AN ARDTEIST: ‘Na tuartha mícheart ach na ceisteanna an-fhéaráilte’ – dearcadh na múinteoirí faoi Pháipéar 2 na Gaeilge

Is cosúil go rabhthas sásta go maith le Páipéar 2 i scrúdú Gaeilge na hArdteiste inniu, in ainneoin nárbh iad na píosaí litríochta is mó a bhíothas ag súil leo a bhí ar an bpáipéar

AN ARDTEIST: ‘Na tuartha mícheart ach na ceisteanna an-fhéaráilte’ – dearcadh na múinteoirí faoi Pháipéar 2 na Gaeilge

Cé nár tháinig an tuar ar an tairngreacht chomh maith is a tháinig le Páipéar 1 inné, bhíothas sásta go maith le Páipéar 2 i scrúdú Gaeilge na hArdteiste inniu.

“Bhí na tuartha mícheart ach bhí na ceisteanna an-fhéaráilte. Agus ní féidir tuar faoin Litríocht,” a dúirt John de Buitléir, múinteoir i nGaelcholáiste Luimnigh.

Mheas Mairéad Ní Fhátharta, Príomhoide agus múinteoir Gaeilge i gColáiste Naomh Eoin, Inis Meáin, nach mbeadh “mórán deacrachtaí” ag scoláirí Gaeltachta le páipéar an lae inniu agus dúirt sí go raibh a daltaí féin “sásta go maith arís inniu”.

Dúirt Gearóid Breathnach, múinteoir Gaeilge i Scoil Chlasaiceach Naomh Pádraig san Uaimh i gContae na Mí gur pháipéar “an-fhéaráilte” a bhí ann, cé nár tháinig ‘Gnáthrud’ aníos den chéad uair sa litríocht faoi mar a bhí á thuar go coitianta.

“Sin an fhadhb is mó a bheadh ag daoine, déarfainn, mar bhíothas cinnte go mbeadh an scéal san ann i mbliana, ach bhí na ceisteanna faoin Spailpín Fánach agus Cáca Milis féaráilte go maith, cé go raibh an ceann faoi Cáca Milis beagáinín aisteach mar gur iarradh orthu cén fáth nach mbeadh trua ag duine don charachtar Paul nuair a bheifí ag súil lena mhalairt mar cheist. D’fhéadfaí easaontú leis an gceist is dócha,” a dúirt Gearóid Breathnach.

D’aontaigh Mairéad Ní Fhátharta leis an tuairim sin agus dúirt sí go raibh níos mó “doimhnis sa cheist faoi Cáca Milis ná mar a bhreathnaigh sé ar an gcéad léamh ó tharla gur íobartach é Paul sa scéal agus gur ag cuartú na laigí ann atáthar sa cheist”.

Mheas John de Buitléir ó Ghaelcholáiste Luimnigh go raibh na ceisteanna faoi Cáca Milis “roinnte go deas” agus é sásta gur “tuairimí a bhí uathu, rud a thug deis don dalta aontú nó easaontú”.

Dúirt de Buitléir go raibh a scoláirí “fíorshásta” leis an bpáipéar trí chéile agus go raibh “ceisteanna deasa” ann faoin An Spailpín Fánach agus “ceist álainn” faoi An Triail.

B’fhéidir go gcuirfeadh an cheist faoi mheadaracht An Spailpín Fánach as do roinnt daoine, ach ceist éasca a bhí ann mar sin féin, a dúirt de Buitléir.

Bhíothas an-sásta leis na píosaí léamhthuisceana, a dúradh, cé gurb annamh a fheictear ceist ghramadaí faoi bhreischéim na haidiachta.

“Ceist í sin nár chonacthas ann le tamall ach bhí sé breá éasca le haimsiú,” a dúirt John de Buitléir.

“Páipéar álainn a bhí ann a thaitin le mo chuid scoláirí,” a dúirt fear Ghaelcholáiste Luimnigh.

Is cosúil mar sin go rabhthas sásta go maith le Páipéar 2 i scrúdú Gaeilge na hArdteiste inniu, in ainneoin nárbh iad na píosaí litríochta is mó a bhíothas ag súil leo a bhí ar an bpáipéar.

“An rud a thagann, tagann sé,” a dúirt Gearóid Breathnach, múinteoir Gaeilge i Scoil Chlasaiceach Naomh Pádraig san Uaimh.

Fág freagra ar 'AN ARDTEIST: ‘Na tuartha mícheart ach na ceisteanna an-fhéaráilte’ – dearcadh na múinteoirí faoi Pháipéar 2 na Gaeilge'