An bhféadfadh sé go raibh Naomh Pádraig pósta?

Níorbh é Naomh Pádraig a thug an creideamh go hÉirinn agus d’fhéadfadh go raibh sé pósta

An bhféadfadh sé go raibh Naomh Pádraig pósta?

An bhféadfadh sé go raibh Naomh Pádraig pósta? Tá daoine ann a chreideann go raibh. Síle an t-ainm a bhí uirthi, a deir siad.

Níl aon chruthú láidir air mar scéal ach gur aisteach lena lán go ndéantaí comóradh ar bhean darbh ainm Síle an lá i ndiaidh Lá Fhéile Pádraig.

Ba mhór i gceist tamall an pota Pádraig. D’óltaí scalach an lá sin. Más é an Carghas féin a bhí ann creideadh gur thug Pádraig cead speisialta braon a ól ar a lá féile.

De réir scéil thug fear tí leanna deoch bheag fuisce do Naomh Pádraig uair. Thuig an naomh go raibh peaca an tomhais déanta aige.

Dúirt sé leis go raibh an diabhal sa siléar á bheathú féin ar a chuid mí-ionracais.

Nuair a d’fhill Naomh Pádraig ar an teach leanna ina dhiaidh sin bhí an t-úinéir ag líonadh na ngloiní mar ba chóir agus bhí an diabhal imithe ar an uisce bruite le cantal.

Dhíbir an naomh é.

Báthadh na seamróige a thugtaí ar chuid den ól a dhéantaí Lá Fhéile Pádraig. Chuirtí seamróg i gcupán agus líontaí le fuisce, le leann nó le saghdar é. Shlogtaí an tseamróg in éineacht leis an deoch nó chaití siar thar an ngualainn chlé í leis an ádh a tharraingt ar an té a dhéanadh é.

Nach tráthúil go leantaí le nós an óil an lá i ndiaidh Lá Fhéile Pádraig in onóir Shile. Is é sin murarbh é leigheas na póite é a ól aríst a bhí i gceist.

Bí cuntas sa Freeman’s Journal sa mbliain 1841 faoi bhean a tugadh os comhair na cúirte de bharr go raibh sí ar meisce. Dúirt sí gur cheannaigh sí dhá naigín bheaga fuisce ionas nach mbrisfeadh sí an nós a bhí ann faoi bhraon a ól Lá Shíle. 

Gheall sí don bhreitheamh nach n-ólfadh sí aon deoir aríst, Lá Fhéile Pádraig, Lá Shíle ná lá ar bith eile ar feadh na bliana.

D’fhéadfadh sé ar ndóigh gur Bandia a bhí in Síle. Cá bhfios nach raibh baint eicínt ag Síle na gCíoch leis an scéal, an bhean úd a bhfuil dealbha spéisiúla di ar fud na tíre?

Cuid thábhachtach de chomóradh na Féile Pádraig i gcónaí is ea caitheamh na seamróige. Creidtear go láidir gur úsáid Naomh Pádraig an tseamróg le rúndiamhair na Tríonóide Naofa a mhíniú. Thuigfeadh na págánaigh a chuid cainte go maith mar go raibh trí phearsa i gcuid de na déithe a bhí acu féin

Dúirt an luibheolaí cáiliúil Carl Von Linné sa mbliain 1737 go n-itheadh na Gaeil an tseamróg. Itheann siad í, a dúirt sé, le hiad féin a dhéanamh “speedy and of nimble strength”.

Dúirt Edward Spenser agus scríbhneoirí Sasanacha eile freisin go raibh an faisean sin ag na “wild Irish”.

Is cosúil go raibh dul amú mór orthu mar gur seamsóg seachas seamróg a bhí na Gaeil a ithe.

Sa scéal sin Buile Shuibhne deirtear go ndeachaigh an Rí Suibhne as a mheabhair agus gur mhair sé mar dhíthreabhach sna coillte. Bhí an tseamsóg ar cheann de na plandaí a bhíodh sé a ithe.

Tá aithne agam féin ar bhean a dúirt gur ith sí an tseamsóg. Dúirt sí go raibh blas breá géar uirthi.

Cibé faoin teoiric faoi Shíle de réir teoirice eile bhí dhá Phádraig ann. 

Bhain Tomás Proinsias Ó Rathile croitheadh as an saol acadúil sa mbliain 1942 nuair a mheabhraigh sé gur tháinig Palladius chugainn i dtosach agus Pádraig ina dhiaidh sin. 

Mheas sé gur meascadh an bheirt acu in aon naomh amháin.

Ba é an Papa Celestine a chuir Palladius go hÉirinn. Tabhair faoi deara gur easpag a bhí ann. Sin le rá go raibh Críostaithe in Éirinn sular tháinig sé anoir.

Is cosúil go raibh sé pósta. B’fhéidir gur aigesean a bhí Síle.

Lena rá i mbeagán focal mar sin níorbh é Naomh Pádraig a thug an creideamh go hÉirinn agus d’fhéadfadh sé go raibh sé pósta!

Fág freagra ar 'An bhféadfadh sé go raibh Naomh Pádraig pósta?'

  • Séamas de Barra

    Freagra ag Séamas de Barra ar alt le Seosamh Ó Cuaig, ‘An bhféadfadh sé go raibh Naomh Pádraig pósta?’, tuairisc.ie, Lá Fhéile Pádraig, 2021.

    Tá fonn ar Sheosamh Ó Cuaig glacadh leis gur phós Pádraig Naofa, agus gur bhean arbh ainm di Síle a phós sé. Is cuid den seanchas é sin. Cuireann Seosamh i bhfáth gur bandia ba ea Síle, agus go ráineodh baint a bheith aicise le Síle na gCíoch.

    Níl aon teorainn le scéal breá, agus mar a deireadh Pádraig Ua Maoileoin, trócaire air: ‘ní ceart scéal breá a lot le loighic.’ Eachtraíonn Donnchadh Ó Corráin agus Fidelma McGuire gur Gaelú ar an ainm dílis Laidine Caecilia is ea ‘Síle’, agus gurbh iad na Sean–Ghaill a thug go hÉirinn an t–ainm [Gaelic Personal Names (Baile Átha Cliath 1981) lgh 165–166]. Samhain 22, Lá Fhéile Caecilia, an dáta ar feallmharaíodh John F. Kennedy. An bhfuil cruthú ar bith ann go raibh an t–ainm dílis Caecilia/‘Síle’ in Éirinn sa 4ú céad ná sa 5ú céad? Ba ó na Sean–Ghaill chomh maith a fuair na Gaeil na hainmneacha dílse, Se[a]án, Séamas, Siobhán, ainneoin cuma an fhíor–Ghaelachais a bheith orthu seo go léir. Is é is dóichí gur ó na Sean–Ghaill a fuair na Gaeil an t–ainm dílis ‘Seosamh’ féin. ‘Ioseph’ a bhíodh ann roimh theacht na Sean–Ghall. Ar aon chuma, i dtaobh Shíle, conas go bpósfadh duine daonna bandia?

    Ábhar sagairt faoin seanreacht, ní chaithfeadh sé gealltanas ná móid aontumha a thabhairt, go dtí go mbronnfaí an chéad cheann de Mhór–Ghrádha na Sagartachta air. Ní bhíodh cead ag fear pósta gealltanas ná móid aontumha a thabhairt, gan cead chuige sin a bheith faighte óna bhean aige, agus gan féachaint chuige nach mbeadh a gclann ar an ngannchuid dá ndéanfadh an t–ábhar sagairt a leithéid.

    Níl ach aon Eaglais Cheartchreidmheach amháin de chuid an Oirthir a thugann cead pósta do shagart ar baitsiléir é. Ní choisricfí sagart pósta ina Easpag in Eaglais Cheartchreidmheach ar bith de chuid an Oirthir. Ní foláir don Easpag a bheith ar aontumha ansiúd. Ba é Impire an Oirthir faoi deara dlí a dhéanamh d’fhir phósta a oirniú in Eaglais an Oirthir. Ba chun smacht a fháil ar an Eaglais a rinne an tImpire é sin. Faoin Impire a bhí an Eaglais Cheartchreidmheach, nuair ab ann d’Impirí ar Oirthear na hEorpa. Is é/í Monarc Shasana Ceann na hEaglaise Anglacánaí i Sasana. Rinne Impireachtaí ‘Caitliceacha’ Iarthar Eorpa, an Fhrainc agus an Spáinn, a ndícheall an bonn a bhaint ó dhílseacht na nEaspag don Phápa tar éis Chomhairle Thrionta i lár an 16ú céad. Sa lá atá inniu ann, is go heisceachtúil a d’oirneofaí fear pósta in Eaglais Chaitliceach an Iarthair. Cuir i gcás, uair um á seach, d’oirneofaí fear pósta ar seanduine é, san Eaglais Chaitliceach. Iarmhinistrí Protastúnacha atá iompaithe ina gCaitlicigh, is ceadmhach iad a oirniú ina sagairt Chaitliceacha, ach ní iarrtar orthu seo saol an phósta a thabhairt suas. Is paradacsa is ea é, ach is iad is naimhdí le pósadh na cléire san Eaglais Chaitliceach, mná na n–iarmhinistrí Protastúnacha ar oirníodh a gcuid fear ina sagairt Chaitliceacha. Ní áiríonn an tAontas Anglacánach ach 2 shacraimint a bheith ann. 7 sacraimint atá ag an Eaglais Chaitliceach. Is gnóthaí i bhfad a bhíonn an sagart Caitliceach ná a bhíonn an ministir Anglacánach.

    Dá réir sin, má phós Pádraig Naofa, níorbh fholáir dó pósadh sular bronnadh an chéad cheann de Mhór–Ghrádha na Sagartachta air. Agus ó b’Easpag é, chaithfeadh deireadh a bheith curtha aige féin, agus ag a bhean, le saol an phósta, i bhfad sular coisriceadh ina Easpag é. Chuir an Pápa Pól VI deireadh le Mion–Ghrádha na Sagartachta Lúnasa 15, 1972. Ainmníodh Pól VI ina naomh ó shin. Is é an trua gur chuir seisean deireadh leis na Mion–Ghrádha. Ní do gach uile dhuine saol na haontumha, mar a dúirt Críost féin; agus ba mhór an tairbhe don Eaglais trí chéile é dá mbeadh oiliúint san Fhealsúnacht, sa Diagacht, sa Bhíobla, agus i dTeagasc Sóisialta na hEaglaise [ó Leon XIII go dtí Eoin Pól II], ar ladhar mhaith tuataí. Níl ach 3 ghrádh sagartachta anois ann: grádh an Deochain, grádh an tSagairt, agus grádh an Easpaig. Ba iad grádha na sagartachta go traidisiúnta: Na 4 Mhion–Ghrádh –– Aistire [Doirseoir], Liachtóir, Eacsaircistí, Acalaí; agus na 3 Mhór–Ghrádh –– Suibdheochain/Fodheochain, Deochain, Sagart agus Easpag. Níor tosaíodh ar ghrádh an tSuibdheochain/an Fhodheochain a áireamh ina Mhór–Ghrádh go dtí an 12ú céad. Ina n–aon ghrádh sagairt amháin a d’áirítí grádh an tSagart agus grádh an Easpaig faoin seanreacht. Ní grádh sagairt ba ea an Chorann/Bearradh an Mhaoil [tonsure]. Chuir an Pápa Pól VI deireadh le Mór–Ghrádh an tSuibdheochain/an Fhodheochain chomh maith – ach i gcás Bhráithreachas Sagartúil Naomh Peadar, bráithreachas atá tiomanta don seanliotúirge, agus don Aifreann Laidine. Ba iad ministreachtaí an Liachtóra agus an Acalaí a bhí le seanfheidhmeanna an tSuibdheochain/an Fhodheochain a dhéanamh, ar an mórgóir, faoi shocrú Phól VI in 1972.

  • Seosamh Ó Cuaig

    An bhfuil bealach ar bith ann le Easpag a dhéanamh de Shéamas?

  • Séamas de Barra

    Freagra eile ag Séamas de Barra ar Sheosamh Ó Cuaig:

    Má chuireann Seosamh cogar i gcluais an Phápa Proinsias, cá bhfios?

  • S. Mac Muirí

    Grmma beirt a chairde. Is mór an gar thú a Shéamais le cíoradh a dhéanamh ar ábhar ar bith. Is cuimhin liom an litir bharrúil a sheol tú chuig ANOIS, nó a leathbhreac, na blianta ó shoin sa nGaeilg neamhchas a bhí molta le sinn go léir a shlánú ó ghalar na gramadaí gránna 😢 ag an am.
    Treise leat 7 libh.