An ar phláinéad éigin eile atá Fianna Fáil ag cur fúthu?

Ní hé an dúshlán a bhaineann le Sinn Féin an fhadhb is mó atá roimh Fhianna Fáil ach an dúshlán a bhaineann le féiniúlacht nua a chruthú dóibh féin

An ar phláinéad éigin eile atá Fianna Fáil ag cur fúthu?

Ceannaire Fhianna Fáil, Micheál Martin. Pictiúr: RollingNews.ie

Nuair is mian leis na déithe daoine a mhilleadh is é a dhéanann siad ar dtús ná iad a chur ar mire.

Chuimhnigh mé ar an seanfhocal Gréagach sin nuair a léigh mé agallamh le Mícheál Martin, ceannaire Fhianna Fáil ag deireadh na bliana seo caite.  Dúirt an ceannaire nárbh fhada uainn an lá go mbeidís i gceannas ar rialtas na hÉireann.

Faoi láthair tá Fianna Fáil 11 pointe taobh thiar d’Fhine Gael sna pobalbhreitheanna, agus ní rabhadar chun tosaigh orthu ach uair amháin le hocht mí anuas.

Gan dabht tháinig borradh faoi Fhine Gael mar gheall ar a seasamh láidir in aghaidh na Breataine i dtaobh cheist na teorann sna cainteanna faoin mBreatimeacht, ach, mar sin féin, níl aon fhianaise ann go fóill go n-éireoidh le Fianna Fáil dul chun tosaigh ar a sean-naimhde. A mhalairt d’fhianaise atá ann, go deimhin.

Ní hamháin sin ach tá clóca an náisiúnachais á ghoid uathu freisin. Ní bhíonn an Tánaiste agus Aire Gnóthaí Eachtracha, Simon Coveney, ag béiceadh os ard nó ag déanamh gaisce mór, ach thug sé le fios go ciúin ag deireadh na bliana seo caite nach mbeadh aon ghlacadh le riail dhíreach ó Shasana dá dteipfeadh ar na hiarrachtaí an feidhmeannas ó thuaidh a chur ar bun arís. Dúirt sé go mba ghá sa chás sin comhdháil a bhunú ina dtógfadh an dá rialtas aon chinneadh a mbeadh baint aige le Comhaontú Aoine an Chéasta.

Ag an am céanna tá ionsaí eile ar siúl ag Fianna Fáil in aghaidh Shinn Féin agus an ceannaire ag fógairt anois nach gcuirfear iarrthóirí chun tosaigh i dtoghcháin an Tuaiscirt toisc go gcuirfeadh sé isteach go fóill ar na hAontachtóirí a leithéid a dhéanamh.

Tá an Tánaiste féin ag rá go gcaithfear iarracht a dhéanamh ‘droichead a thógáil’ chun teacht ar athmhuintearas leis an DUP, ach is cosúil gur cuma leis an dá pháirtí, Fine Gael nó Fianna Fáil, aon ‘droichead’ a thógáil ar mhaithe lena gcaidreamh le náisiúnaithe nó le Sinn Féin, an páirtí a vótálann formhór mór an phobail náisiúnaigh dó ó thuaidh.

Fágann an méid seo go bhfuil Fianna Fáil ag sodar anois i ndiaidh lucht na Léinte Gorma ní hamháin i dtaca le ceisteanna sóisialta agus eacnamaíochta ach i dtaca leis an gceist náisiúnta freisin. Go bunúsach, níl tada le rá acu ach a bheith síoraí i mbun ionsaithe ar Shinn Féin.

Ní hé nach cóir Sinn Féin a ionsaí nó aon difríochtaí ó thaobh polasaí a bheadh acu leis an bpáirtí sin a phlé go hoscailte, ach is cosúil nach bhfuil sna hionsaithe ach gothaí fhalang an fhaitís i bhFianna Fáil ag loiceadh ón dúshlán nua atá rompu.

Ach ní féidir filleadh ar an tseanré.  Agus ní hé dúshlán Shinn Féin an fhadhb is mó atá roimh Fhianna Fáil ach oiread ach an dúshlán a bhaineann le féiniúlacht nua a chruthú.

Go traidisiúnta sheas Fine Gael leo siúd a raibh airgead acu, agus sheas Fianna Fáil leo siúd ar theastaigh uathu  airgead a fháil, ach tá daoine sa dá pháirtí anois a bhfuil coinsias sóisialta acu, agus daoine ar chuma leo rud ar bith ach a saibhreas féin agus saibhreas a macasamhla.

Sea, is ar éigean go bhfuil difríocht idir an dá pháirtí sin anois.

Go traidisiúnta bhí Fianna Fáil níos náisiúnaí ná Fine Gael agus bhíodh níos mó de lorg shean-aisling na saoirse ag baint leo.  Ach anois tá Fine Gael ag labhairt amach níos mó faoin ngá seasamh le náisiúnaithe an Tuaiscirt, ag moladh dúinn ar fad Gaeilge a labhairt, agus mar sin de. Idir an dá linn, níl Fianna Fail ag labhairt faoi rud ar bith ach Sinn Féin.

Agus sin í an cheist a chaithfidh Fianna Fáil a fhreagairt: céard le haghaidh a bhfuil an páirtí ann, cén fhís atá aige don tír san am atá le teacht, is cén leigheas atá acu ar na fadhbanna soiléire atá faoi láthair againn.

Mura bhfuil freagra faoi leith ag Fianna Fáil ar na ceisteanna sin ní thiocfaidh siad slán sa bhfadtéarma ach mar chrann taca d’Fhine Gael, an ról céanna atá anois acu faoin socrú muiníne agus soláthair.

Cheana féin, ní léir go bhfuil an páirtí tarraingteach don aos óg, an dream is mó a thacaíonn le Sinn Féin. Is céard atá á dhéanamh ag Fianna Fáil faoi sin? Tá siad ag cloí leis na seandearcthaí sin a shásaíonn an dream atá níos sine – maidir le ginmhilleadh is eile.

Ní inniu nó amárach a imeoidh Fianna Fáil den saol, ach tá ag teip ar Mhicheál Martin mar cheannaire toisc nach bhfuil beart de réir a bhriathair á dhéanamh aige. 

Mhol sé don pháirtí filleadh ar fhréamhacha an radacachais ónar fhás siad, ach a mhalairt atá á dhéanamh aige. Tá sé faoi gheasa ag a iarracht mhístuama féin filleadh ar an bpolaitíocht mar a bhí sna seascaidí agus sna seachtóidí.

Fág freagra ar 'An ar phláinéad éigin eile atá Fianna Fáil ag cur fúthu?'