An aimseoidh tú do ghrá geal ag Oireachtas 2014?

AG TÓGÁIL CLAINNE: Ní chreidfeá an líon pearsana aitheanta atá ar an saol inniu, a bhuíochas leis an Oireachtas sin agus gura fada buan iad. Spreag clár le hEibhlín Ní Chonghaile ár gcolúnaí chun machnamh ar chúrsaí grá.

Eibhlín Ní Chonghaile, RTÉ RnaGm a chuir agallaimh ar dhaoine le déanaí ar bhuail splanc an ghrá iad ag Oireachtas Chois Fharraige
Eibhlín Ní Chonghaile, RTÉ RnaGm a chuir agallaimh ar dhaoine le déanaí ar bhuail splanc an ghrá iad ag Oireachtas Chois Fharraige

Lá éigin le linn Oireachtas Chois Fharraige bhí mé ag éisteacht le Iris Aniar ar RTÉ RnaG agus mé ag útamáil thart ag seachaint obair an tí nuair a cheap mé gur chuala mé Eibhlín Ní Chonghaile ag cur agallaimh ar dhaoine a phós nó a thosaigh ag siúl amach le chéile ag an gcéad Oireachtas Chonamara, dhá scór bliain ó shin.

Cén rogha a bhí agam ach an cheirt a leagan uaim agus éisteacht i gceart leis an gcuid eile de na hagallaimh?

Ní chreidfeá an líon pearsana aitheanta atá ar an saol inniu, a bhuíochas leis an Oireachtas sin agus gura fada buan iad.

Meas tú faoi cheann dhá scór bliain eile an mbeidh agallaimh á gcur ar bhuíon eile ar buaileadh iad le splanc an ghrá ag Oireachtas Chois Fharraige 2014? Tá súil agam go mbeidh.

Tá deis eile an tseachtain seo d’éinne nár casadh a ghrá geal air i gCois Fharraige.

Féadfaidh siad bualadh síos go Cill Airne ar thóir an ghrá ag Oireachtas na Samhna. Beidh tuairim is 10,000 Gaeilgeoir cruinnithe le chéile. Bí cinnte go mbeidh duine nó beirt acu singil agus suim acu Gaeilgeoirí beaga a bheith acu.

Maidir le mo chuid Gaeilgeoirí beaga fhéin, rugadh buachaill beag dúinn ag tús an tsamhraidh. Tá siad ann a deireann gur iompaigh mé isteach i mo Irish Mammy an nóiméad a tháinig John ar an saol.

B’fhéidir go raibh peata Mhama ráite. Caint láidir, caint throdach go deimhin.

Diúltaímse don chaint sin. Admhaím gur crosacháinín é. Ach is é mo chrosacháinín é.

Nílimse ach ag rá gur mór an spórt an leaidín é agus le cúnamh Dé agus na Maighdine Muire go ndéanfaidh sé fear breá amach anseo do chailín deas éigin. Is dá dtarlódh sé go mba chailín deas Gaelach a bheadh inti…

Ach is fada uaim na laethanta sin go fóill is ní chuirfidh mé aon deifir leo.

Idir an dá linn, ní bheidh mé ag cur aon ladar sa scéal ná tada ach ní bheadh aon dochar b’fhéidir freastal ar Oireachtas nó dhó.

Beidh seomra teaghlaigh ag Tuismitheoirí na Gaeltachta ag Oireachtas na bliana seo ag a mbeidh picnic taobh istigh agus imeachtaí eile (gach eolas ar an leathanach Facebook acu).

Is cá bhfios nach mbeirfeadh dhá chrosacháinín greim ar an liga céanna ag picnic dá leithéid, nach mbreathnóidís isteach sa dá shúil ar a chéile is, lá breá éigin amach anseo, nach mbuailfí iad le splanc an ghrá?

Fág freagra ar 'An aimseoidh tú do ghrá geal ag Oireachtas 2014?'