An baol ann go bhfaighidh an Ghaeilge bás sa Ghaeltacht fad is atá ‘tvuíteanna deasa’ á gcur amach fúithi

Deir leascheannaire an Chomhaontais Ghlais Catherine Martin go bhfuil an cur chuige lochtach céanna ag an Rialtas i leith ghéarchéim na Gaeltachta is atá acu i leith ghéarchéim na timpeallachta

Tá an baol ann go bhfaighidh an Ghaeilge bás sa Ghaeltacht fad is atá Fine Gael ag cur tvuíteanna ‘deasa’ amach fúithi.

B’in cuid dá raibh le rá ag leascheannaire an Chomhaontais Ghlais Catherine Martin an tseachtain seo le linn na ráiteas do Sheachtain na Gaeilge sa Dáil.

Mhaígh Martin go bhfuil an cur chuige lochtach céanna ag an Rialtas i leith ghéarchéim na Gaeltachta is atá acu i leith athrú aeráide agus géarchéim na timpeallachta. Is amhlaidh an scéal, a dúirt sí, toisc nach bhfuil “polasaí cuí” acu le déileáil le ceachtar géarchéim agus toisc go bhfuiltear ag brath an iomarca sa dá chás ar “iarrachtaí pearsanta aonaracha”.

Dúirt Martin go raibh ardmholadh tuillte ag Leo Varadkar as iarracht a dhéanamh an Ghaeilge a fhoghlaim ach gur “cuma cé mhéad pop-up Gaeltachtaí a fhreastalaíonn an Taoiseach orthu” mura ndéantar “beart de réir briathair” i dtaobh polasaí teanga.

Dúirt sí gur “deas an rud” é go ndearna an tAire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta Josepha Madigan “cúpla focal a léamh dúinn chun Seachtain na Gaeilge a cheiliúradh” ach nár cheart dearmad a dhéanamh air gur thug an tAIre céanna le fios cheana nach raibh an Ghaeilge “tábhachtach go leor” le go bhfoghlaimeodh sí í.

Dar le Martin gur cuma cé mhéad “rudaí deasa” a “roinntear ar líne” faoin nGaeilge mar nach bhfuil “substaint nó tiomantas ann do chearta bunúsacha teanga agus do chaomhnú na Gaeltachta”. 

Mhaígh Catherine Martin gur beag airgead atá geallta don Ghaeilge agus don Ghaeltacht sa phlean forbartha náisiúnta i gcomparáid le réimsí caiteachais eile.

“Tá fáinne fí á chruthú ag an bpolasaí seo. Déantar níos lú infheistíochta sa Ghaeltacht, fágann an t-aos óg an Ghaeltacht ar thóir na ndeiseanna a thugann na cathracha dóibh, agus bíonn leithscéal ag an Rialtas seo níos lú infheistíochta a dhéanamh sa Ghaeltacht arís agus arís eile,” a dúirt sí.

Le linn na díospóireachta céanna sa Dáil do Sheachtain na Gaeilge, dúirt Aire Stáit na Gaeltachta Seán Kyne, go raibh an Rialtas tiomanta do chur i bhfeidhm na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge agus lándáiríre faoi.

Dúirt an tAire Stáit go raibh dul chun cinn go leor á dhéanamh maidir leis an bpleanáil teanga, polasaí oideachais na Gaeltachta agus plean gnímh an Rialtais don Ghaeilge. Dúirt sé go raibh méadú mór chomh maith ar bhuiséad caipitil Údarás na Gaeltachta i mbliana.

Fág freagra ar 'An baol ann go bhfaighidh an Ghaeilge bás sa Ghaeltacht fad is atá ‘tvuíteanna deasa’ á gcur amach fúithi'

  • Eoghan Ó Néill

    Adhmad inniu agus an choill go buan! Tá’n ceart ag Catherine Martin i dtaobh na teangan agus an dúlra. Is léir go bhfuil straitéis English-only i réim sa tír seo le tamall maith de bhlianta agus tá ag éirí go seoigh léi (bíodh go bhfuil a fhios againn mar phobal nach fíor-Anglos muid ar chor ar bith). Ach in aineoin sin tá cumas réasúnta gaeilge ag 15% de phobal na tíre. Dá labhródh siadsan gaelig lena gcuid páistí sa bhaile bheadh casadh taoide ann. Rud eile, ní chuireann an ghaelig sa teaghlach isteach ar chumas paistí teangachaí eile a labhairt ar chor ar bith.

  • TG Lurgan

    Tá cuid mhaith iarrachtaí fiúntacha á ndéanamh ag réimse leathan daoine ach tá an móiminteam fós go láidir i dtreo cúlú & imealú úsáid shóisialta na teanga i measc déagóirí.
    Thar am athaint gur iompar teanga na ndéagóirí an t-aon rud a chomhraíonn – gan iad tá an deireadh sroichte (mura bhfuil cheana fhéin). Má théann tú go Caernarfon ( Baile in aice le Holyhead ina gcónaíonn 10,000) – cloisfidh tú grúpaí ógánaigh faoin mbaile ag caint/comhrá go hoscailte i mBreatnais. Faraor, ní hé seo an cás ar an Spidéal, áit a fhreastlaíonn formhór déagóirí ChoisFharraige, i rith aon am den lá scoile. Níor léirigh Roinn na Gael./Údarás / Roinn Oid. riamh aon suim i spiorad, fiosracht & bród na hóige a mhuscailt. Seachas Roinn na Gaeltachta teastaíonn Roinn Iompar Teanga a thabharfadh tús áite don óige agus a dhéanfadh pé athrú/tionscnaíocht a theastódh chun rudaí a chasadh thart.

  • Sibéal

    Seachas a bheith ag tabhairt amach le linn “Seachtain na Gaeilge” cén polasaí Gaeltachta atá ag an bPáirtí Glas?
    Seo moltaí dearfacha don Ghaeltacht ó na coistí pleanála teanga
    https://teachtaniar.eu/imeachtai/an-phleanil-teanga-2018/

  • Léitheoir

    An ceart ar fad aici. Bíonn an fhírinne searbh!

  • Mairéad

    @T G Lurgan
    “Thar am athaint gur iompar teanga na ndéagóirí an t-aon rud a chomhraíonn”. Sin croí na ceiste.

    D’aithin cigiri ón Roinn Oideachais an fhadhb a luann tú i measc déagóirí ar an Spidéal i dtuairisc scoile sa mbliain 2014.

    “Ní thagann cleachtas laethúil na scoile maidir le húsáid na Gaeilge agus an méid atá
    le tuiscint i stádas oifigiúil na scoile mar scoil lán-Ghaeilge. ”

    https://www.education.ie/ga/Foilseach%C3%A1in/Tuairisc%C3%AD-Cigireachta-Foilseach%C3%A1in/Meast%C3%B3ireachta%C3%AD-ar-an-Scoil-Uile-Tuarasc%C3%A1lacha-Liosta/report5_IV_63130R.pdf

  • Dónall Ó Cnáimhsí

    Is gá le struchtúr leanúnach céimnithe
    ó na naíonraí tríd na bunscoileanna agus iarbhunscoileanna chun cainteoirí líofa Gaeilge a fhorbairt. Níl dúshlán ar bith sa churaclam ag an dara leibheal do dáltaí, mar sin níl aon bhród ná meas acu ar an teanga.

  • tg lurgan

    @Mairéad
    Ní hé gur cheart áit nó grúpa ar leith a lochtú mar go bhfuil an fhreagracht chéanna ar chuile dhuine i gCois Fharraige ach feictear dhúinn gur uailmhian réadúil é an t-aos óg a spreagadh / mhisniú agus gné úinéireachta / freagrachta a chothú. Ní hamháin nach bhfuil se seo ag tarlú ach ní fheictear dona Ranna & Quangos Stáit go mbaineann an cheist fiú leosan ar bhealach ar bith. Caitheann an stát chiste, go díreach nó go hindíreach, os cionn €100 milliún chuile bhlain ar thionscoil/earnáil na Gaeilge óna Forbacha – Cheathrú Rua. Is ar thuarastail formhór an chaithteachas seo. Fós fhéin tá failí á dhéanamh ar an ghné is lárnaí go mharthanas na teanga agus tá ag teipeadh go dona – go dona ar fad an tsíorchreimeadh a cheartú.
    Tá an meon “Business as usual” déistineach ach faraor sin é an t-aon phort ata á chasadh.