ag tabhairt seans dóibh ach oiread.

Is cinnte gur ag snámh in aghaidh easa a bheidh siad i bPáirc na nGael tráthnóna amárach agus faraor ní féidir liomsa ach oiread cás a dhéanamh dóibh bunaithe ar an bhfianaise atá againn go dtí seo sa chomórtas craoibhe. Tá an-difríocht idir an Tiobraid Árann a bhí againn sa chéad leath de chluiche ceannais na Mumhan anuraidh agus an Tiobraid Árann a chonaiceamar sa chéad leath coicís ó shin i gcoinne an Chláir. Dar ndóigh braitheann siad uathu cúpla duine de laochra móra an chontae agus iad in easnamh i mbliana, ina measc Jason Forde, John McGrath agus James Quigley atá gortaithe i láthair na huaire. Tá brú ar an mbainisteoir nua Colm Bonner. Mar a deir an seanrá ‘is deacair olann a bhaint de ghabhar!’

Nó mar a dúirt an t-iarimreoir agus iarbhainisteoir iomráiteach Babs Keating tamall de bhlianta ó shin roimh chluiche i gcoinne Chorcaí ‘ní féidir capaill ráis a dhéanaimh as asail’.

Seans go bhfuil Tiobraid Árann ag an gcrosbhóthar sin. Dar ndóigh bhuaigh Corcaigh orthu. Is beag seans atá acu in aghaidh churaidh na hÉireann.

Fág freagra ar 'An bhfuil an bhearna idir an paca agus Luimneach á laghdú ag aon dream?'