An bhfágfaidh na vótóirí faoi na polaiteoirí glasa é an ghéarchéim aeráide a réiteach?

AN SAOITHÍN AERÁIDE: An leor an ‘tonn ghlas’ sna toghcháin chun ollchliseadh aeráide a chosc?

An bhfágfaidh na vótóirí faoi na polaiteoirí glasa é an ghéarchéim aeráide a réiteach?

Gan dabht, chuir torthaí thoghchán Pharlaimint na hEorpa agus torthaí na dtoghchán áitiúil in Éirinn lúcháir ar an Saoithín Aeráide. Cén fáth nach gcuirfeadh? Bhí ardú mór millteach ar an vóta glas agus ní dhearna lucht séanta na géarchéime aeráide (arb ionann iad agus an eite phobalach ar an bhfíordheis in go leor cásanna) dul chun cinn chomh mór agus a bhíothas a thuar. Mar sin féin, cúis imní a bhí i dtorthaí na dtoghchán don Saoithín Aeráide, leis.

Ar dhá chúis.

Ar an gcéad dul síos, níl na páirtithe glasa i ngiorracht de mhóramh a bheith acu (fiú leis na páirtithe a bheadh báúil leo) i bParlaimint na hEorpa ná i bhformhór Chomhairlí Contae agus Cathrach na Éireann; níl ann ach gur fórsa polaitiúil iad anois nach mbeifear in ann neamhaird a dhéanamh de. Ach an leor é sin chun na hathruithe dáiríre a bhfuil géarghá leo chun ollchliseadh aeráide a chosc a chur i bhfeidhm?

Ar an dara dul síos, bheadh faitíos ar an Saoithín Aeráide gurb í an réchúis a thógfaidh áit na himní faoi chúrsaí aeráide ba chúis leis an mborradh mór faoin vóta glas. Anois agus a gcuid vótaí caite, an bhfágfaidh na vótóirí glasa faoi na polaiteoirí glasa é an ghéarchéim aeráide a réiteach?

Ní mar sin a tharrthálfar an pláinéad seo. Ní athrú polasaithe amháin atá ag teastáil, ach athrú meoin.

Cinnte, tá freagracht ar leith ar na comhlachtaí móra truaillitheacha agus ní fiú cac an diabhail iad polaiteoirí glasa nach n-éileodh go n-íocfadh na comhlachtaí céanna as an gcostas a bhainfidh leis an dochar atá á dhéanamh acu don timpeallacht a chur ar ceal.

Ach tá freagracht ar an uile dhuine.

Ní dhíolfaidh déantóirí gluaisteáin a gcuid táirgí truaillitheacha mura mbeidh daoine sásta iad a thiomáint.

Thiocfadh laghdú suntasach ar an aschur CO2 dá n-éireodh daoine as aerthaisteal fánach.

Cinnte, ní fiú cac an diabhail iad dintiúirí aeráide rialtas a d’fhógródh ‘géarchéim aeráide’ lá amháin ach a dheimhneodh an chéad lá eile go leanfar ar aghaidh le tógáil an dara rúidbhealaigh ag Aerfort Bhaile Átha Cliath.

Ach ar an gcaoi chéanna, ní fiú cac an diabhail iad prionsabail an vótóra ghlais a bhainfeadh úsáid as carr chun a chlann a thabhairt chun na scoile nó a thógfadh eitleán go Manchain le breathnú ar chluiche peile leis na leaids nó go Malaga do chóisir sin na gcearc.

Fág freagra ar 'An bhfágfaidh na vótóirí faoi na polaiteoirí glasa é an ghéarchéim aeráide a réiteach?'