An bhfuil a ndeis caillte ag contae an Chláir?

CLUICHE LEATHCHEANNAIS NA HÉIREANN (ATHIMIRT): Braitheann mórán ar chumas fhoireann leighis na Gaillimhe na himreoirí atá gortaithe a fháil réidh don chath in achar an-gairid ama

An bhfuil a ndeis caillte ag contae an Chláir?

Beirt an Chláir, David McInerney agus Patrick O'Connor, sa mhullach ar Jonathan Glynn na Gaillimhe. Pictiúr: INPHO/Laszlo Geczo

Tháinig an taispeántas sin ón gClár aniar aduaidh orm. Ní raibh ach ceathrú uaire imeartha nuair a bhí sé thar a bheith soiléir go raibh an ceart againn, sinne a bhíonn ag tuar an chaoi a rachaidh na cluichí. Roimh chluiche an tSathairn seo caite bhí na saineolaithe d’aon ghuth den tuairim go mbuafadh an Ghaillimh. Go luath sa choimhlint bhí sé soiléir go raibh an Clár trína chéile ar fud na páirce, trí phoc amach imithe amú, na cúlaithe thar a bheith scaoilte agus gan aon radharc ar Tony Kelly.

Ar an taobh eile den scéal, d’ainneoin na ráflaí go léir bhí Dáithí Burke istigh ón tús agus thosnaigh Jonathan Glynn agus Conor Cooney chomh maith. Chuireadar chun oibre. D’fhéachamar ar chlár na scór sé nóiméad déag isteach sa chluiche – an Ghaillimh 1.7 An Clár 0.1.

Ach ansin deineadh cinneadh thar a bheith tábhachtach: bhog an Clár Colm Galvin siar mar scuabadóir. Seachas fadhb nó dhó le dáileadh na liathróide, bhí Galvin thar barr sa ról sin agus bhí an-tionchar ag an gcinneadh sin ar thaispeántas na foirne ina dhiaidh sin.

Scríobh mé cúpla uair cheana i ndiaidh cluichí áirithe go raibh lucht bainistíochta an Chláir an-saonta agus nach ndearna siad athruithe nuair a bhí géarghá leo.

Ach seachtain ó shin rinne lucht an Chláir na cinntí cearta ar an taobhlíne agus ar an bpáirc.

Chomh luath agus a thosnaíonn cluiche bíonn sé de dhualgas ar na himreoirí dul in oiriúint do pé rud a bhíonn ag tarlú sa chluiche sin. An Satharn seo caite rinne imreoirí an Chláir é sin go paiteanta, dheineadar teacht aniar iontach agus bhíodar gob ar ghob leis an nGaillimh go dtí an deireadh.

Cá bhfágann sé sin cúrsaí do chluiche an Domhnaigh? Bhuel braitheann mórán ar chumas fhoireann leighis na Gaillimhe na himreoirí atá gortaithe a fháil réidh don chath in achar an-gairid ama.

Tá tuairimíocht sna meáin gur chaill an Clár a seans. Dála gach cluiche, is é saothar an lae a shocróidh an toradh. Bhí eipic cheart againn an lá cheana, agus seans nach mbeidh sé amhlaidh amárach.

Tá sé i bhfad níos deacra tuar a dhéanamh faoi chluiche an deireadh seachtaine seo. Tá i bhfad níos mó muiníne ag an gClár agus iad ag tabhairt aghaidh ar an nGaillimh agus fios acu gur thug siad ardtaispeántas uathu cheana féin i mbliana i gcluiche athimeartha eile.

Seachtain ó shin níor thugas aon seans do chontae an Chláir. Tá athrú air sin anois ach fós féin, ceapaim go mbeidh sé deacair ag na Cláirínigh an chreach a thabhairt leo.

Sa ghrád faoi fiche a haon, is i bPáirc Uí Nualláin a bheidh an t-aicsean inniu idir Corcaigh agus Loch Garman. Bhí an mí-ádh ceart ar na Carmannaigh i gcluiche ceannais Laighean. B’éigean am breise a imirt sa chluiche sin agus sciob an Ghaillimh an bua ag an deireadh nuair a fuair Seán Bleahene cúl. B’iontach an cluiche a bhí sa cheann sin agus tréimhsí i gceannas ag an dá fhoireann, ach má fhéachtar ar an ochtó nóiméad ar fad, ba iad na Carmannaigh an fhoireann ab fhearr i mo thuairimse. Tá an dara seans acu inniu ach ní bheidh sé éasca an bua a fháil, go háirithe ó tá amhras faoi réalta na sinsear, Rory O Connor, atá gortaithe arís. Pé seans atá ag Loch Garman is laige go mór iad d’uireasa O’Connor.

Tá Corcaigh láidir ar fud na páirce. Tá imreoirí sinsir acu agus cuid díobh ina réaltaí cheana féin. Tá Mark Coleman agus Darragh FitzGibbon i measc na n-imreoirí is fearr sa tír arís i mbliana agus iad beirt ar an ngearrliosta d’iománaí óg na bliana agus do ghradaim All Star.

Níl Shane Kingston i bhfad taobh thiar díobh. Beidh sé deacair Corcaigh a bhualadh.

Fág freagra ar 'An bhfuil a ndeis caillte ag contae an Chláir?'