An Afraic Theas ar thóir díoltais i gcluiche tábhachtach roimh Chorn an Domhain

Agus Éire agus an Afraic Theas le haghaidh a thabhairt ar a chéile i gCorn an Domhain an bhliain seo chugainn, cluiche tábhachtach é ceann an lae inniu I mBaile Átha Cliath

An Afraic Theas ar thóir díoltais i gcluiche tábhachtach roimh Chorn an Domhain

Pictiúr: INPHO/Dan Sheridan

Cé go bhfuil seacht gcluiche idirnáisiúnta á n-imirt an deireadh seachtaine seo seans gur sa gceann a bheas á imirt i Stáid Aviva tráthnóna inniu is mó a bheas suim ag an bpobal rugbaí domhanda ann.

Tabharfaidh an Afraic Theas, curaidh rugbaí an domhain faoi fhoireann na hÉireann, foireann atá ar bharr liosta foirne rugbaí idirnáisiúnta an domhain faoi láthair. Sa tríú háit ar an tábla céanna atá foireann na hAfraice Theas díreach taobh thiar de na Francaigh agus chun cinn ar an Nua Shéalainn agus Sasana.

Ní haon ábhar iontais stádas na hÉireann ar an liosta rugbaí domhanda a bhuíochas sin don dá bhua sin a bhí acu ar na hAll Blacks sa Nua Shéalainn cúpla mí ó shin, an chéad uair ar éirigh leo mór-uaisle rugbaí an domhain a chlaoi ina limistéar féin. Is fiú a mheabhrú gur chlaoigh an Afraic Theas na hAll Blacks (26-10) i mBabhta 1 den Rugby Championship, an comórtas idir foirne rugbaí an limistéir theas ach chinn orthu sin a dhéanamh arís seachtain ina dhiaidh sin i mBabhta 2 i gcluiche a chaill siad (35-23) ainneoin gur acu a bhí buntáiste an bhaile. Chinntigh an bua sin do na hAll Blacks gurb iad a d’ardaigh craobh an chomórtais leo le haon phointe amháin. Ní róshásta a bhí na Springboks leis an toradh sin!

Is fiú a mheabhrú freisin go gcasfaidh Éire agus na Springboks ar a chéile i réamhbhabhtaí chorn an domhain a bheas á imirt sa bhFrainc faoi cheann bliana. Is cinnte go gcuirfidh an tnúthán seo leis an gcoimhlint sin go mór le hócáid an lae inniu.

Ní iontas ar bith mar sin go bhfuil Andy Farrell ag cur a chéad rogha imreoirí chun páirce agus é ag iarraidh bua a chinntiú ní hamháin i gcluiche an lae inniu ach sa gcluiche intinne freisin. Mar is iondúil, beidh go leor ag brath ar stiúradh Johnny Sexton ar imeachtaí an chluiche gan trácht ar an seasfaidh paca tosaithe na hÉireann agus iad faoi shíor-ionsaí ó phaca atá ar cheann de na haonaid ochtar is mó agus is fisiciúla ar domhan faoi láthair. Ach rinne muid sin i gcoinne na nAll Blacks. Níl cúis ar bith ann nach féidir linn sin a dhéanamh arís agus muid sa mbaile. Is fiú a meabhrú gur thug muid gradadh 38 – 3 do na Springboks and babhta deireadh a d’imir siad sa Aviva I mí ns Samhain 2017. Beidh siad ar thoir dioltais.

Tá drogall orm toradh a thuar sa gcluiche seo. Níl de mhisneach agam ach a rá nach gcreideann imreoir ar bith gur cluiche dúshláin é seo. Tá i bhfad níos mó ná sin i gceist dóibh, áit ar an eitleán go dtí an Fhrainc faoi cheann bliana sa áireamh.

Bunchloch iontach d’aon chluiche!!

 

Fág freagra ar 'An Afraic Theas ar thóir díoltais i gcluiche tábhachtach roimh Chorn an Domhain'