An baol ann go fóill go ndéanfaí an éagóir chéanna ar an nGaeilge is a rinneadh le linn na paindéime – An Coimisinéir Teanga

Deir an Coimisinéir Teanga, Rónán Ó Domhnaill, nach léir dó go bhfuil ceacht foghlamtha ón easpa seirbhísí agus eolais i nGaeilge a bhí ar fáil le linn na géarchéime Covid-19

An baol ann go fóill go ndéanfaí an éagóir chéanna ar an nGaeilge is a rinneadh le linn na paindéime – An Coimisinéir Teanga

Deir an Coimisinéir Teanga go bhfuil an baol ann i gcónaí go ndéanfaí an éagóir chéanna ar an nGaeilge is a rinneadh le linn na paindéime dá mbeadh éigeandáil eile ann.

Ag labhairt dó ag cruinniú de Choiste Gaeilge an Oireachtais inné, dúirt an Coimisinéir Teanga, Rónán Ó Domhnaill, nár léir dó go raibh ceacht foghlamtha ón easpa seirbhísí agus eolais i nGaeilge a bhí ar fáil le linn na géarchéime Covid-19.

“Is é an bhuairt atá orm ná go dtiocfadh na fadhbanna céanna chun cinn an athuair dá mbeadh éigeandáil eile ann de bharr easpa pleanála agus easpa práinne ó thaobh seirbhísí a sholáthar as Gaeilge.

“Ní léir dom fós go bhfuil fianaise sa chóras sláinte a léireodh foghlaim chórasach nó fonn comhsheasmhach freastal cóir a dhéanamh ar chearta cainteoirí Gaeilge chun seirbhísí sláinte ina rogha teanga oifigiúil.”

Mhaígh Ard-Rúnaí na Roinne Sláinte, Robert Watt, níos túisce i mbliana go raibh a roinn ábalta a gnó go léir a dhéanamh trí Ghaeilge, ach níor éirigh leis leagan Gaeilge den ráiteas inar dhein sé an maíomh sin a chur ar fáil do Theachtaí Dála agus Seanadóirí.

Dúirt Ard-Rúnaí na Roinne Sláinte, agus Paul Reid, Príomhfheidhmeannach an HSE, le coiste Gaeilge an Oireachtais i mbliana go rabhadar tiomanta a ndualgais reachtúla i leith na Gaeilge a chomhlíonadh

Mhaígh Watt go mbíonn an Roinn Sláinte ag scaipeadh comhairle sláinte phoiblí i nGaeilge “go rialta” ar na meáin shóisialta ach léirigh anailís a rinne Tuairisc ar chuntas Twitter na Roinne, nach raibh ach aon teachtaireacht amháin i nGaeilge seolta ag an Roinn Sláinte le mí roimhe sin.

I mí na Samhna seo caite ghabh an Roinn Sláinte “leithscéal ó chroí” as “éagóir” a dhéanamh ar an nGaeilge le linn na paindéime.

Fág freagra ar 'An baol ann go fóill go ndéanfaí an éagóir chéanna ar an nGaeilge is a rinneadh le linn na paindéime – An Coimisinéir Teanga'