An bhfanfaidh an baile seirbhíse Gaeltachta seo chomh Gallda agus a bhí sé le fada an lá?

Is é dualgas an stáit seirbhísí an stáit a bheith ar fáil i nGaeilge sa nGaeltacht ach teastaíonn acmhainní chuige sin

An bhfanfaidh an baile seirbhíse Gaeltachta seo chomh Gallda agus a bhí sé le fada an lá?

Bhí cruinniú ann an lá faoi dheireadh faoin aitheantas atá le tabhairt do bhaile an Chlocháin mar bhaile seirbhíse Gaeltachta. Ní raibh mé páirteach sa gcruinniú, ach de réir mar a chuala mé d’éirigh go maith leis. Dealraíonn sé gur cuireadh pointí tábhachtacha i láthair.

Tá dhá thuairim ann faoin mbaile seirbhíse seo. Ar thaobh amháin ceaptar gur smaoineamh fiúntach é agus ar an taobh eile meastar má tá airgead le caitheamh gur sa nGaeltacht féin is cóir é a chaitheamh. 

Ina cheann sin aríst nach é dualgas an stáit seirbhísí an stáit a bheith ar fáil sa nGaeltacht agus na seirbhísí sin a bheith i nGaeilge?

Is iontach go deo na leithscéalta a bhíonn ag lucht údaráis le seirbhísí den chineál sin a cheilt ar mhuintir na Gaeltachta.

Is cuimhin liom lá a raibh plé ar bun ag cruinniú de Chomhairle Chontae na Gaillimhe faoi fholúntas a bhí le líonadh in oifig na Comhairle ar an gCeathrú Rua.

Dúirt ardoifigeach de chuid na Comhairle go raibh deacrachtaí cumarsáide acu leis an oifig.

Chuir a chuid cainte lán mo chruite d’fhearg orm.

‘An dtuigeann tú,’ arsa mise, ‘go bhfuil iris Gaeilge á foilsiú ar an gCeathrú Rua chuile sheachtain, go bhfuil Raidió na Gaeltachta ag craoladh ar fud an domhain agus nach bhfuil TG4 i bhfad as láthair?’

D’athraigh sé a phort ansin agus thosaigh sé ag glagaireacht faoi chomh deacair agus a bheadh sé cainteoir Gaeilge a chur sa bpost.

Le filleadh ar scéal an Chlocháin, dhearbhaigh  Éamon Ó Cuív agus Mairéad Farrell aríst ar an gclár teilifíse  7 Lá go bhfuil sé de dhualgas reachtúil ar an stát seirbhísí i nGaeilge a sholáthar.

Is iad siopaí Aldi agus Lidl is mó ar fad a tharraingíonn daoine chun an bhaile. Sin dhá áit a gcloisfeá Gaeilge idir custaiméirí go minic. 

Cuireann daoine turas fada orthu féin le dhul ar thóir na margaí a bhíonn le fáil sa dá shiopa.

Ar ndóigh teastaíonn carr le dhul chomh fada leis an gClochán. Níl aon chóras bus ar fáil. Dá mbeadh thabharfadh níos mó  fós de mhuintir na Gaeltachta a n-aghaidh siar.

Ar an taobh eile eile den scéal,  ba mhór an buille a bheadh ansin ar na siopadóirí beaga taobh istigh den Ghaeltacht a mbíonn muid ag brath orthu ó lá go lá.

Dúirt siopadóir as an gceantar seo liom le gairid murach na daoine nach bhfuil aon charr acu go mbeadh uirthi féin a siopa a dhúnadh.

‘Dá mbeadh bealach taistil acu siar a ghabhfaidís agus ní thabharfainn milleán ar bith dhóibh mar go bhfuil Aldi agus Lidl in ann na hearraí a dhíol níos saoire ná atá mise,’ ar sise.

Tá seirbhísí riachtanacha eile sa gClochán le hais na siopaí. 

Seo cuid acu:

Dhá bhanc, tréidlianna, dochtúirí, radharceolaithe, péidiatraithe, ospidéal ceantair, ceanncheathrú Gardaí, leabharlann, marglann, ionad tástála carranna, ionad le scrúdú tiomána a chur ar dhaoine, linn snámha, óstáin, bialanna, oifig Chumann Capaillíní Chonamara.

Níl sé soiléir ar chor ar bith cén chaoi a bhfuil sé i gceist an Ghaeilge a chur á spalpadh sna hionaid agus sna hoifigí seo.

Dá bhféadfaí deontas a chur ar fáil le cainteoir Gaeilge amháin a fhostú i ngach ceann acu d’athródh sé an scéal go mór.

Ní tharlóidh sé sin faraor. Airgead beag – €80,000 sa bhliain – atá le caitheamh ar oifigeach pleanála teanga a fhostú agus plean teanga a chur i gcrích sna bailte seirbhíse Gaeltachta.

Seans maith nach mbeidh ann sa deireadh ach go gcuirfear suas roinnt fógraí ar fud an bhaile ag fáiltiú roimh an nGaeilge agus go bhfanfaidh an Clochán chomh Gallda agus a bhí sé le fada an lá.

Fág freagra ar 'An bhfanfaidh an baile seirbhíse Gaeltachta seo chomh Gallda agus a bhí sé le fada an lá?'

  • Seosamh Ó Cuaig

    Rinne mé dearmad mór amháin san alt seo faoin gClochán. Dúirt mé gur cheart go mbeadh seirbhís i nGaeilge san oifig leasa shóisialaigh ansin. Cuireadh ar mo shúile ar ball go bhfuil seirbhís den scoth i nGaeilge san oifig sin. Ghlaoigh mé ar an oifig. Gaeilgeoir ó dhúchas a d’fhreagair mé.

  • Rossa Ó Snodaigh

    Ná ligtear dósan tarlú. Tá na mílte cainteoirí sna cathracha agus deich n-oiread thar lear a bheadh lán-toilteannach filleadh chun maireachtáil ar an gclochán chun a bheith ar fáil chun seirtbhísí stát sholáthair ina dteanga féin.

  • Sin agat é

    Fanfaidh,.. ar scáth a ndéanfaidh an ‘stádas’ sin de dhifear.

  • Séamas Mac Coitir

    Sea, tá an ceart ar fad ag Seosamh Ó Cuaig. Ní tréad caora. Tá an galladachas i réim ar an gClochán le fada an lá agus níl ann ach deargamaidí a bheith ag súil go n-athróidh an stádas sin thar oíche. Tá na Gaeltachtaí ar fad faoi bhrú leanúnach ag an mBéarla ó gach aon taobh, agus de réir cosúlachta, ní fada nach mbeidh fágtha iontu ach “cúinne an ghiorria”. Mar sin, ní fada go mbeidh gach buille buailte agus an inneoin ina tost go deo!

    athródh an stádas sin thar oíche. Maidir leis na gaeltachtaí uile níl fágtha iontu anois mar a deirtear ach ‘cúinne an ghiarria’. Tá siad á gcreimeadh in aghaidh an lae ó gach taobh ag an mbéarlachas. Mar sin, ní fada go mbeidh gach buille buailte agus an inneoin ina tost go deo!

  • S. Mac Muirí

    B’fhiú súil a choinneáil ar an ngalltacht trí chéile, ina mbíodh na fianndúnta mar an Clochán, BÁC, Béal Feirste srl. 7 súil a choinneáil freisin ar na breac-Ghaeltachtaí laga. Tá na breac-Ghaeltachtaí laga réidh le haithris a dhéanamh ar iompar an chinsil ghallda, iompú teangadh san áireamh.
    Caithfidh aos óg gaelscolaíochta na gcathracha a thuiscint go bhfuil siadsan cinniúnach ar an mblár catha so. Tá an t-athrú ag brath orthusan. Caithfidh siad a bheith muiníneach, seasmhach 7 gníomhú go cliste idir seo agus 2030, mo léan.