An Anglo-Celt tugtha leo ag Tír Eoghain agus Muineachán curtha de dhroim seoil aris

TUAIRISC Ó PHÁIRC AN CHRÓCAIGH: Cé go ndearna Muineachán teacht aniar sa dara leath, ní raibh siad in ann an ceann is fearr a fháil ar Thír Eoghain i gcluiche ceannais Uladh

An Anglo-Celt tugtha leo ag Tír Eoghain agus Muineachán curtha de dhroim seoil aris

Tír Eoghain 0-16 Muineachán 0-15

Is iad Tír Eoghain a bheidh le Ciarraí i gcluiche leathcheannais na hÉireann faoi cheann coicíse agus Craobh Uladh tugtha leo acu i bPáirc an Chrócaigh tráthnóna. Pointe amháin a bhí le spáráil ag Tír Eoghain in aghaidh Mhuineacháin ag deireadh na himeartha agus iad tagtha slán in ainneoin teacht aniar iontach a gcéilí comhraic sa dara leath.

Bhí Muineachán cúig phointe chun deiridh ag leath ama tar éis dóibh taispeántas leamh go maith a thabhairt sa chéad 35 nóiméad. Bhí cuma i bhfad níos fearr orthu ó thús an dara leath. Bhí siad ar comhscór faoin gcúigiú nóiméad, ach d’imigh an ghaoth as a seolta ina dhiaidh sin.

Briseadh croí a bhí ann arís dóibh i gcluiche mór craoibhe in aghaidh Thír Eoghain agus Muineachán anois díbeartha ón gcraobh ceithre huaire ag an ndream céanna, in 2013, 2015, 2018 agus anois 2021.

Chuaigh imirt na gcúl báirí sa chluiche i bhfeidhm go mór ar dhaoine. Bhí Rory Beggan agus Niall Morgan ag brú suas ar chiceanna amach an fhreasúra agus cuireadh críoch spleodrach leis an gcluiche mar thoradh air sin. 

Bhí Morgan thuas gar do líne 21m Mhuineacháin ag tráth amháin agus é ag iarraidh imreoir a mharcáil agus ba bheag beag nár bhain tubaiste do Mhuineachán théis 68 nóiméad nuair a beireadh amach ar Beggan agus é agus é i lár na páirce. Ach rinne sé ar fheabhas ar fad chun dul sa tóir ar Mattie Donnelly agus an liathróid a bhaint dó nuair a bhí cúl cinnte ann do Thír Eoghain.

Cathal McShane (Tír Eoghain) le Killian Lavelle. Pictiúr: INPHO/Tommy Dickson

Agus an bhearna cúig phointe sin idir na foirne ag leath ama, bhí sé tábhachtach do Mhuineachán gurb iad a chuirfeadh tús níos fearr leis an dara leath agus b’shin díreach a tharla. Ní raibh ach 20 soicind imeartha nuair a scóráil Conor McCarthy chun an bhearna a laghdú agus ní raibh ach trí phointe idir na foirne go luath ina dhiaidh sin nuair a bhuail Rory Beggan cic saor glan thar an trasnán ó bhreis is 55m ón gcúl.

Cé gur scóráil Darren McCurry cic saor do Thír Eoghain chun faoiseamh a thabhairt dóibh, lean Muineachán lena mór-iarracht agus fuair Conor McManus (dhá chic saor), Colin Walshe (marc) agus Jack McCarron pointí chun iad a chur ar comhscór théis 49 nóiméad.

Caithfear ardmholadh a thabhairt do Thír Eoghain, áfach, mar d’éirigh le smacht a fháil ar chúrsaí arís. Bhí cúpla babhta cinniúnach ann nuair a tháinig Pádraig Hampsey, a bhí ar fheabhas agus é ag marcáil Conor McManus, agus Ronan McNamee amach chun tosaigh ar a gcéilí comhraic agus scóráil Cathal McShane, Peter Harte agus Darren McCurry pointí chun Tír Eoghain a chur trí phointe chun cinn gan ach deich nóiméad fágtha.

Scóráil beirt d’imreoirí lánchúil Mhuineacháin, Conor Boyle agus Kieran Duffy, cúilíní chun an farasbarr a laghdú arís agus bhabhtáil McCurry agus Conor McManus pointí i dtreo dheireadh an chluiche, ach ní raibh Muineachán in ann pointe an chomhscóir a fháil.

Beidh aiféala ar Shéamus McEnaney agus a chuid imreoirí go raibh siad chomh leamh sin sa chéad leath nuair a thug siad an buntáiste do Thír Eoghain.

Bhí na foirne cothrom go maith sa chéad deich nóiméad, Tír Eoghain 0-3 in aghaidh 0-2 chun tosaigh, ach bhí deiseanna á gcruthú níos éasca ag foireann Brian Dooher agus Feargal Logan.

Go hiondúil, bíonn an-ghearradh in imreoirí leathchúil Mhuineacháin, Ryan McAnespie agus Karl O’Connell go háirithe, ach bhíodar ciúin go maith san imirt sa chéad leath.

Bhí dhá phointe idir na foirne ag an sos uisce ach chríochnaigh Tír Eoghain an chéad leath i bhfad níos fearr. Bhí an triúr sa líne lántosaí, Conor McKenna, Darren McCurry agus Mattie Donnelly, go háirithe, ag imirt go maith agus bhuail Donnelly bob ar Conor Boyle chun pointe iontach a scóráil sa 26ú nóiméad.  Chuir Mark Bradley agus McCurry pointí eile leis chun cúig phointe a chur idir na foirne ag leath ama, bearna a bhí cinniúnach ar deireadh.

Tír Eoghain: N. Morgan; M. McKernan (0-1), R. McNamee, P. Hampsey (0-1); N. Sludden (0-1), K. McGeary (0-1), P. Harte (0-1); B. Kennedy, C. Kilpatrick; M. O’Neill, M. Bradley (0-2) , C. Meyler; D. McCurry (0-5, 0-2 ó chiceanna saora, 0-1 ó mharc), M. Donnelly (0-3, 0-1 ó chic saor), C. McKenna. Fir Ionaid: N. Kelly in áit M. O’Neill (17 nóim), C. McShane in áit B. Kennedy (45 nóim), D. Canavan in áit C. Kilpatrick (54 nóim), R. O’Neill in áit M. Bradley (65 nóim).

Muineachán: R. Beggan (0-2 ó chiceanna saora): K. Duffy (0-1), C. Boyle (0-1), R. Wylie; K. O’Connell, D. Ward, R. McAnespie; D. Hughes, K. Lavelle (0-1); S. O’Hanlon, A. Mulligan, M. Bannigan; C. McCarthy (0-2), J. McCarron (0-3, 0-1 ó mharc), C. McManus (0-4, 0-3 ó chiceanna saora). Fir Ionaid: S. Carey in áit A. Mulligan (30 nóim), N. Kearns in áit D. Hughes (Leath ama), C. Walshe (0-1 ó mharc) in áit K. O’Connell (leath ama), K. Hughes in áit S. O’Hanlon (54 nóim), A. Woods in áit C. McCarthy (62 nóim).

Réiteoir: David Gough

Fág freagra ar 'An Anglo-Celt tugtha leo ag Tír Eoghain agus Muineachán curtha de dhroim seoil aris'