An bheirt Ghearóid a d’imir in aghaidh a chéile i gCorn Mhic Cionnaith ach a bhain clú amach ar pháirceanna an tsacair

Bhí Gerry McElhinney agus Gerry Armstrong ar an bpáirc i dteannta a chéile oíche mhór i stair shacar an Tuaiscirt

An bheirt Ghearóid a d’imir in aghaidh a chéile i gCorn Mhic Cionnaith ach a bhain clú amach ar pháirceanna an tsacair

Gerry Armstrong. Pictiúr: INPHO

Nuair a d’imir Doire agus contae Aontroma a chéile i mbabhta leathcheannais de chuid Choirn Mhic Cionnaith i dtús mhí na Bealtaine 1974 bhí beirt Ghearóid ag imirt in aghaidh a chéile a bhainfeadh clú amach ar pháirceanna an tsacair as sin go ceann dornán blianta.

Is ar Ghearóid Mac Labhraí Tréan Aontroma nó Gerry Armstrong is mó ar mhair a cháil. Mura mbeadh ann ach an iarracht a chuir sé i gcúl eangach na Spáinneach ag babhtaí ceannais Chorn an Domhain i 1982 ní dhéanfar dearmad choíche ó thuaidh air.

Ní raibh Gerry McElhinney ach ocht mbliana déag nuair a imríodh an cluiche sin i mBaile na Scríne – níos deireanaí an séasúr sin bhí sé ar fhoireann mhionúir Dhoire a d’imir i gCraobh Uladh agus an bhliain dár gcionn ar fhoireann na sinsear a bhuaigh craobh an chúige.

Ní bheadh aon bhréag a rá go mba eisean ba phaiteanta ó thaobh na peile gaelaí de – d’fhág a chuid imeartha i gCraobhchomórtas 1975 gur roghnaíodh ar fhoireann na All Stars é, an té ab óige a fuair a leithéid de ghradam ag an am.

Ba iad Áth Cliath a chuir deireadh le haistear Dhoire sa gcraobh sin nuair a scóráil Anton O’Toole cúl i ndeireadh na himeartha sa mbabhta leathcheannais agus na tuaisceartaigh chun cinn ag an am. Ba iad a chuir de dhroim seoil arís iad i gCluiche Ceannais na Sraithe 1976, bliain inar bhuaigh Doire Craobh Uladh den dara huair as a chéile, rud nach raibh déanta le deich mbliana roimhe sin.

Togha imreora sacair ab ea McElhinney freisin agus bhí suim sa dornálaíocht agus sa sacar aige – bhuaigh sé Craobh Uladh sa gcró. Chaith sé tamallacha ag imirt le Cláirsí na Finne, le Cathair Dhoire agus le Lios na gCearrbhach i sraitheanna na hÉireann agus faoin mbliain 1978 bhí socraithe aige tabhairt faoi shlí bheatha a bhaint amach as an gcluiche sin.

Cluiche eile in aghaidh Aontroma i gCorn Mhic Cionnaith i 1980 an ceann deireanach a d’imir Gerry do pheileadóirí Dhoire – go gairid ina dhiaidh shínigh sé conradh imeartha le Bolton Wanderers, áit a raibh Tony Dunne iar-imreoir de chuid na hÉireann agus Manchester United mar chóitseálaí.

Bhí Bolton díreach tar éis a n-áit sa roinn ab airde i Sasana a chailleadh an séasúr roimhe agus bhí de mhí-ádh ar McElhinney go dtáinig sé an bealach nuair a bhí na maidí ag dul le sruth. Fós chaith sé ceithre shéasúr ansiúd agus d’imir níos mó ná 100 cluiche dóibh. Ina dhiaidh sin chaith sé tamallacha le Plymouth agus le Peterborough.

Bhí sé 26 bliain nuair a fuair sé deis imeartha do Thuaisceart Éireann den chéad uair agus níor imir sé ar fad dóibh ach leathdhosaen cluichí.

Ar an lámh eile ní raibh Armstrong ach bliain agus fiche d’aois nuair a shocraigh seisean a dhul sa seans agus iarracht a dhéanamh slí bheatha a bhaint amach as a chumas peile – ba i mí Lúnasa i gCluiche Leathcheannais na hÉireann i dTrá Lí in aghaidh sárfhoireann Faoi 21 as Ciarraí ar a raibh Charlie Nelligan, Seán Walsh, Ogie Moran agus Pat Spillane a d’imir sé dá chontae sa bpeil ghaelach don uair dheireanach.

Go Tottenham Hotspur a chuaigh seisean ar tháille £25,000, tuairim a leath agus a fuair Tottenham nuair a dhíol siad tuaisceartach eile, Pat Jennings, le Arsenal dhá shéasúr dár gcionn – margadh maith ar dhuine de na báireoirí ab fhearr ar domhan, déarfá.

Chaith Armstrong cúig shéasúr le Spurs agus ardghean ag lucht leanta Spurs air mar scórálaí. Faoin am ar éirigh sé as i 1998 bhí imeartha aige do naoi gclub eile i Sasana agus do Real Mallorca sa Spáinn, tír inar chuir sé faoi agus inar shaothraigh sé a bheatha mar anailísí ag Sky agus ag ESPN nuair a bhí a chuid bróga caite ar an lochta aige.

D’imir Gerry Armstrong do Thuaisceart Éireann 63 uair ar fad, agus cuimhneofar go brách air mar gheall ar an gcúl údaí in aghaidh na Spáinne i gCorn an Domhain.

Ach bhí sé féin agus Gerry McElhinney ar an bpáirc i dteannta a chéile oíche mhór eile i stair shacar an Tuaiscirt – nuair a bhuaigh siad ar an Iar-Ghearmáin i mbabhtaí cáilithe Chraobh na hEorpa 1984.

Faoi dhó a rinne siad an gaisce in imeacht bliana, mar go mba acu a bhí an bua freisin ar Pháirc Windsor. Sa dara himirt bhí leath na foirne a bhuaigh Craobh na hEorpa (1980) agus a chuaigh chomh fada le babhta ceannais Chorn an Domhain an bhliain roimhe sin ar an bpáirc ag na Gearmánaigh – príomhscórálaí an chomórtais sin, Karl Heinz Rumminege san áireamh.

B’in í an oíche in Hamburg ar thug an bainisteoir Billy Bingham an chéad deis imeartha do McElhinney, rud a d’fhág go raibh ceathrar ar an bpáirc ag an Tuaisceart a d’imir i gCraobhacha CLG Uladh i ngrád éicint – an bheirt Gerry, Martin O’Neill agus an báireoir Jennings a d’imir i gCraobh na Mionúr do Chontae an Dúin.
Norman Whiteside a scóráil cúl an bhua.

Fág freagra ar 'An bheirt Ghearóid a d’imir in aghaidh a chéile i gCorn Mhic Cionnaith ach a bhain clú amach ar pháirceanna an tsacair'

  • Seán Mag Leannáin

    “Ach bhí sé féin [Gerry Armstrong] agus Gerry McElhinney ar an bpáirc i dteannta a chéile oíche mhór eile i stair shacar an Tuaiscirt – nuair a bhuaigh siad ar an Iar-Ghearmáin i mbabhtaí cáilithe Chraobh na hEorpa 1984.

    Faoi dhó a rinne siad an gaisce in imeacht bliana, mar go mba acu a bhí an bua freisin ar Pháirc Windsor. Sa dara himirt bhí leath na foirne a bhuaigh Craobh na hEorpa (1980) agus a chuaigh chomh fada le babhta ceannais Chorn an Domhain an bhliain roimhe sin ar an bpáirc ag na Gearmánaigh – príomhscórálaí an chomórtais sin, Karl Heinz Rumminege san áireamh.

    B’in í an oíche in Hamburg ar thug an bainisteoir Billy Bingham an chéad deis imeartha do McElhinney, rud a d’fhág go raibh ceathrar ar an bpáirc ag an Tuaisceart a d’imir i gCraobhacha CLG Uladh i ngrád éicint – an bheirt Gerry, Martin O’Neill agus an báireoir Jennings a d’imir i gCraobh na Mionúr do Chontae an Dúin.” An-spéisiúil go raibh an trasnú spóirt seo ann, i measc na gCaitliceach ar aon chuma, agus na Trioblóidí sa Tuaisceart faoi lán seoil ag an am. N’fheadar an bhfuil samplaí den trasnú céanna le fáil idir peil CLG agus an rugbaí ó thuaidh?