An ann dáiríre do dhaoine a dhéanann subh sa mbaile?

Cé a chuirfeadh milleán orm dá gceapfainn gurb é an chaoi gur chum dream éicint an neach draíochtúil seo, An Subhadóir?

An ann dáiríre do dhaoine a dhéanann subh sa mbaile?

Cheap mé riamh nárbh ann, dháiríre, do dhaoine a dhéanann subh sa mbaile.

Sa lá atá inniu ann, ar aon chaoi. Ar ndóigh, ní fhéadfá aon locht a fháil ar an té a dhéanfadh iarracht ar an subh a dhéanamh siar aimsir ‘an drochshaoil’, nuair nach raibh crúscaí Chivers á ndíol ar chuile choirnéal, gan trácht ar Bonne Maman. 

Cé a chuirfeadh milleán orm dá gceapfainn gurb é an chaoi gur chum dream éicint an neach draíochtúil seo, An Subhadóir, ar mhaithe le héad agus féinamhras a chothú sa gcuid eile againn? 

An chéad dream a mbeinn in amhras fúthu as na bréaga seo a scaipeadh ná irisí saoil agus cócaireachta. Ní chuirfeadh sé aon iontas beo orm dá gcloisfinn gurb iad Food and Wine Magazine Better Homes a chur tús le miotas an tSubhadóra ar mhaithe le tuilleadh irisí a dhíol.

Bheadh amhras orm freisin faoi na daoine a dhíolann na ciorcail bheaga éadach guingeáim sin a fheiceann tú ar bharr na gcrúscaí suibhe a rinneadh sa mbaile. Nach ‘lean an t-airgead’, an chomhairle a bhíonn ag gach bleachtaire ar fiú trácht air?

Ach, is dóigh nach bréaga ar fad atá ann, mar ag an am seo den bhliain, chomh cinnte is go bhfeicfidh tú na fáinleogaí ag cruinniú don eitilt mhór ó dheas, feicfidh tú na Subhadóirí freisin, is a gcrúscaí beaga luachmhara ar iompar acu. 

Má bhíonn sé d’ádh ort aithne a chur ar dhuine de na neacha draíochta seo, beidh fuílleach suibhe agat mar gur dream fial flaithiúil iad na subhadóirí (é sin nó tá teorainn leis an méid suibhe atá duine amháin in ann a ithe sula gcuirfidh sé gráin orthu).


Ní hamháin go dtagann na subhadóirí amach as a leapacha dearga ag an am seo den bhliain, ach, mura mbeidh tú an-chúramach, tá baol mór ann laethanta seo an fhómhair go mbuailfeadh taom subhadóireachta duine ar bith againn. 

Is é an chéad chomhartha den ghalar ná an smaoineamh beag a bhuailfeadh duine nuair a d’fheicfidís sméara dubh ag fás ar na driseacha ar thaobh an bhóthair. Ar ndóigh, ní fhéadfá na sméara sin a úsáid, tá tú a cheapadh gur chuala tú in áit éicint gur cheart fanacht glan ar na sméara ar thaobh an bhóthair.

Ach breathnaigh, feiceann tú na ceanna móra súmhara istigh i lár na ndriseacha…

Má shocraíonn tú go dtiocfaidh tú ar ais lá arna mhárach agus buicéad agat, is b’fhéidir stól nó dréimire de chineál éicint, agus, miteogaí, abair, bhí sé chomh maith agat glacadh leis go bhfuil an galar buailte ort. 

Níl de leigheas air ina dhiaidh sin, faraor, ach lán an bhúit de sméara dubha a chruinniú, leathchéad siúcra a cheannacht, is briseadh isteach sa mbanc buidéal ar do bhealach abhaile ag iarraidh crúscaí. 

Fág freagra ar 'An ann dáiríre do dhaoine a dhéanann subh sa mbaile?'