An bhean as Ros Muc a chuir Fraincis ar theachtaireacht na Chéad Dála.

Tá leacht ag Scoil Naomh Briocán i Ros Muc i gcuimhne ar Alice Ní Chonghaile a chuir Fraincis ar an teachtaireacht a chuir an Chéad Dáil ar fud an domhain i 1919

An bhean as Ros Muc a chuir Fraincis ar theachtaireacht na Chéad Dála.

Rinneadh ceangal eile le bunú Dháil Éireann 100 bliain ó shin nuair a nochtadh leacht i gcuimhne ar Alice Ní Chonghaile ag Scoil Bhriocáin ar an nGort Mór, Ros Muc, Dé Sathairn seo caite.

Ar an nGort Mór a rugadh Alice Ní Chonghaile sa mbliain 1895. Iníon a bhí inti le Pádhraic Ó Conghaile, an múinteoir scoile a thug Pádraig Mac Piarais go Ros Muc an chéad lá riamh.

Ba í Alice a chuir Fraincis ar an teachtaireacht a chuir an Chéad Dáil ar fud an domhain i 1919. Chuaigh sí ar thuras go Meiriceá i 1920. Ní dhéanadh sí mórán cainte faoin turas sin is cosúil ach tá daoine ann a chreideann gur ag stocaireacht ar son na Poblachta a chuaigh sí anonn.

Ba é Mícheál Ó Máille, Príomhoide na scoile anois, a chuir an ócáid chuimhneacháin i láthair. I measc an lucht éisteachta bhí beirt iníonacha le Alice, Philomena Uí Leathlobhair agus Máire Barnard, chomh maith le mac dearthára le Alice, John, a tháinig ann as Meiriceá.

Rinne Mícheál Ó Máille cur síos ar dtús ar shaol Phádhraic Uí Chonghaile. Thrácht sé ar an gcaoi a mbíodh Pádraig Mac Piarais sa teach aige féin agus ag a bhean Jane go dtí gur thóg an Piarsach an teachaín os cionn Loch Oiriúlach.

Is léir go ndeachaigh muintir Uí Chonghaile go mór i bhfeidhm ar an bPiarsach, go mór mór na gasúir. Bhunaigh sé cuid dá chuid scéalta ar eachtraí beaga a tharla dóibh. Mar a dúirt Colm Ó Gaora as Ros Muc ina leabhar Mise:

Tá Brídín, a bhfuil cur síos uirthi sa scéal sin ‘Bairbre’ ag déanamh oibreacha Dé i bhfad i gcéin ina bean rialta…tá an Gadaí ina fhear mór agus dearmad déanta aige ar an gcoir mhór a rinne sé ina óige…

Choinnigh an Piarsach ceangal dlúth leo go lá a bháis. I Ros Muc a bhí sé nuair a tugadh na gunnaí isteach go Beann Éadair. Tháinig sreangscéal chuig Pádhraic Ó Conghaile le tabhairt dhó. ‘Eggs arrived safely’ an teachtaireacht a bhí sa sreangscéal.

Dhóigh na Dúchrónaigh Tí Phádhraic Uí Choghaile tar éis luíochán Scríb i 1921. B’éigean dó a dhul ar a theicheadh ar feadh tamaill. Isteach Ti Sheáin Bhreathnaigh i gCill Bhriocáin a chuaigh sé den chéad iarraidh, an fear céanna ar bronnadh gradam ar a mhac, an tAthair Pádraig Breathnach, i Saimbia sa mbliain 1966 ar son a ndearna seisean sa bhfeachtas ar son saoirse na tíre sin.

Mhair an cairdeas idir muintir Bhreathnaigh agus muintir Uí Chonghaile ar feadh blianta. Ba mhinic deirfiúr an tsagairt, Póilín, ar cuairt chuig muintir Uí Chonghaile nuair a d’aistrigh siadsan go Baile Átha Cliath.

Bhí cairdeas den chineál céanna idir muintir Uí Chonghaile agus muintir Choilm Uí Ghaora. Ar ndóigh bhí ceangal láidir i gcúis na Poblachta idir an Gaorach agus an Conghaileach. Tamall de bhlianta ó shin díoladh ar chandáil i mBaile Átha Cliath sreangscéal a chuir Liam Ó Maoilíosa chuig an gConghaileach i 1922 ag rá leis go mbeadh sé i Ros Muc a leithéid seo de lá agus ag iarraidh air scéala a thabhairt don Ghaorach.

D’inis Philomena dhom ag an gcomóradh Dé Sathairn gurbh í deirfiúr Choilm Uí Ghaora , Saile, a bhí ina banaltra i mBaile Átha Cliath, a thug aire di féin nuair a buaileadh tinn í agus í ina gasúr. Bhí bábóg aici, a dúirt sí, agus Saile a bhaist sí uirthi.

B’aintín le mo mháthairse Saile Ní Ghaora.

Tá bród agus misneach dhaltaí an Ghoirt Mhóir spreagtha ag Mícheál Ó Máille leis an gceangal seo atá bunaithe aige le sliocht Phádhraic Uí Chonghaile. Is mór an chreidiúint dhó an comóradh atá sé a dhéanamh ar a mbaint le stair na hÉireann.

Eagraítear comórtas aistí sa scoil mar chuid den chomóradh. Is í Philomena Uí Leathlobhair a thugann breithiúnas orthu.

An imirce an téama a bhí acu i mbliana.

Dúirt sí go ndeachaigh an t-eolas a bhí sna haistí sin go mór i bhfeidhm uirthi.

Fág freagra ar 'An bhean as Ros Muc a chuir Fraincis ar theachtaireacht na Chéad Dála.'