‘An bhfaca tú na pleanannaí, Mamaí?’

Ba léir go raibh cuid mhaith machnaimh déanta ag Beainín na Naíonáin Bheaga ar a plean ailtireachta

‘An bhfaca tú na pleanannaí, Mamaí?’

‘An bhfaca tú na pleanannaí, Mamaí?’ a d’fhiafraigh Beainín na Naíonáin Bheaga díom agus í ag síneadh buirlín páipéir chugam. ‘Ní fhaca fós,’ a dúirt mé.

‘Seo,’ a dúirt sí, ‘níl siad críochnaithe fós, caithfidh mé lookout a chur ar a bharr. ..ó, is ná bac leis na bananaí ninja, níl ansin ach sórt maisiúchán.’

Thóg mé an páipéar agus dhírigh mé amach é. Ba léir go raibh cuid mhaith machnaimh déanta ar an bplean.

Ní haon údar iontais é, mar go bhfuil sé  beagnach trí bliana ó thosaigh muid ag caint ar theachín spraoi a thógáil. Beidh an chéad fhód á iompú an deireadh seachtaine seo, má ligeann an aimsir dúinn.

‘An bhfuil aon jab agat domsa?’ a d’fhiafraigh Beainín na Naíonáin Bheaga d’fhear an tí aréir, ba aige a bhí jab an tsaoiste.

‘Bhuel, bhí sé chomh maith agam na toisí a thógáil,’ a d’fhreagair sé. ‘Faigh an téip ansin dom, is faigh peann luaidhe is faigh páipéar, maith a’ cailín.’ D’imigh sí á n-iarraidh.

‘Tá súil agam nach é an jab a thabharfaidh tú dom ná bheith i ngreim ar an bpáipéar,’ a dúirt sí nuair a tháinig sí ar ais.

‘Ehhhm,’ a dúirt fear an tí.

‘Is tá súil agam nach bhfuil tú ag súil go mbeidh mé i ngreim sa bpeann luaidhe ach an oiread,’ a dúirt sí ansin.

‘Ó,’ a dúirt fear an tí.

‘Déanfaidh mise an tomhas,’ a dúirt sí, ‘féadfaidh tusa é a scríobh síos.’

Leis sin, d’imigh sí amach ar chúl an tí agus a beirt chomrádaithe in éineacht léi.

‘Ar chuala tú riamh ‘tomhais faoi dhó agus gearr uair amháin?’ a d’fhógair sé  ina diaidh, ach ní cheapaim gur chuala sí é. Nó, má chuala, níor lig sí uirthi féin gur chuala.

Buíochas mór le Dia, níl fáil acu fós ar an sábh ná ar aon uirlisí cumhachta eile.

Ní fada nó gur tháinig sí ar ais agus an chéad toise tógtha. ‘Céad is a sé,’ a dúirt sí.

‘Cén áit atá tomhaiste agat?’ a d’fhiafraigh fear an tí, a raibh a ról mar shaoiste go mór i mbaol agus an chuma ar an scéal go raibh smacht caillte aige ar na hoibrithe.

‘Uaidh’n gcoirnéal go dtí an seid,’ a mhínigh sí, ‘breathnaigh, nach bhfeiceann tú ansin é ar na pleanannaí, Daidí.’ Shín sí a méirín amach is leag anuas í ar choirnéal de na líníochtaí a bhí maisithe go mion le bananaí ninja, pébí cén sórt rud iad sin.

‘Ar orlaí nó ceintiméadair atá agat,’ a d’fhiafraigh sé di agus mearú air. Bhí an saoiste nua ar a bealach amach an doras cheana féin agus fuadar na hoibre fúithi.

‘Na huimhreacha móra, Daidí,’ a dúirt sí siar thar a gualainn, ‘scríobh síos é, beidh mé ar ais théis soicind.’

‘Orlaí, is dóigh,’ a dúirt sé, is thosaigh sé ag scríobh.

Ní fada nó go raibh sí ar ais. ‘Caoga is a trí,’ a dúirt sí an iarraidh seo. ‘Nó, fan soicind, b’fhéidir tríocha is a cúig,’ a dúirt sí ansin agus beagán amhrais uirthi.

Ach ní raibh sí i bhfad nó gur tháinig a muinín ar ais chuici. Ní mór don saoiste cuma an údaráis a bheith uirthi i gcónaí.

‘Ceann nó an ceann eile acu, ar aon chaoi,’ a dúirt sí go lánchinnte agus chas sí amach ar a sáil arís i dtreo chúl an tí.   

‘Uimhreacha móra, nó uimhreacha beaga?’ a d’fhiafraigh sé di agus í ar a bealach amach. Ní raibh sé i bhfad ag teacht isteach ar an gcóras nua.

Fág freagra ar '‘An bhfaca tú na pleanannaí, Mamaí?’'