An bhfeicfear an chéad Henry, D.J. nó Joe le linn na sraithe?

Is annamh go dtagann laochra ar nós D.J. Carey, Henry Shefflin agus Joe Canning ar an bhfód, ach tá roinnt imreoirí óga ann ar fiú súil a choiméad orthu sa tsraith náisiúnta iománaíochta

Cian Lynch 18/8/2013
Cian Lynch ó Luimneach, imreoir óg cumasach ar fiú súil a choiméad air. ©INPHO/Donall Farmer

 

N’fheadar an mó den ghrá a bheidh le braistint oíche Valintín i bPáirc Uí Rinn, Corcaigh, Páirc na nGael, Luimneach nó Páirc Uí Mhordha, Portlaoise, agus sraith Náisiúnta iomána na bliana ag cur chun bóthair.

Dar ndóigh, tá cuid de mhóruaisle na hiomána i ndiaidh an stáitse a fhágaint agus roinnt imreoirí eile ag déanamh iarrachta ualach na ceannaireachta a thógaint orthu féin ar fhoirne éagsúla. Agus tá scata iománaithe óga ag iarraidh taithí a fháil dóibh féin roimh thús an chraobhchomórtais.

I ngach contae tá imreoiri óga ag teacht chun cinn. Bím ag faire amach i gcónaí don duine speisialta ach ní minic a thagann leithéidí D.J Carey, Henry Shefflin, Joe Canning nó an laoch is óige Tony Kelly ar an bhfód. ‘Sea, is annamh go dtagann déithe na iomána inár measc.

Mar sin féin, beimid ag faire amach arís i mbliana do na hógánaigh a bhfuil gealladh ar leith fúthú.

Ceapaim go mbeidh Cian Lynch ó Luimneach ábalta an chéad chéim eile a thógáint cé nach bhfuil sé ach naoi mbliain déag d’aois. Bhí sé ina mhionúir an-chumasach anuraidh agus ceapaim nach dtógfaidh sé mórán ama air áit bhuan a bhaint amach ar fhoireann sinsear an chontae.

Ar ndóigh, trasna na teorann i gcontae an Chláir, tá lánréalra de réalta óga acu, cuid mhaith acu a bhfuil trí bhonn Uile-Éireann faoi 21 acu agus cuid mhaith acu a bhfuil bonn sinsear Uile-Éireann freisin acu.

D’fhéadfainn leathdhosaen a lua ach tá imreoir amháin a sheasann amach nach bhfacamar fós leis an bhfoireann sinsear é – Eoin Enright Kilmaley.

Is fear lár páirce díograiseach, lán d’fhuinneamh é. Bí ag faire amach dó.

Den chéad uair le fada, bhí imreoirí sinsear Loch Garmain i mbéal an phobail anuraidh . Chomh maith le sin shroich an fhoireann faoi 21 cluiche ceannais na hÉireann. Ceann de na himreoirí a sheas amach dóibh ná an leathchúlaí lár Shane O Gorman a bhí ian chaptaen ar an bhfoireann sin. Thaispeán sé go bhfuil sé ullamh don chéim in airde a thógaint.

Dar ndóigh tá ainm an ógánaigh eile Conor McDonald i mbéal an phobail cheana féin.

Tá scata maith imreoirí óga freisin ag Port Láirge. Ná déan dearmad gur bhuadar craobh na mionúr i 2013. Thaispeáin laoch na foirne sin, Austin Gleeson, anuraidh go raibh sé réidh don ghrád sinsear. Cé a dhéanfadh dearmad ar an gcúl iontach aonair a scóráil sé i gcoinne Chorcaí ina chéad chluiche craoibhe. Bhí Stephen Bennett agus Patrick Curran an-fheiceálach ar an bhfoireann bhuacach mionúir sin freisin.

Beimid ag faire amach dóibh san freisin.

Anseo i gCorcaigh is dóigh go mbeidh an duine is óige ar fad ag caitheamh geansaí uimhir a sé déag agus é mar ionadaí don chúlbáire Anthony Nash.

Beidh Patrick Collins ag déanamh na hardteiste i mbliana agus, de réir na ráflaí, beidh sé ag iomáint freisin. Tá caighdeán na gcúlbáirí i gCorcaigh thar a bheith ard le fada an lá agus tá Collins ag taispeáint cheana féin go bhfuil mianach ann.

Sheas an mionúir Cillian Kiely amach d’fhoireann sinsear Chill Chormaic/Cill Achaidh anuraidh.

Tá súil agam go bhfaigheann an t-ógánach mór téagartha seo sé deis a scileana a thaispeáint i gcúpla cluiche tábhachtach i mbliana. Faraor, ní bheinn ródhóchasach d’Uibh Fhailí féin.

Beidh sé thar a bheith suimiúil freisin féachaint conas mar a éireoidh le Brian Cody agus a roghnóirí na bearnaí atá ina bpainéal a líonadh i mbliana. Is é ceacht na staire go mbíonn Cill Chainnigh níos fearr fós in am an ghátair. Scéalaí maith an aimsir.

 

Fág freagra ar 'An bhfeicfear an chéad Henry, D.J. nó Joe le linn na sraithe?'