An aistríonn an anailís sin is breá le húdair na Fraince go dtí an Ghaeilge go nádúrtha?

Is maith ann Barzaz chun úrscéalta a bhaineann le saol an lae inniu a chur ar fáil i nGaeilge nádúrtha agus an t-ádh leo aistritheoir chomh paiteanta le Máirín Nic Con Iomaire a fháil

An aistríonn an anailís sin is breá le húdair na Fraince go dtí an Ghaeilge go nádúrtha?

Na Ríthe Beaga
le Delphine de Vigan
Aistrithe ag Máirín Nic Con Iomaire Foilsithe ag Barzaz

Tamall blianta ó shin thug cara úrscéal cumhachtach le Delphine de Vigan dom a raibh mar théama aige an chaoi a ndéileálann teaghlach le duine den dream a bhí buailte ag easláinte intinne. Thuigeas uaidh sin an cumas atá ag an údar seo intinn chasta a cuid carachtar a ransú agus a léiriú.

An aistreodh an anailís sin is breá le Francaigh ar m’aithne go dtí an Ghaeilge go nádúrtha, an chéad cheist a bhí agam ar fheiceáil an leabhair dom. Níor chall an t-amhras, meallann Máirín Nic Con Iomaire muid ionas go síleann muid go fíorghairid gur i nGaeilge ba thúisce a scríobhadh an t-úrscéal.

Míthráthúil go leor tá trí ábhar á bplé sa leabhar seo a théann ó mheabhair agus ó spéis orm fhéin  – na meáin shóisialta agus andúil roinnt daoine iontu, bleachtaireacht agus teaghlaigh óga. Cuir leis sin go dtarlaíonn an chuid deiridh den úrscéal in 2031, agus drogallach go maith a smaoineoinn chomh fada sin chun cinn agus a bhfuil ag bagairt ar an gcruinne leochaileach seo faoi láthair.

Gan an scéal a mhilleadh ar an léitheoir, tá an chéad chuid suite i saol an lae inniu – clár réaltachta teilifíse mar shlí bheatha ina aisling ag daoine óga, na meáin shóisialta ina dtaifead ar shaol laethúil teaghlaigh atá á roinnt leis an saol mór agus an tionchar a bhíonn ag an ealaín sin ar an teaghlach céanna.

Máthair, a céile agus a mbeirt chlainne ag cur leagan idéalach ar fáil gan staonadh do na leantóirí cíocracha agus slí bheatha le saothrú air.

“Sceithire gan scrupall” é an ceamara sin agus bíonn éiric le híoc lena shásamh. Cé againn a bheadh buíoch dá ndéanfaí scannánú síoraí orainn fiú sa mbroinn agus dá dtaispeánfaí “an chéad chac ar an bpota” a rinneamar don domhan? Ceist eile cé mhéad fadhb atá ag an té ar spéis leis an t-éacht sin?

Nach é Stephen King féin a deir linn ag tús an leabhair: ‘Fuair muid an deis an saol a athrú ach roghnaigh muid an teilishiopadóireacht’.

Do dhallaráin mo shamhail fhéin tá mioneolas fada fadálach anseo ag cur síos ar an gcaoi a bhfeidhmíonn na meáin shóisialta, póilíní bleachtaireachta, teicneolaíocht aitheanta éadain is gutha nach dteastóidh ón nglúin a raibh siad ón mbroinn leo. Mhaithfinn féin a gceal do Delphine de Vigan. Sibhse ar gean libh Páras ná bígí ag súil le haon turais ar na Bateaux Mouches ná aon chaiféanna rómánsúla sa scéal seo, tá an saol fíorúil níos tábhachtaí ná boladh mealltach ‘marrons chauds’ na turasóireachta.

Agus muid leaindeáilte sa mbliain 2031 tá siondróm nua aitheanta – ‘homing’ a fhágann gur féidir linn saol a roghnú dúinn féin as na céadta rogha agus íoc as an gcainéal nó an tseirbhís a chruthóidh sin dúinn. Féadfaidh muid fanacht istigh inár nead ansin agus a bhfuil uainn a ordú go doras. Tá Annie Ernaux againn [agus Duais Nobel 2022 na Litríochta aici] lena mheabhrú dúinn go dtiocfaidh muid i dtaithí ar an saol nua sin “in achar chomh gairid sin leis an bhfón póca, an ríomhaire…”.

Thug mé an leabhar seo do bhean óg a bhaineann luach saothair as na meáin shóisialta. Lá arna mhárach fuair mé an teachtaireacht – ‘I bhfad i bhfad rófhada [355 lch], níl mo dhóthain ama agam lena léamh uilig ach tá buntáistí iontacha ag baint leis na meáin shóisialta freisin.’

Fuair sí le rá é – nár dhúirt foilsitheoir le déanaí go bhfuil an margadh ar líne thar cionn le leabhair a dhíol. Is cinnte gur feabhas ar an saol na meáin dhigiteacha ach amhail gach dea-rud tá siad ann nach maith a théann siad dóibh.

Nach iomaí uair an chloig de mo shaol caite agam fhéin agus mo smut sáite i leabhar agam agus seo anois mé ag déanamh iontais de dhaoine a dhéanann amhlaidh ar a bhfón, meán atá i bhfad níos cliste agus níos idirghníomhaí!

Tá daoine san úrscéal seo a bhfuil a n-andúil i ‘gean’ a gcairde fíorúla ag rialú a saoil féin agus saol a bpáistí agus don té a shantaíonn an seánra sin tá scéal bleachtaireachta ina lár. Mar bharr air sin b’fhéidir gur mhaith leat tairngreacht faoi 2031 a léamh?

Is maith ann Barzaz chun úrscéalta a bhaineann le saol an lae inniu a chur ar fáil i nGaeilge nádúrtha agus an t-ádh leo aistritheoir chomh paiteanta le Máirín Nic Con Iomaire a fháil le tabhairt faoi. Mura domsa an ceann seo ní á cheasacht sin orthusan atáim.

Fág freagra ar 'An aistríonn an anailís sin is breá le húdair na Fraince go dtí an Ghaeilge go nádúrtha?'

  • Amhairghin

    An t-aistriúchán liteartha is fearr atá léite agam riamh i nGaeilinn. Saothar eiseamláireach. Tá an ceart ag an léirmheastóir anso, cheapfá gur i nGaeilinn a scríobhadh an leabhar so an chéad lá riamh. Beidh an leabhar so mar ábhar machnaimh ag an léitheoir le tamall th’éis dó é a chríochnú.