‘An baol ann’ go ndúnfar Aer Arann Islands – Ó Céidigh

Dar le Ó Céidigh gur ‘buille tromchúiseach’ do phobal Oileáin Árann atá i gcinneadh an Rialtais maidir leis an tseirbhís aeir

 

Pádraig Ó Céidigh Photo: RollingNews.ie
Pádraig Ó Céidigh.  Photo: RollingNews.ie

Deir úinéir Aer Arann Islands, Pádraig Ó Céidigh, go bhfuil “an baol ann” go mbeidh air an comhlacht a dhúnadh amach anseo cé nach bhfuil aon chinneadh déanta aige fós faoina bhfuil i ndán don tseirbhís aeir go hOileáin Árann. Sa chás go ndúnfaí é, chaillfeadh suas le dhá scór duine a bpostanna.

Ag labhairt dó le Tuairisc.ie, dúirt Ó Céidigh inniu nach raibh aon rud le rá aige faoin éileamh atá déanta ag an Seanadóir Trevor Ó Clochartaigh go dtabharfadh Roinn na Gaeltachta míniú ar cad ba chúis leis an gcinneadh conradh ceithre bliana a bhronnadh ar an gcomhlacht Executive Helicopters Ltd. chun seirbhís aeir go dtí Oileáin Árann a sholáthar. “Gnó do pholaiteoirí é sin nach mbaineann liomsa ach is é a cheart é mar pholaiteoir,” a dúirt Ó Céidigh.

Dar le Ó Céidigh gur “buille tromchúiseach” do phobal Oileáin Árann atá i gcinneadh an Rialtais agus go bhfuil sé féin “thar a bheith díomách” faoi.

Is ag Aer Arann Islands a bhí an conradh don tseirbhís aeir roimhe seo.

D’fhógair Aire Stáit na Gaeltachta, Joe McHugh, inné gurb iad Executive Helicopters Ltd. atá roghnaithe le seirbhís aeir a chur ar fáil do mhuintir Oileáin Árann agus cuirfidh an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta conradh i gcrích leis an gcomhlacht tar éis an 9 Meán Fómhair.

Ba í an Oifig um Sholáthar Rialtais a stiúir an próiseas soláthar poiblí a reáchtáladh chun tairiscintí a fháil don tseirbhís aeir. Faoin gconradh nua, cuirfear eitiltí fillte laethúla ar fáil ar héileacaptair idir na hoileáin agus Aerfort na Gaillimhe don tréimhse ón 1 Deireadh Fómhair 2015 go dtí an 30 Meán Fómhair 2019.

Ag labhairt dó ar an gclár Adhmhaidin ar RTÉ Raidió na Gaeltachta inniu, dúirt an fear gnó as Inis Meáin, Tarlach de Blácam, go bhfuil an cinneadh “dochreidte” agus go bhféadfadh “comhartha ceiste mór millteach” faoi ghnéithe éagsúla den tseirbhís nua a bheith ann agus “cé chomh minic is a bheadh sé ag ríocht”.

Dúirt de Blácam go bhfuil amhras air faoin méid a mhaígh duine de ‘shaineolaithe’ an chomhlachta Executive Helicopters Ltd. inné nuair a dúirt sé go bhféadfadh héileacaptar seirbhís a chur ar fáil fiú agus “cumhacht ghaoithe 55 míle san uair ann”.

Cheistigh de Blácam cumas héileacaptair an Gharda Cósta féin an méid sin a dhéanamh agus dúirt nach eol do mhuintir an oileáin aon seirbhís héileacaptair dá leithéid a bheith á cur ar fáil do phobail “ar aon oileáin ar chósta na hEorpa, go háirithe aon oileáin atá inchomparáide leis na hoileáin seo”. Dúirt sé gurb amhlaidh nár glacadh le héileacaptair sna tairiscintí a rinneadh san am a caitheadh.

Chuir muintir Árann tuarascáil chuimsitheach faoi bhráid na Roinne roimhe seo, a dúirt de Blácam, lena thaispeáint dóibh cé chomh tábhachtach is a bhí an tseirbhís eitleáin dóibh ó thaobh cúrsaí sóisialta, cúrsaí sláinte agus cúrsaí gnó. Bhí tábhacht ar leith ag baint leis an tseirbís mar gur thug sí deis do dhaoine, idir óg agus aosta, maireachtáil ar na hoileáin ó cheann ceann na bliana seachas ar feadh tréimhsí gairide. “Déanadh neamhaird ar an tuarascáil sin,” a dúirt de Blácam.

Fág freagra ar '‘An baol ann’ go ndúnfar Aer Arann Islands – Ó Céidigh'

  • Pádraig Ó Cíobháin

    Beartas thar a bheith náireach é seo. A thuilleadh loitiméireachta ar shaol phobail oileáin, sa chás so, ar mhaithe le Executive Helicopters, le caiteachas a ghearradh siar ar mhaith leis an bhfeacadh glún pholaitiúil go dtí na margaí casínochaipitileacha … Tarcaisneach, ní haon ní eile. Cúis eile dhomhsa máirseáil i mBleá Cliath ar an Satharn beag so … téanaíg a Árannaigh!!!