An ar mhaithe leis féin a bheidh coiste Dála Covid-19 ag crónán?

Bímis ag súil go ndéanfaidh an coiste Dála nuabhunaithe scrúdú agus iniúchadh ionraic ar an gcaoi a ndeachthas i ngleic leis an Covid-19

An ar mhaithe leis féin a bheidh coiste Dála Covid-19 ag crónán?

Tá coiste nua bunaithe i nDáil Éireann le obair an Taoisigh, na hairí rialtais agus na n-oifigeach sláinte atá ag obair ar an ngéarchéim Covid-19 a iniúchadh. Bunaíodh an coiste Dé Mairt – chaith siad trí huair an chloig i mbun cainte agus roghnaigh siad Cathaoirleach.

Tá sé tugtha le fios ag an gCathaoirleach, an Teachta Dála neamhspleách as contae an Chláir, Michael McNamara go mbeidh cruinniú acu Dé Máirt seo chugainn agus go bhfuil cuireadh tugtha don Phríomh-Oifigeach Leighis, Tony Holohan, agus Príomhfheidhmeannach Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte, Paul Reid, le fianaise a thabhairt os a gcomhair. Dúirt McNamara freisin, arb abhcóide é agus a bhfuil taithí aige ag obair le heagraíochtaí idirnáisiúnta, gur fearr leis go ndéanfaí an obair trí chomhréiteach. 

Ní ceart dearmad a dhéanamh air mar sin féin gur éirigh le Fine Gael, Fianna Fáil, an Comhaontas Glas, Páirtí an Lucht Oibre agus na Daonlathaigh Shóisialta teacht le chéile le cur in aghaidh ainmniúchán David Cullinane ó Shinn Féin mar chathaoirleach. Leide faoin gcomhthoil a bheidh sa Dáil nuair a bheidh rialtas againn ar deireadh thiar?

Ceaptar nach mbeidh mórán fad saoil ag an gcoiste seo ó tharla go bhfuil siad ag plé le ceist ar leith agus nach dteastaíonn 19 ball. D’fhéadfadh go mbeidís ag teacht salach ar obair choistí eile.

Ach iarracht atá ann, tá súil againn, scrúdú agus iniúchadh ionraic a dhéanamh ar an gcaoi a ndeachthas i ngleic leis an Covid-19. Bheadh súil againn ar fad freisin go mbeadh ceachtanna le foghlaim faoi na botúin a rinneadh.

Tá ceann de na botúin is mó – leathadh an ghalair sna tithe altranais – le bheith ar chlár an chéad chruinnithe Dé Máirt seo chugainn. Ina dhiaidh sin, pléifear tionscal na tógála. Céim shuntasach in athoscailt na tíre agus athbhunú na heacnamaíochta a bheidh in athoscailt an tionscail sin Dé Luain seo chugainn. Céim mhór ar gcúl a d’fhéadfadh a bheith ann freisin mura ndéantar ar bhealach freagrach é agus má scaipeann an víreas faoi luas in athuair. Beidh an coiste ag labhairt le hionadaithe ón tionscal agus ó cheardchumainn nuair a dhéanann siad iniúchadh ar an gceist seo.

Léargas a bheidh sa gceistiú a dhéanfar ar fhiúntas an choiste. An ar mhaithe le heolas a fhuascailt agus ceisteanna a iniúchadh a bheidh na baill? Nó an ar mhaithe le cláir oibre a gcuid páirtithe éagsúla a bheidh siad? Léirigh ceapadh an chathaoirligh gur féidir leis na páirtithe oibriú as lámh a chéile, nó, ag brath ar do dhearcadh, oibriú le chéile in aghaidh dreamanna ar leith.

Bheadh súil againn san am corrach aisteach seo go mbeadh an coiste ar mhaithe leis an leas poiblí agus go ndéanfar iniúchadh macánta ar féidir foghlaim uaidh. Caithfear smaoineamh i gcónaí, mar sin féin, go bhfuil muid i lár cainteanna comhrialtais agus gur ar mhaithe leis féin a dhéanann an cat crónán.

Fág freagra ar 'An ar mhaithe leis féin a bheidh coiste Dála Covid-19 ag crónán?'