An bhfeicfear go luath brat na hÚcráine nó brat na hÉireann os comhair cheannáras NATO?

Luífeadh sé le réasún go mbeadh tionchar éigin ag ionradh na Rúise ar an Úcráin ar dhearcadh an phobail i leith NATO…

An bhfeicfear go luath brat na hÚcráine nó brat na hÉireann os comhair cheannáras NATO?

Tá sé deacair a dhéanamh amach ó na pobalbhreitheanna cad é go díreach dearcadh mhuintir na hÉireann i dtaca leis an neodracht agus ballraíocht i NATO. Léirigh pobalbhreith IPSOS/ The Irish Times i mí Aibreáin go raibh tromlach mór i gcoinne aon athrú ar pholasaí neodrachta na tíre. Bhí 66% i bhfabhar leanúint leis an bpolasaí neodrachta agus ní raibh ach 24% ag iarraidh é a athrú.

Ach ansin i mí Lúnasa foilsíodh suirbhé leis an gcomhlacht BehaviourWise a léirigh tromlach i bhfabhar ballraíocht i NATO -52% i bhfabhar agus 48% ina choinne.

Agus arís i mí na Samhna de réir phobalbhreith Red C sa Sunday Business Post bhí 48% i bhfabhar ballraíocht NATO agus 39% ina choinne.

Luífeadh sé le réasún go mbeadh tionchar éigin ag ionradh na Rúise ar an Úcráin ar dhearcadh an phobail i leith na ceiste seo ach tá sé deacair a chreidiúint go mbeadh an oiread sin d’athrú idir mí Aibreáin nuair a bhí an t-ionradh tosaithe cheana féin agus an fómhar. Beidh sé spéisiúil a fheiceáil cén toradh a bheidh sa chéad phobalbhreith eile de chuid IPSOS/The Irish Times ar an ábhar seo. Má thaispeánann sé sin mór-athrú ar son deireadh a chur le polasaí na neodrachta, ansin b’fhéidir go gcreidfinn é.

Ach fiú má tá bunús éigin leis na figiúirí a léiríonn méadú mór ar son deireadh le neodracht nó ballraíocht i NATO, seans nach bhfuil aon diongbháilteacht mhór ag baint leis an mian sin.

Ní chloisim fhéin daoine ag caint faoi ná á éileamh.

Ní dóigh liom gur ceist í atá ag dó na geirbe ag daoine ar bhonn praiticiúil – mar atá an ghéarchéim tithíochta nó an ghéarchéim costas maireachtála. Shamhlóinn gur cineál tacaíocht shiombalach don Úcráin nó naimhdeas siombalach don Rúis atá i gceist, seachas aon tiomantas domhain.

Shamhlóinn dá dtiocfadh sé chuige agus go mbeadh ar dhaoine cinneadh a dhéanamh i ndáiríre faoi dul isteach i NATO go laghdódh an leibhéal tacaíochta sin.

Níl ach rud amháin a d’athródh sin dar liom agus sin dá mba cheist bás nó beatha don tír a bheadh i mballraíocht NATO. Sin atá tarlaithe san Úcráin féin, tír nach raibh puinn tacaíochta ann ar feadh na mblianta ar son ballraíochta i NATO. Roimh 2014 shíl níos mó Úcránach gur bhagairt dóibh NATO ná mar a shíl gur chosaint dóibh é. Ach tá gach ionsaí atá déanta ag an Rúis ar an tír tar éis tacaíocht an phobail do bhallraíocht i NATO a mhéadú – gabháil na Crimé in 2014, an cogadh sa Donbas tar éis 2014, agus an t-ionsaí ar an tír ar fad i mbliana. Léirigh suirbhé anuraidh roimh an mór-ionradh go raibh 59% i bhfabhar ballraíocht i NATO.

De réir an tsuirbhé is deireanaí tá 83% den phobal i bhfabhar ballraíocht i NATO, an leibhéal tacaíochta is airde riamh. Agus ní haon tacaíocht shiombalach nó éadomhain í seo. Is ceist bás nó beatha dóibh é – bás nó beatha go litriúil ar bhonn daonna, agus bás nó beatha a náisiúin.

Síleann roinnt tráchtairí gurbh éasca do mhuintir na hÚcráine a mian a bheith i NATO a thabhairt suas mar chuid de shocrú síochána leis an Rúis, cineál ar nós an tslí ar thug muintir Phoblacht na hÉireann suas Alt a 4 den Bhunreacht mar chuid den socrú síochána ar an oileán seo. Ach sin daoine nach bhfuil samhlaíocht rómhaith acu, nach bhfuil ábalta iad fhéin a chur in áit daoine atá ag maireachtáil gan aibhléis, gan uisce, gan leictreachais agus iad á ndúiseacht i lár na hoíche ag bonnáin aer-ruathair agus ionsaithe diúracáin.

I mbróga daoine a bhfuil gaolta agus cairde leo tar éis bháis i gcosaint na tíre, nó atá díbeartha as a n-áit dúchais, nó daoine ar cuireadh a ngaolta nó a gcairde chun báis, nó gur éigníodh iad nó gur céasadh iad, nó atá basctha, nó atá ag fulaingt neamhord strus iarthrámach, nó a bhfuil baill teaghlaigh leo imithe gan tásc gan tuairisc. Ní haon bhua polaitiúil éasca don Uachtarán Zelensky a bheidh ann cur ina luí ar a na daoine sin go mbeidh siad slán sábháilte feasta gan barántas éigin nach n-ionsóidh an Rúis arís iad. Níl ach rud amháin gur féidir liom smaoineamh air a bheadh níos tábhachtaí do na hÚcránaigh, agus sin an mhian atá acu na críocha gafa a fháil ar ais.

Ceist eile ar fad áfach is ea cad é dearcadh bhallstáit NATO ar an gceist seo. Chaithfeadh gach uile cheann acu a bheith sásta glacadh leis an Úcráin sa chomhghuaillíocht. Gheall NATO in 2008 go mbeadh fáilte isteach lá breá éigin roimh an Úcráin agus an tSeoirsia sa chomhghuaillíocht ach ní raibh aon fhonn i ndáiríre ar an bhFrainc nó an Ghearmáin, go dtarlódh sin. Ní raibh aon rud athraithe faoi mhí Feabhra na bliana seo nuair a chinn an Rúis, mar dhea, go raibh bagairt phráinneach ann agus nach raibh de rogha aici ach ionradh a dhéanamh ar an Úcráin. Ní raibh ag na hÚcránaigh fós ach an gheallúint go gceadófaí isteach lá breá éigin iad.  Ag deireadh na míosa seo caite, rinne NATO geallúint eile go dtabharfaí cead isteach don Úcráin… lá breá éigin.

Má bhíonn coimhlint teorann fhadtéarmach neamhréitithe idir an Úcráin agus an Rúis, an chumhacht núicléach is mó ar domhan, ní scaoilfidh NATO an Úcráin isteach. Ní ghlacfaidh an Rúis leis an Úcráin a bheith i NATO in aon socrú síochána.

B’fhéidir go scaoilfí an Úcráin isteach i NATO sa chás go mbeadh bua iomlán míleata ag an Úcráin agus go ndíbreodh siad an Rúis as chuile orlach den tír, an Chrimé san áireamh, agus go mbeadh an Rúis chomh cloíte sin nach mbeadh seans ar bith go bhfillfeadh siad am ar bith go luath. Sea, b’fhéidir sa chás sin go scaoilfí an Úcráin isteach, díreach mar a scaoileadh tíortha eile oirthear na hEorpa isteach tráth a raibh an Rúis lag.

Mura bhfuil an Úcráin le lán-bhallraíocht i NATO a bhaint amach, beidh gá socruithe éigin eile a oibriú amach mar chuid d’aon chonradh síochána chun barántas slándála a thabhairt di.

Ach beidh na hÚcránaigh an-amhrasach faoi aon gheallúintí a thabharfar dóibh tar éis ar tharla le meamram Budapest a síníodh i 1994. Sa chás sin thoiligh an Úcráin a n-airm núicléacha a thabhairt ar láimh don Rúis ar mhaithe le geallúint nach n-ionsódh an Rúis iad. Shínigh Meiriceá, an Bhreatain agus an tSín an cháipéis freisin. Tá a fhios againn anois cén tairbhe a bhí leis sin.

Beidh rud éigin níos cinnte agus níos láidre de dhíth ar an Úcráin an chéad uair eile. Ach ná bí ag súil le brat na hÚcráine – ná brat na hÉireann – a fheiceáil ar foluain os comhair cheannáras NATO sa Bhruiséil go luath.

Fág freagra ar 'An bhfeicfear go luath brat na hÚcráine nó brat na hÉireann os comhair cheannáras NATO?'

  • Dáithí Mac Cárthaigh

    Alt 4 den Bhunreacht?

    AIRTEAGAL 4
    Éire is ainm don Stát nó, sa Sacs-Bhéarla, Ireland.

  • Fachtna Ó Drisceoil

    Mea culpa. Na sean-leaganacha d’Altanna 2 agus 3 an tagairt chruinn.