An Béarla san Ísiltír agus liombó sóisialta na ex-pats…

Ní hionann a bheith i do chónaí i dtír agus a bheith in ann do ghnó ar fad a dhéanamh i mBéarla ann, agus a bheith i do chuid den phobal

An Béarla san Ísiltír agus liombó sóisialta na ex-pats…

Chaith mé an lá cheana ag spaisteoireacht timpeall chathair Amsterdam i gcuideachta cara liom ón mBrasaíl atá díreach tar éis bogadh go dtí an Ísiltír. Fuair a fear céile, ar ríomhchláraitheoir é, tairiscint phoist ó bhanc mór Ísiltíreach agus fearacht os cionn 22,000 Brasaíleach a d’fhág a dtír dhúchais ó tháinig an tUachtarán fíorchoimeádach Jair Bolsonaro i gcumhacht ag tús na bliana – ardú 100% ar fhigiúirí imirce na tréimhse céanna anuraidh – shocraigh mo chairde tabhairt faoi shaol nua ar an gcoigríoch.

Thug ár gcuid spaisteoireachta deis iontach dom léargas a fháil ar nósanna teanga san Ísiltír, mo thír dhúchais féin. Thabharfadh duine ar bith a bhí in Amsterdam, san Háig nó i Rotterdam le tamall de bhlianta anuas faoi deara gur gnáthrud é fógraíocht dhátheangach, in Ísiltíris agus i mBéarla, i mbialanna agus roinnt mhaith siopaí. Tá sé de cháil ar chroílár chathair Amsterdam go bhfuil sé de nós ag mórchuid freastalaithe labhairt le custaiméirí i mBéarla ar dtús, agus thug mé faoi deara, agus mé féin agus mo chara ag siúl trí cheann de na láithreacha is mó a mbíonn tóir orthu ag turasóirí sa chathair, an Vondelpark, gur fógraí i mBéarla amháin atá crochta suas ag comhairle cathrach Amsterdam ag impí ar chuairteoirí bruscar a thabhairt abhaile nuair a bhíonn na boscaí bruscair na páirce lán. Cuiridís tuilleadh boscaí bruscair sa pháirc, shílfeá an leigheas air sin, ach sin scéal eile – an dá rud a thuigfeá ó na fógraí sin i mBéarla amháin ná gur ar thurasóirí amháin atá siad dírithe, agus nach gcuireann fógraí aonteangacha i mBéarla isteach nó amach ar mhuintir na cathrach.

Agus is dóichí ná a mhalairt nach gcuireann. Leis na céadta bliain anuas, tá sé de nós ag muintir na hÍsiltíre, agus ag muintir Amsterdam thar aon dream eile, ligean do dhreamanna eile – bíodh siad ina nGiúdaigh ón bPortaingéil agus ón Spáinn, ina bPiúratánaigh as Sasana, ina n-imircigh eacnamaíocha ón Tuirc agus ó Mharacó, ina mic léinn ón tSín nó ina ríomhchláraitheoirí ón mBrasaíl – a saol a chaitheamh, cáin a íoc agus cur leis an ngeilleagar i gcoitinne gan teanga na tíre ar eolas acu. Sin ceann de na príomhchúiseanna, go deimhin, go bhfuil oiread tóir ar chathair Amsterdam ag ollchomhlachtaí idirnáisiúnta agus go mbeidh tuilleadh fós ag bogadh ann má théann an Breatimeacht ar aghaidh.

Ach ní hionann a bheith i do chónaí i dtír agus a bheith in ann do ghnó ar fad a dhéanamh i mBéarla ann, agus a bheith i do chuid den phobal. Léirigh scéal a d’inis mo chara ón mBrasaíl dom nach bhfuil athrú ar bith tagtha ar nós mhuintir na hÍsiltíre a dteanga féin a labhairt eatarthu féin beag beann ar dhaoine nach dtuigeann í a bheith i láthair.

‘Bhí mé féin agus m’fhear céile ag breathnú ar árasán a bhí muid ag iarraidh a fháil ar cíos i gcuideachta an cheantálaí agus úinéir an árasáin agus bhí Béarla níos fearr ag an mbeirt acu ná againn féin, ach cé gur labhair siad Béarla linne níor labhair siad lena chéile ach Ísiltíris.’

Ní raibh mise i láthair, ar ndóigh, ach thabharfainn an leabhar nach gliceas ba chúis le hÍsiltíriseoireacht na beirte sin ach nós teanga seanbhunaithe a fhágann go mothaíonn inimircigh san Ísiltír scoite amach ón bpobal go minic in ainneoin go gcuirtear ar a gcumas a saol ar fad a chaitheamh i mBéarla. Cé go bhfuil a gcuid Ísiltírise lán frásaí beaga Béarla ar nós nice! agus you know? bheadh sé mínádúrtha amach is amach do mhuintir na hÍsiltíre Béarla a labhairt lena gcomhthírigh go sóisialta.

‘Ní féidir liom fanacht go dtí go mbeidh mo chúrsa Béarla críochnaithe agam le go mbeidh mé in ann tabhairt faoin Ísiltíris,’ a dúirt mo chara ón mBrasaíl.

Fág freagra ar 'An Béarla san Ísiltír agus liombó sóisialta na ex-pats…'

  • Mick Barrett

    Trua nach ndéanfadh Gaeilgeoirí an rud céanna agus Gaeilge a labhairt le chéile beag beann ar aon duine eile atá ann agus nach bhfuil Gaeilge acu. In ionad sin, is é a mhalairt a tharlaíonn de ghnáth, agus má thosnaíonn ach duine amháin ag labhairt Béarla, athraíonn gach duine láithreach go Béarla!

  • Colin Ryan

    Is é an difríocht idir an dá scéal gur Ísiltíris atá ag formhór mór mhuintir na hÍsiltire mar theanga dhúchais ach nach bhfuil i lucht Gaeilge na hÉireann ach mionlach beag. Níl méid ná meáchan iontu mar phobal teanga agus ní thig leo iad féin a chur i bhfeidhm.